Foireann ó Dhlí-Chumann na hÉireann a bhuaigh an cás ag Bhréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2018 a bhí ar siúl sna Ceithre Cúirteanna le déanaí
Buaiteoirí Bhréagchúirt Uí Dhálaigh 2018, Áine Haberlin agus Feidhlim Mac Róibín ó Dhlí-Chumann na hÉireann ag glacadh lena dtrófaí ó Phríomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin
Buaiteoirí Bhréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2018 ó Dhlí-Chumann na hÉireann, Feidhlim Mac Róibín agus Áine Haberlin (sa lár) in éineacht leis na breithiúna (ó chlé ), Majella Ní Thuama, Luan Ó Braonáin, A.S., agus Séamus Ó Tuathail, A.S., agus Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin
Ba iad Tommy Mac Diarmada agus Caoimhín Ó Ceallaigh ó Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath a tháinig sa dara háit ag Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2018. Sa phictiúr chomh maith táKate Kilcommins, mac léinn dlí ó Choláiste na hOllscoile agus Clár Ní Bhuachalla, Oifigeach Gaeilge Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath
Bhain an cás cúirte a pléadh ag Bréagchúirt Uí Dhálaigh i mbliana le conradh a briseadh agus iasacht airgid nár aisíocadh. Aighneachtaí béil fiche nóiméad agus trí nóiméad frisnéise a ceadaíodh do na foirne.
Áine Haberlin agus Feidhlim Mac Róibín ó Dhlí-Chumann na hÉireann lena ngradam
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2018 sna Ceithre Cúirteanna'