FÍSEÁIN: Cúig sheoid ar líne a chonaiceamar le linn Sheachtain na Gaeilge

Sceitsí, seanfhocail agus seoda eile, seo rogha Tuairsic.ie de na físeáin agus eile atá á scaipeadh mar chuid de Sheachtain na Gaeilge na bliana seo 

FÍSEÁIN: Cúig sheoid ar líne a chonaiceamar le linn Sheachtain na Gaeilge

1) ‘Babhtáil aimsire’ TG4 agus RTÉ

Bhí láithreoir RTÉ Helen Curran i mbun na haimsire as Gaeilge ar TG4, tráth a raibh Caitlín Nic Aoidh le feiceáil ar RTÉ agus ‘babhtáil aimsire’ #weatherswap á dhéanamh ag an dá stáisiún do Sheachtain na nGaeilge.

2) Sceitse

‘Bígí ag labhairt na Gaeilge i measc bhur gcairde’ an teachtaireacht atá ag beirt daltaí ó Choláiste Ailigh, i Litir Ceanainn, Dún na nGall, san fhíseán seo a taifeadadh do Sheachtain na Gaeilge 

3) Damhsa na Moncaithe

Bhí neart spraoi ag daltaí Scoil Náisiúnta Lorcáin, Na Clocha Liatha i gcontae Chill Mhantáin agus Seachtain na Gaeilge á ceiliúradh acu le ‘Damhsa na Moncaithe’.

4) Sraith seanfhocal

Bhí an blagadóir Gaeilge Aedín Ní Thiarnaigh gnóthach ar a cuntas Twitter le roinnt laethanta anuas agus ‘Seanfhocal sa Lá’, gif agus míniú á roinnt aici lena leantóirí.

5) Gealltanas

Agus Lá Idirnáisiúnta na mBan á cheiliúradh le linn Sheachtain na Gaeilge i mbliana, bhí Máire Treasa Ní Dhubhghaill, láithreoir Rugbaí TG4 i measc na ndaoine a thug gealltanas ar líne go dtacóidís le cur chun cinn Spórt na mBan i mbliana, mar chuid d’fheachtas 20×20, atá ag éileamh go mbeadh mná níos feiceálaí i gcúrsaí spóirt.

Fág freagra ar 'FÍSEÁIN: Cúig sheoid ar líne a chonaiceamar le linn Sheachtain na Gaeilge'