Tá físeán ceoil nua curtha amach ag Ceoltóirí Óga Chois Fharraige chun aird a dhíriú ar fheachtas bailiúcháin airgid do chailín óg as Gaeltacht Chonamara a bhfuil galar neamhchoitianta uirthi.
Bunaíodh an feachtas #LeChéiledoMholli chun tacaíocht a thabhairt do Mholli Ní Mháille de Búrca, cailín bliain go leith d’aois as Ros Muc a bhfuil seargadh matánach dromlaigh uirthi.
An boscadóir aitheanta, Johnny Óg Connolly a sheol an físeán inné i stiúideo Cuan ar an Spidéal agus an scaradh sóisialta á chleachtadh.
Taifeadadh an físeán ceoil ar líne le linn na dianghlasála faoi stiúir Aisling agus Luisne Ní Neachtain, Éilís Lennon, Nóirín Ní Ghrádaigh, Becky Ní Éallaithe, Brian Terry agus Micheál Darby Ó Fátharta.
Dhá phíosa ceoil, fonn mhall agus port, a chum Charlie Lennon atá á gcasadh ag na ceoltóirí óga ar mian leo “croí agus misneach” a thabhairt do Mholli agus dá muintir agus airgead a bhailiú don fheachtas.
Ba dhamhsóir aitheanta é sin-seanathair Mholli de Búrca, Máirtín Beag Ó Gríofa, agus tá cáil ar fud Chonamara ar a seanuncail, Máirtín Ó Gríofa, ball den ghrúpa Cillín.
Tá os cionn €88,000 bailithe ag an bhfeachtas #LeChéileDoMholli go dtí seo agus súil anois suas le €150,000 a thiomsú don trealamh atá ag teastáil chun teach nua a réiteach do Mholli agus dá teaghlach.
Reáchtáladh ócáidí éagsúla ar fud Chonamara chun airgead a bhailiú don fheachtas ar cuireadh tús leis i mí Aibreáin, ina measc rás sealaíochta 504km, timpeall ar Pháirc an Chathánaigh, an t-achar céanna ón gCeathrú Rua go dtí Ospidéal Shráid Temple i mBaile Átha Cliath.
Fág freagra ar 'FÍSEÁN/GAILEARAÍ: Saothar nua curtha amach ag Ceoltóirí Óga Chois Fharraige don fheachtas #LeChéileDoMholli'