Mar chuid de chomóradh 50 bliain Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, bhí teacht le chéile do chuile dhuine a bhí ag plé le díospóireachtaí ann le 50 bliain. Tá an scoil páirteach i ndíospóireachtaí Ghael-Linn ón gcéad lá riamh agus bhí an-rath riamh ar SCC agus dhá chraobh na hÉireann buaite i mbliana féin acu. Pléadh an rún 'Bhí sé níos éasca ag an seandream!' agus bhí neart cainte ag óg agus ag an dream atá óg ina meon agus ina gcroí!
Jamie Ó Tuama agus Niamh de Búrca, Gael Linn in éindí le Máirín Ní Dhomhnaill, ceann feadhna na bhfoirne díospóreachta sa scoil agus príomhoide na scoile, Seán Mac Donncha
Stiofán Ó Flatharta, An tSr Nuala Courtney, Máiréad Nic Con Iomaire agus Nóra Ní Chonghaile
Breandán Ó hEadhra agus Síle agus Rónán Mac Con Iomaire
Séamus Ó Conchubhair, Máirtín Ó Conghaile, iar-phríomhoide, Seán Mac Donncha, Máire Bean Uí Ghaora, Peadar Mac An Iomaire agus Gráinne Nic an Bhaird. Rinne Máire urraíocht ar na plaiceanna i gcuimhne a céile Jeaicí, a bhíodh ag múineadh sa scoil agus a raibh a chroí sna díospóireachtaí agus sna daltaí
Peigí Ní Chonghaile agus Bairbre Ní Fhátharta
Iarscoláirí agus lucht díospóireachta na scoile le leathchéad bliain ar ais go sásta ag an tseanscoil
Moltóirí SCC agus Craobh na hÉireann acu ar fad: Seosamh Mac Donncha, Caoimhe Seoige, Christina Nic Dhonnchadha agus Clíona de Bhailís
Shauna Seoighe a bhuaigh Craobh na hÉireann i mbliana ag mealladh an lucht éisteachta go paiteanta lena cumas cainte agus argóna
Máiréad Nic Con Iomaire a bhuaigh Craobh na hÉireann i 1972 agus pictiúr ón ré sin aici le tacú lena cuid argóintí agus le mionsciortaí agus spreangaidí na seachtóidí a ‘spáint
Evan Ó Gríofa, Craobh na hÉireann agus a theanga bhinn bhlasta ar a thoil aige
Nóra Ní Chonghaile as Loch an Iolair a ghnóigh Craobh na hÉireann i 1972 agus a tháinig anall as Londain le dúshlán fhoireann 2016 a thabhairt
An lucht féachana faoi gheasa ag líofacht agus abarthacht na gcainteoirí
Nach diabhlaí an ceann é sin! An greann ina chuid den bhéiléiste blasta
Brian Mac Donncha, Craobh na hÉireann 2016 agus an chaint bainte aige den slua lena chumas cainte
Stiofán Ó Flatharta, Craobh na hÉireann 1972 agus é ag cur síos go barrúil ar chuid de na heachtraí a bhain leis an saol sin
Caint, cairdeas, comhrá agus cuimhní á roinnt go suáilceach i halla SCC
Cathaoirligh agus lucht eagraithe na hócáide, Áine Ní Chualáin, Cliodhna Bhreathnach, Máirín Ní Dhomhnaill agus Seán Mac Donncha
Clíona Ní Laoi, Craobh na hÉireann agus cumas cainte a mheallfadh freasúra dá dhoicheallaí
Pól Mac Donnchadha, Máire Uí Eidhin, Seosamh Mac Donncha, Bríd Ní Mháille, Bairbre Ní Fhlatharta, Bairbre Ní Fhátharta agus Peigí Ní Chonghaile. Ghlac Máire leis an bplaic thar ceann a deirféar, Caitríona Ní Oibicín atá ar shlí na fírinne
Rónán Mac Con Iomaire, Cathy Ní Ghabháin, Bríd Uí Lochlainn, Lorraine Uí Shé, Seán Mac Donncha, Neasa Nic Dhonnchadha agus Breandán Ó hEadhra
Mná cumasacha Chraobh na hÉireann: Gráinne Ní Lochlainn, Clíona de Bhailís, Orlaith Ní Mheachair, Caoimhe Seoige, Christina Nic Dhonnchadha agus Mary Ellen Ní Fhátharta
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: 50 bliain díospóireachta i Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua'