GAILEARAÍ: An ghrian amuigh ag an bhféile ‘Cuimhniú Siar’ i Leitir Mealláin

Rinneadh ceiliúradh ar an seansaol iascaireachta ag an bhféile 'Cuimhniú Siar' ar lá álainn te Dé Sathairn i Leitir Mealláin i nGaeltacht Chonamara. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Na hiascairí tar éis teacht i dtír lena gcuid éisc

 

Súile an hóige ar an sean. Nora-Ann agus Eileen Sonny Choilm Learaí lena leanaí Orlaith Ní Ghionnáin, ar chlé, agus Iarlaith Micheál Ó Domhnaill

 

Nan McDonagh agus a hiníon, Barbara Ann, Callachulam

 

An damhsóir Gearóid Ó Droighneáin á scannánú

 

Gríosach dhearg na dtinte móna tar éis na cócaireachta

 

Máirín Uí Choisdealbha, Corr na Rón; Áine Lucas, Uachtar Ard; agus Mairéad Nic Con Iomaire, Casla

 

Manchán Magan agus Gearóid Ó Droighneáin

 

Bridget Teresa, Gearóid agus Petra Ó Conghaile

 

Jacinta O’Flaherty agus Bridget Barker, ar dheis, agus bláthanna á mbronnadh ar Bridget mar aitheantas as smaoineamh ar choincheap na féile don togra Baile Beag Smaoineamh Mór, a reáchtáil Gaillimh 2020

 

Ó chlé, ar chúl: Peggy Ní Mhaoláin, Mary M Uí Ghionnáin, Nora Ann Sonny, Orlaith Ní Ghionnáin, Oisín Ó Gionnáin, Eileen Sonny Choilm Learaí agus Iarlaith Micheál Ó Domhnaill. Chun tosaigh: Pádraig Seán agus Ciarán Ó Gionnáin

 

Gráinne agus Cóilín Ó Fátharta agus Pádraig agus Baba Uí Mhullaoidh

 

Fáilte á cur roimh chách go dtí Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin ag an staraí áitiúil agus fear an tí John Bhaba Jeaic Ó Conghaile

 

Na ceoltóirí Steve Sweeney, Willie Mahon agus Connie Patten

 

Séamus Mac Donnacha, RTÉ Raidió na Gaeltachta, a thug caint ar an eachtra Athghabháil Lastas an Julia

 

Eilín Peircín, bainisteoir Chomhar Chuigeal Teo, ag bronnadh an ghradaim Pearsa na Bliana 2021 ar Mháirtín Chóil Neaine Pháidín as Ráth Chairn

 

Maidhc Ó Curraoin ag bronnadh an ghradaim Pearsa na Bliana 2020 ar Pháraic Ó Conghaile

 

Aidan agus Pádraig Óg Ó Conghaile ar chlé, lena n-athair Pádraic agus Pádraic Reaney

 

Ó chlé: Mike Poppy Mac Donnacha, Bairbre Áine Nic Dhonnacha, Micheál Antaine Ó Maoláin, Máire Áine Ní Chlairigh agus Maidhcil Mhaidhc Johnny Ó Maoláin

 

Ceol binn Ceann Gólaim

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: An ghrian amuigh ag an bhféile ‘Cuimhniú Siar’ i Leitir Mealláin'