Den dara huair le mí tá Craobh na hÉireann buaite ag foireann ón gCeathrú Rua, Conamara. Ba iad na peileadóirí is túisce a bhí ag ceiliúradh nuair a thug siad Craobh na hÉireann leo abhaile ó Pháirc an Chrócaigh. Seachtain ina dhiaidh ba iad foireann Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua a bhain craobh na sinsear i gComórtas Díospóireachta Uí Chadhain Gael Linn a bhí ar siúl in Óstán an Westgrove, Claonadh, Co Chill Dara le déanaí. Ba iad foireann Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, a bhuaigh craobh na sóisear. PIctiúir: Seán Ó Mainnín
Foireann Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe a bhuaigh Craobhchomórtas Díospóireachta Uí Chadhain na Sinsear in Óstán an Westgrove, Claonadh, Co Chill Dara an tseachtain seo caite. Sa phictiúr tá na scoláirí Neans Nic Dhonncha, Eimear Nic Dhonnchadha agus Caoimhe Ní Chuinn agus a múinteoir Máire Ní Fhéinidh. Ar chlé tá Séin Ó Muineacháin, TD de chuid Fhianna Fáil agus aoichaothairleach agus, ar dheis, Mairéad Ní Thiománaigh, Bainisteoir Riaracháin agus Cumarsáide, agus Réamonn Ó Ciaráin, Príomhfheidhmeannach, Gael Linn
Buaiteoirí Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain na Sóisear 2025 Diarmuid Mac Réamoinn, Cuán Canny agus Clíodhna Ní Neachtain ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co na Gaillimhe. Sa phictiúr chomh maith tá Séin Ó Muineacháin, Mairéad Ní Thiománaigh, Bainisteoir Riaracháin agus Cumarsáide, Gael Linn agus Réamonn Ó Ciaráin, Príomhfheidhmeannach
Luisne Ní Mhonacháin, Sadhbh Ní Dhuinn, Orla Ní Fhearghail agus Anna Ní Dhubhda, Coláiste Pobail Ráth Chairn, Co na Mí, a ghlac páirt i gComórtas Díospóireachta Uí Chadhain na Sinsear. Sa phictiúr leo tá Orla Ní Cheallaigh, múinteoir, agus Séin Ó Muineacháin. Ar dheis tá Mairéad Ní Thiománaigh, agus Réamonn Ó Ciaráin
Foireann shinsir Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Tomás Ó Neachtain, Ella Ní Dhomhnaill, Caoilte Canny agus Ruadhán Ó Fátharta a ghlac páirt i mbabhta ceannais Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain.
Aoife Ní Ghiolláin, Aoibh Scollard, Aoibhinn Nic Shiacais agus Emily Ní Chearúil, Coláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair a ghlac páirt i gComórtas Díospóireachta Uí Chadhain na Sinsear
Neil Ní Mhainín, Gearóid Ó Maoilchiaráin agus Seán Ó Fátharta. Coláiste na bPiarsach, Ros Muc, a ghlac páirt i gComórtas Díospóireachta Uí Chadhain na Sóisear
Nathan Mac Cionna, Saorlaith Nic Cionna agus Neasa Ní Giolla Seanáin, Coláiste Oiriall, Cnoc an Chonnaidh, Co Mhuineacháin, a ghlac páirt i gComórtas Díospóireachta Uí Chadhain na Sóisear
Éabha de Búrca, Tríona Nic Roibeárd agus Caoimhe de Búrca., Gaelcholáiste an Phiarsaigh, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath, a ghlac páirt i gComórtas Díospóireachta Uí Chadhain na Sóisear
Neasa Ní Giolla Seanáin, Coláiste Oiriall, Cnoc Chonnaidh, Co Mhuineacháin
Cuán Canny, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal
Saorlaith Nic Cionna, Coláiste Oiriall, Cnoc an Chonnaidh, Co Mhuineacháin
Séin Ó Muineacháin TD
Príomhfheidhmeannach Gael Linn Réamonn Ó Ciaráin ag labhairt
Na moltóirí: Máirín Uí Mhuirí, Seosamh Ó hÉanaí, Liam Mac a’ Mhaoir, Pádraig Ó hAiniféin, Áine Hensey, Sinéad Ní Mhaidín
Liam Mac an Mhaoir, duine de na moltóirí, ag fógairt na mbuaiteoirí i gcraobh na sóisear
Gliondar ar fhoireann Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, buaiteoirí sa chraobh shóisir
Foireann Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, ag ceiliúradh a mbua lena múinteoir Tríona Uí Mhurchú
Tomás Ó Cadhla, Bainisteoir Náisiúnta na Scéimeanna, Gael Linn
Tomás Ó Neachtain, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal
Aoibhe Scollard, Coláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair, Co Bhaile Átha Cliath sa chomórtas sinsir
Sadhbh Ní Dhuinnín, Coláiste Pobail Ráth Chairn
An moltóir Áine Hensey ag fógairt bhuaiteoirí chomórtas na sóisear
An bua ag foireann shinsir Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua.
Lucht tacaíochta fhoireann shinsir na Ceathrún Rua ag ceiliúradh a mbua i gComórtas Díospóireachta Uí Chadhain Sinsir
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: An Cheathrú Rua ina seaimpíní ar Éirinn arís agus comórtas díospóireachta Gael Linn buaite ag Scoil Chuimsitheach Chiaráin'
Jimmy Smyth
Fair play d’fhoireann An Cheathrún Rua
Ach ceist agam ar Gael Linn – an bhfuil samhlaíocht ar bith san eagraíocht? Na sean rudaí céanna ar siúl. Bhí seo ann nuair a bhí mise ar scoil 30 bliain ó shin. Ná luaigh Siansa ná Mise Gráinne. Cad iad na scéimeanna a thugann spreagadh do mhúinteoirí an dara leibhéal. Tá an teanga ag fáil bháis ag an dara leibhéal ó thuaidh agus faoi bhrú ó dheas. Cad é atá GL ag déanamh tabhairt faoi na dúshláin agus tacú leis na múinteoirí
An Teanga Bheo
Maith sibh go maire sibh iontachar fad …….siar leis an gcorn
Jimmy Smyth
Fair play d’fhoireann An Cheathrún Rua
Ach ceist agam ar Gael Linn – an bhfuil samhlaíocht ar bith san eagraíocht? Na sean rudaí céanna ar siúl. Bhí seo ann nuair a bhí mise ar scoil 30 bliain ó shin. Ná luaigh Siansa ná Mise Gráinne. Cad iad na scéimeanna a thugann spreagadh do mhúinteoirí an dara leibhéal. Tá an teanga ag fáil bháis ag an dara leibhéal ó thuaidh agus faoi bhrú ó dheas. Cad é atá GL ag déanamh tabhairt faoi na dúshláin agus tacú leis na múinteoirí
An Teanga Bheo
Maith sibh go maire sibh iontachar fad …….siar leis an gcorn