Gabhair fhiáine Chonamara sábháilte ag achainí 2,400 duine ar líne

Tá an chuileáil a bhí beartaithe curtha ar ceal agus tá cruinnithe geallta ag Coillte le muintir na háite leis an gceist a phlé

Gabhair fhiáine Chonamara sábháilte ag achainí 2,400 duine ar líne

Trí achainí ar líne, shábháil muintir an Mháma, i gConamara tréad gabhar fiáin ón gcuileáil a bhí beartaithe ag an gcomhlacht foraoiseachta, Coillte.

Cuireadh litir chuig muintir na háite Dé hAoine seo caite, an 25 Samhain, inar cuireadh in iúl go mbeadh na gabhair á marú ar an Satharn, an 3 Nollaig.

Tá an chuileáil sin anois curtha ar ceal agus tá cruinniú geallta ag Coillte le muintir na háite leis an gceist a phlé. Níl aon dáta tugtha don chruinniú sin fós.

Tá na gabhair i nDroim Snámha, baile fearainn cúpla míle soir ó bhaile beag an Mháma. Tá trí theach ar an mbaile fearainn seo agus bíonn na gabhair ag fánaíocht timpeall na háite.

“Fuair muid litir ag rá go maróidís na gabhair agus thug siad seacht lá dúinn le gearán a dhéanamh faoi. Bhí coill san áit a bhfuil na gabhair agus leag [Coillte] é. Tá siad le crainn nua a chur ann anois, ach tá na gabhair anseo le blianta. Tá siad fiáin, ní le duine ar bith iad, ach níl siad ag cur isteach ar aon duine.

“Bhí muid ag glaoch ar an mbainisteoir oibríochtaí a luadh sa litir ach níor fhreagair sé an fón. Dúradh sa litir go bhfuil na gabhair ‘detrimental’ do na crainn nua-churtha, ach níl na crainn curtha ar chor ar bith fós,” a dúirt Suzanne Ní Mhurchú as ceantar an Mháma le Tuairisc.ie.

Thosaigh Ní Mhurchú achainí ar líne, ar chuir 2,400 duine a n-ainm leis, le cosc a chur ar an gcuileáil a bhí beartaithe ag Coillte. D’fhág go leor daoine a chuir a n-ainm leis an achainí tráchtanna ag cáineadh “leisciúlacht” Choillte agus ag moladh bealaí eile a bhféadfaí na crainn agus na gabhair a choinneáil óna chéile – athlonnú na ngabhar go ceantar eile nó sconsaí a chur suas a choinneodh na gabhair amach as na crainn.

Dúirt Ní Mhurchú féin le Tuairisc.ie gurb é an cineál sin sconsa is túisce a rith léi nuair a fuair sí an litir an tseachtain seo caite toisc gur feirmeoirí caorach iad a muintir agus gur fhiosraigh siad féin na sconsaí cúpla bliain ó shin.

“Tá Coillte sásta bualadh linn, ach níor thug siad dáta dúinn fós. Tá siad anois ag rá nach bhfuil sé i gceist acu gach uile ghabhar a mharú ach is aistarraingt ar an méid a dúirt siad ar dtús é sin.

“Tá mé an-sásta nach dtarlóidh an marú amárach ach tá an cruinniú fós le bheith againn agus mar sin níl a fhios againn céard a tharlóidh amach anseo,” a dúirt sí.

Dúirt Ní Mhurchú freisin go raibh teagmháil déanta ag muintir na háite leis an Old Irish Goat Society, eagraíocht a bunaíodh leis an ngabhar dúchais, an gabhar Gaelach nó gabhar Mhala Raithní mar a thugtar air scaití, a chaomhnú agus a chur chun cinn.

Táthar ag súil go ndeimhneofar gur gabhair dhúchais iad gabhair an Mháma agus go gcabhróidh an deimhniú sin lena chinntiú nach marófar iad.

Dhiúltaigh Coillte ráiteas a thabhairt do Tuairisc.ie ar an ábhar seo.

Fág freagra ar 'Gabhair fhiáine Chonamara sábháilte ag achainí 2,400 duine ar líne'