1) ‘Babhtáil aimsire’ TG4 agus RTÉ
Bhí láithreoir RTÉ Helen Curran i mbun na haimsire as Gaeilge ar TG4, tráth a raibh Caitlín Nic Aoidh le feiceáil ar RTÉ agus ‘babhtáil aimsire’ #weatherswap á dhéanamh ag an dá stáisiún do Sheachtain na nGaeilge.
Sí @helcurran as @WeatherRTE @rte a bhí linn ar @TG4TV leis an aimsir a thabhairt agus @CaitlinNicAoidh ina háit i mBaile Átha Cliath mar chuid do #SnaG20 beidh sí ar aer roimh @NuachtTG4 arís 18.57
Is maith an scéalaí an aimsir. pic.twitter.com/AWvpKyqqgi— An Aimsir Láithreach TG4 (@AimsirTG4) March 10, 2020
2) Sceitse
‘Bígí ag labhairt na Gaeilge i measc bhur gcairde’ an teachtaireacht atá ag beirt daltaí ó Choláiste Ailigh, i Litir Ceanainn, Dún na nGall, san fhíseán seo a taifeadadh do Sheachtain na Gaeilge
3) Damhsa na Moncaithe
Bhí neart spraoi ag daltaí Scoil Náisiúnta Lorcáin, Na Clocha Liatha i gcontae Chill Mhantáin agus Seachtain na Gaeilge á ceiliúradh acu le ‘Damhsa na Moncaithe’.
4) Sraith seanfhocal
Bhí an blagadóir Gaeilge Aedín Ní Thiarnaigh gnóthach ar a cuntas Twitter le roinnt laethanta anuas agus ‘Seanfhocal sa Lá’, gif agus míniú á roinnt aici lena leantóirí.
5) “Sceitheann fíon fírinne” ??
Wine scatters the truth! This seanfhocal actually comes from the Latin “In Vino Veritas”, but naturally I prefer the #Gaeilge. #SnaG20 pic.twitter.com/iOCMnol6Sp
— Aedín O’Tiarnaigh (Ní Thiarnaigh) (@aedinot) March 2, 2020
5) Gealltanas
Agus Lá Idirnáisiúnta na mBan á cheiliúradh le linn Sheachtain na Gaeilge i mbliana, bhí Máire Treasa Ní Dhubhghaill, láithreoir Rugbaí TG4 i measc na ndaoine a thug gealltanas ar líne go dtacóidís le cur chun cinn Spórt na mBan i mbliana, mar chuid d’fheachtas 20×20, atá ag éileamh go mbeadh mná níos feiceálaí i gcúrsaí spóirt.
Déan do chuid do @20x20_ie sa mbliain 2020?
❌Tabhair gealltannas do #ShowYourStripes ❌@m_nibhraonain @grainnemac3 @EimearConsidine seo libh! #MaraFheictearaDhéantar @SnaGaeilge https://t.co/o9C9Csd6pz pic.twitter.com/PTerMjp7zF— Máire Treasa (@mairetreasa) March 3, 2020
Fág freagra ar 'FÍSEÁIN: Cúig sheoid ar líne a chonaiceamar le linn Sheachtain na Gaeilge'