GAILEARAÍ: 350 lúthchleasaí seolta chun bóthair ag Micheál Ó Muircheartaigh ar Inis Meáin

An craoltóir cáiliúil Micheál Ó Muircheartaigh a sheol an 16ú rás Inis Iron Meáin Dé Sathairn. Eagraítear an rás mór gach bliain ar son Choláiste Naomh Eoin ar an oileán Gaeltachta. Pictiúir: Seán Ó Mainnín

Micheál Ó Muircheartaigh réidh le tús a chur leis an rás. Ina theannta tá: Nicole Drought, Mairéad Ní Fhátharta, Coláiste Naomh Eoin, a d’eagraigh an rás; Mairéad Ní Bhraonáin agus Tracey Leonard, captaen fhoireann pheil na mban na Gaillimhe

 

Aoife Wade, Megan Geraghty Byrne, Darren Soon agus Niamh Sherry

 

‘Gang Wisconsin’ agus a gcairde

 

Foireann Pheil na mBan as Oileáin Árann réidh don rás ina ngeansaithe nua

 

Tomás Ruairí Beag Ó Fátharta, Coilmín Sheán Bheartlaí Ó Fátharta, Colie Ó Fátharta agus Padraig T. Ó Fátharta

 

Ar aghaidh libh!

 

Go n-éirí an bóthar leat!

 

Conor Dolan, Órán Mór, a bhuaigh an rás 10k

 

Jack Kilcomons, Corcaigh a bhuaigh an rás 12k

 

Níl aon bheann agamsa ar an rás seo!

 

‘Nach beag an chiall atá acu,’ a deir Paisley, an t-asal  agus é ag baint lán na súl as na reathaithe

 

Tá an chlann ar fad ag tabhairt faoin ród!

 

Ní theastaíonn aon phram uaimse!

 

Katherine Bell ag rith ar an trá ag Ceann Gainimh

 

Níl aon aird ag David Leahy ar na tonnta maorga

 

Micheál Ó Muircheartaigh ag baint sásamh as an rás agus as Inis Meáin

 

Ceann scríbe

 

Críochnaithe. Agus muid breá sásta!

 

Bia agus boinn tuillte ag na reathaithe

 

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: 350 lúthchleasaí seolta chun bóthair ag Micheál Ó Muircheartaigh ar Inis Meáin'