Cé gur thug Gaillimh neart le déanamh dóibh le linn chluiche ceannais an sraithe inné, bhí an bua ag Baile Átha Cliath i gcluiche ceannais Roinn 1 na sraithe inné le ceithre phointe. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
Is iad Baile Átha Cliath seaimpíní Roinn 1 na sraithe náisiúnta agus an acu bua le ceithre phointe, 0-18 in aghaidh 0-14, ar Ghaillimh i gcluiche ceannais an lae inné
Chuir foireann Jim Gavin tús maith leis an gcluiche ach níos thóg sé i bhfad ar Ghaillimh teacht ar ais agus Damien Comer ag imirt go maith sa líne lántosach
Ní raibh tada idir na foirne sa chéad leath sin agus iad ar comhscór ag leath ama, 0-8 an taobh.
Fuair Paul Conroy na Gaillimhe an-phointe sa chéad leath agus cuma na maitheasa ar fhir an iarthair
D’fheabhsaigh Baile Átha Cliath sa dara leath áfach agus bhí Gaillimh faoi bhrú acu
Cé nach raibh ach pointe idir na foirne agus deich nóiméad fágtha, bhí fir na príomhchathrach i gceannas agus Gaillimh buíoch de Ruairí Lavelle, a rinne sárshábháil ar iarracht ó Dean Rock.
Bhí fuinneamh Bhaile Átha Cliath le tabhairt faoi deara i dtreo dheireadh na himeartha ba iad a fuair na trí phointe deireanacha chun an tsraith a bhuachan don chúigiú huair le sé bliana anuas
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Baile Átha Cliath ina máistrí sa tsraith arís agus an lá leo in aghaidh na Gaillimhe'