Ón nGaeltacht go dtí an spás, is mó sin ábhar atá á bplé ag Daonscoil na Mumhan atá ar siúl faoi láthair i gColáiste na Rinne, Rinn ó gCuanach. Bhí Seán Ó Mainnín i láthair ag cuid de na himeachtaí do Tuairisc.ie
Róisín Nic Liam, Seán Ó Conaing agus Róisín Ní Chinnéide, Corcaigh
Daonscoil na Mumhan: Ranganna amhránaíochta le Áine Ní Fhiannúsa
Damhnait Ní Fhátharta, na hAille, Indreabhán ag Daonscoil na Mumhan
Micheál Ó Conghaile, Cló Iar-Chonnacht, ag tabhairt píósa cainte
‘Imigh leis an spás agus tiocfaidh sé thart’, léacht Ruth Nic Aibhne, Oifig Cumarsáide Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa san Ísiltír. In aice léi tá Annraoi de Paor, Uachtarán Dhaonscoil na Mumhan
Gearóid Ó Cearbhaill, duine de mheitheal ‘An Linn Bhuí’, iris Ghaeltacht na nDéise, a seoladh le linn na Daonscoile
Irene Ní Fhlanagáin, leaschathaoirleach Dhaonscoil na Mumhan, agus caint Sheáin Mhic an tSíthigh, iriseoir agus údar, á cur i láthair aici
Seán Mac an tSíthigh, iriseoir físe le Nuacht TG4 a labhair faoin téama ‘An Ghaeltacht: idir dhá shaol’.
John Evans, An Bhreatain Bheag, múinteoir Breatnaise trí Ghaeilge ag Daonscoil na Mumhan
Ó chlé: John agus Estelle Handy, Bucks, Pennsylvania agus Kaytria Stauffer, Philadelphia, ag freastal ar an Daonscoil
Vitaly Kovalchuk, Moscó, An Rúis, i mbun cainte
An tAthair Micheál de Liostún
Cáit Mhic Ionnrac, Baile Átha Cliath
An slua ag glacadh páirte sa díospóireacht
An t-amhránaí Ann Mulqueen
Deas sibh a fheiscint arís! Ag clárú le haghaidh na n-imeachtaí
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Cairde tagtha ó chian agus ó chóngar go dtí Daonscoil na Mumhan sa Rinn'
Donncha Seán Ó Maidín
Ag caint faoi spás, bhíos i nDún Caoin an céad uair a sroiseadh a gealach. Duairt fear ón mBlascaód, Seáinín Micil liom nár chreid sé é. “Dá mbeadh san fíor, bheadh deire leis an saol”
Bhí seachtain na Daoinscoile ar fheabhas ar fad. Bhí togha rud ag tárlú agus craic á bhaint as na himeachtaí go léir. Is iontach an rud daoine ó gach cúinne de’n domhan bheith ag caint agus ag seanchas i nGaeilge bhlasta líofa. Tugann sé sin misneach dúinn go léir an Ghaeilge a labhairt go laethúil pé áit ‘na bhfuileamar. Maith sibh,daoine mar Vitaly (ón Rúis) Akee (ón tSeapáin) agus an slua ós na Stáit Aontaithe a bhí ‘nar measc freisin agus a rinne éacht mar gheall ar a gcuid Gaeilge a labhairt.
Fáiltíonn Daonscoil na Mumhan roimh dhaoine ar bheagán Gaeilge mar is ann ata deis í a mhéadú agus a shnasú, le cáirde agus le cairdeas. Déan plean don bhliain seo chughainn bheith linn.
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Donncha Seán Ó Maidín
Ag caint faoi spás, bhíos i nDún Caoin an céad uair a sroiseadh a gealach. Duairt fear ón mBlascaód, Seáinín Micil liom nár chreid sé é. “Dá mbeadh san fíor, bheadh deire leis an saol”
Aine Ni Fhiannusa