Foireann mhalartach na bliana ó Phríomhroinn Shasana

Is ó na foirne is mó sa tsraith roghnaíodh formhór na n-imreoirí i bhfoireann na bliana ag an PFA, ach cén chuma a bheadh air gan imreoirí Chelsea, Manchester City, Arsenal agus Manchester Utd?

Foireann na bliana

Nuair a fógraíodh foireann na bliana an PFA cúpla seachtain o shin, bhí ochtar ar an bhfoireann a bhí ag imirt d’fhoirne sa chéad cheithre áit sa tsraith.

Is iad na foirne seo ag barr na sraithe a shaothraíonn an méid is mó airgid agus a tharraingíonn an aird is mó agus ní haon iontas é go dtagann formhór na n-imreoirí ar fhoireann na bliana ó Chelsea, City, Utd agus Arsenal. Ach cén chuma a bheadh ar fhoireann na bliana gan aon imreoirí ó na foirne sin?

Lukasz Fabianski – Swansea

Bhí amhras ar lucht leanúna Swansea an samhradh seo caite nuair a shínigh an club an Polannach mar ionadaí do Michel Vorm, a bhí tar éis fágáil. Cé gur chaith Fabianski seacht mbliana ag Arsenal, níor imir sé leathchéad cluiche fiú i Londain. Is léir go raibh athrú ag teastáil uaidh mar tá Fabianski tar éis bliain den scoth a bheith aige, é sa dara háit sna rangaithe ó thaobh cluichí imeartha gan cúl a ligean isteach.

Nathaniel Clyne – Southampton

Tar éis dóibh Luke Shaw a dhíol le Man Utd anuraidh, tá seans go dtiocfaidh Louis Van Gaal ar ais chuig Southampton arís i mbliana chun lánchúlaí óg eile a cheannach. Bhí bliain mhaith ag Nathaniel Clyne anuraidh agus tá tar éis cur leis an tséasúr seo. D’imir Clyne do Shasana den chéad uair roimh Nollag agus toisc go bhfuil an aois tagtha ar Glen Johnson, tá deis ag Clyne a háit ar an bhfoireann a chinntiú.

James Tomkins – West Ham

Bíonn daoine ag súil gur fir mhóra láidre gan mórán scile amháin a bhíonn ag imirt mar chosantóirí Sam Allardyce. Imreoir amháin a mheastar faoina luach de bharr na míthuisceana seo ná James Tomkins. Tá an Sasanach chomh maith nuair atá seilbh na liathróide aige is atá sé nuair a bhíonn sé i mbun cosanata agus dá n-éireodh leis gan a bheith gortaithe chomh minic sin, seans go mbeadh na clubanna móra ag breathnú air.

Jose Fonte – Southampton

Is léir gur cheannaigh Liverpool an cosantóir mícheart ó Southampton anuraidh mar is é Jose Fonte, agus ní Dejan Lovren, ceannasaí na gcosantóirí ag Southampton. Tá i bhfad níos mó cluichí imeartha ag Fonte ná mar atá ag Lovren ach, de réir na staitisticí, níl ach botúin chosantach amháin déanta aige ar an bpáirc, i gcomparáid le sé cinn ag Lovren. Níl ach 31 cúl ligthe isteach ag Southampton an séasúr seo, an méid céanna le Chelsea, a raibh triúr chosantóirí acu ar fhoireann na bliana.

Leighton Baines – Everton

Tar éis séasúr sách ciúin anuraidh ag Baines, tá tagtha chuige féin arís. Tá naoi gcúl réitithe aige ó thús an tséasúir seo, é i bhfad chun cinn ar aon chosantóir eile. Tá trí chúl aimsithe aige féin sa bhreis ar sin chun cúnamh a thabhairt do Everton agus iad ag streachailt faoi chúram Roberto Martinez i mbliana.

Morgan Schneiderlin – Southampton

Bhí soléir an samhradh seo caite go raibh an Francach ag iarraidh Southampton a fhágáil ach dhiúltaigh an club an t-iarratas sin agus is maith an rud é mar is é Schneiderlin ceann de na himreoirí lár páirce is fearr sa tsraith. Tá ar fheabhas leis an liathróid nó gan í agus bheadh iontas ar dhuine dá mbeadh sé fós ag imirt le Southampton faoin am a thosóidh an tsraith arís mí Lúnasa seo chugainn.

Christian Eriksen – Tottenham Hotspur

go mbreathnaítear ar Eriksen mar ionsaitheoir, thaispeáin figiúirí Opta gur ag an nDanmhargach a bhí ‘an méid méadair is mó rite’ sa tsraith. Le deich gcúl i mbliana, tá éirithe níos cruinne os comhair na bpostaí agus cuireann sé iontas ar dhaoine fós nár íoc Spurs ach thart ar £10M air nuair a cheannaigh siad ó Ajax é.

Yannick Bolasie – Crystal Palace

Nuair a thosaigh Bolasie amach sa Phríomhroinn, bhí an chuma ar an scéal go mbíodh sé ag rith leis go tapaidh gan aon bheann ag a chosa ar a raibh ag tarlú ina intinn. Anois agus smacht curtha ag an gCongólach air féin, tá sé ar cheann de na himreoirí is dainséaraí sa tsraith agus é ag tabhairt faoi chosantóirí. Bhí lámh ag Bolasie i ndeich gcúl an séasúr seo agus bhí dlúthbhaint aige leis an ngaisce a rinne Palace iad féin a tharraingt as an tsáinn ina raibh siad ag bun an tábla níos luaithe sa bhliain.

Gylfi Sigurdsson – Swansea

go raibh bliain uafásach ag Sigurdsson le Tottenham anuraidh ach is fearr a d’imir sé i mbliana agus ról lárnach arís aige ar fhoireann na Breatine Bige. Tá Sigurdsson in ann cúil den scoth a aimsiú ach is ag cruthú seansanna is mó a bhíonn sé. Is é Cesc Fabregas an t-aon imreoir sa tsraith a bhfuil níos mó cúl réitithe aige ná an tÍoslannach.

Philippe Coutinho – Liverpool

mbeadh ar lucht leanúna Liverpool locht amháin a fháil ar Coutinho, is é nach bhfuil dóthain cúl faighte ag an bhfear beag. Tá beagán feabhais ar an scéal sin le cúpla mí anuas ach fiú mura mbacfaí leis an méid sin a lua, d’áireofaí Coutinho mar cheann de na himreoirí is iontaí sa tsraith agus an chosúlacht air go bhfuil sé in ann teitheadh ó chosantóirí gan stró.

Harry Kane – Tottenham Hotspur

Is idir beirt Sasanach, Kane agus Charlie Austin, a bhí an spota seo ach caileann fear QPR amach. Tá amhras ann go mbeidh Kane in ann a leithéid de shéasúr a bheith aige arís ach, go dtí sin, ba cheart ómós a thabhairt dó. Ní beag an t-éacht é 21 cúl a aimsiú sa Phroimhroinn agus nuair a chuirtear na seacht gcúl a chruthaigh sé leo san áireamh, is amhlaidh a bhí lámh ag Kane i mbeagnach leath na gcúl ar fad a scóráil Spurs sa tsraith.

Fág freagra ar 'Foireann mhalartach na bliana ó Phríomhroinn Shasana'