FÍSEÁN/GAILEARAÍ: Amhrán ó na ‘Cloigne Folmha’ in ómós do Thomás Mac Eoin!

Rinneadh saol agus saothar an amhránaí, file agus scéalaí, Tomás Mac Eoin, a chomóradh ag ócáid speisialta i Leabharlann na Ceathrún Rua, Dé Máirt, an 25 Feabhra. Pictiúir/FÍSEÁN: Tuairisc.ie/Seán Ó Mainnín Bhí teacht le chéile an ghrúpa 'Na Cloigne Folmha' (Mairtín Mac Donncha, Tomás féin agus Tomás Mac Con Iomaire) ar cheann de bhuaicphointí na hoíche. Anseo casann siad an sean-'hit' 'An Damhán Alla'.