GAILEARAÍ: Ardán na Cainte ag beirt scoláirí as Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua

Bhronn an Feisire Eorpach Maria Walsh duaiseanna ar scoláirí Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua Eimear Nic Dhonnchadha agus Eoin Ó Lupáin as a ngaisce cainte i nGaeilge i gcomórtas na hEorpa. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

An Feisire Eorpach Maria Walsh ag Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua chun a gcuid duaiseanna a bhronnadh ar Eimear Nic Dhonnchadha agus Eoin Ó Lupáin

 

A mhuintir is a chairde an-bhródúil as éacht Eoin. Bernie Uí Dhonnacha, Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire, Eoin Ó Lupáin, Maria Walsh, Bridie Uí Dhomhnaill, Lorraine Ní Lupáin, Emer Ní Lupáin, Martina Uí Lupáin agus Coleman Ó Lupáin

 

Muintir Eimear Nic Dhonnchadha an-bhródúil as a gaisce. An Comhairleoir Pádraig Mac an Iomaire, Ailbhe agus Eimear lena dtuismitheoirí Máirín Ní Ghadhra agus Séamus Mac Donnchadha agus an Feisire de chuid Fhine Gael Maria Walsh

 

Pobal Scoil Chuimsitheach Chiaráin réidh don cheiliúradh

 

Seán Mac Donncha, Príomhoide Scoil Chuimsitheach Chiaráin

 

An Feisire Maria Walsh, a rinne urraíocht ar thuras go Parlaimint na hEorpa, ar ais ar dhúchas a máthar i gConamara

 

Na cainteanna á n-aistriú beo go hÚcráinis do scoláirí ón Úcráin atá ag freastal ar an scoil

 

Bernie Kelly, Leabharlannaí Chontae na Gaillimhe

 

Máirín Ní Dhomhnaill, múinteoir Eoin agus Eimear

 

Eoin Ó Lupáin ag tabhairt an phíosa cainte a thuill gradam Europe Direct dó

 

Eimear Nic Dhonnchadha ag déanamh a píosa cainte

 

Bualadh bos speisialta óna raibh san halla don bheirt scoláirí

 

Úna Kelly, Bainisteoir Ionad Europe Direct, atá lonnaithe i mBéal Átha na Sluaighe ag déanamh comhghairdis leis an mbeirt bhuaiteoirí

 

Maria Walsh, Feisire Eorpach agus Úna Kelly, Bainisteoir Europe Direct, ag bronnadh duaiseanna ar Eimear Nic Dhonnchadha agus Eoin Ó Lupáin. Sa phictiúr chomh tá Seán Mac Donncha, príomhoide Scoil Chuimsitheach Chiaráin, an Comhairleoir Pádraig Mac an Iomaire agus an múinteoir Máirín Ní Dhomhnaill

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Ardán na Cainte ag beirt scoláirí as Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua'