Bhí áthas ar phobal Leitir Mealláin agus an tUachtarán ar cuairt chucu le déanaí, an chéad chuairt oifigiúil go Conamara ag Catherine Connolly. Ba léir go raibh an tUachtarán féin an-sásta a bheith i gceantar dúchais a muintire. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
An tUachtarán ag spraoi leis na scoláirí agus an Príomhoide Scoil Náisiúnta Leitir Mealláin Bríd Ní Liatháin agus í ag síniú a hainm i rolla na scoile
An tUachtarán leaindeáilte i Leitir Mealláin
John Baba Jeaic Ó Conghaile, bainisteoir Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin agus Gharmna agus gaol i bhfad amach le Catherine, ag cur fáilte Uí Cheallaigh roimh an Uachtarán
Príomhoide Scoil Náisiúnta Leitir Mealláin, Bríd Ní Liatháin ag cur fíorchaoin fáilte roimh an Uachtaráin Catherine Connolly
Haigh, a Uachtaráin! Scoláirí Scoil Leitir Mealláin ag croitheadh láimhe ar an Uachtarán agus a fear céile!
Glór binn na ndaltaí ag canadh ‘Amhrán Chatherine Connolly’ don Uachtarán
Seán Óg Ó Gríofa, sa lár, agus Evan Ó Nia ag bronnadh focail ‘Amhrán Catherine Connolly’ i bhfráma ar an Uachtarán. Gheall an tUachtarán go mbeidís ar bhalla san Áras
Duine nua ag teacht ar scoil. Foireann agus daltaí timpeall ar an Uachtarán agus rolla na scoile á shíniú aici
Ag seasamh leis na daltaí lena fear céile Brian McEnery
Eilín Peircín ag cur fáilte roimh an Uachtarán go dtí an tIonad Oidhreachta
Fáilte romhat!
An tIonad lán go doras
John Bhaba Jeaic ag caint faoi bhród mhuintir Leitir Móir agus Chonamara as ceapachán Uachtarán ‘dár gcuid féin’
Colm Phadraic John William Seoighe ag casadh amhrán Inis Bearachain, oileán dúchais mhuintir athair Catherine Connolly agus Choilm
Is mór an spórt an ceol agus na hamhráin
Óg agus aosta bródúil as a cuairt
Fiadhanna Ní Cheallaigh ag casadh amhráin. Sa chúlra tá na ceoltóirí Steve Sweeney, Úna Ní Fhlannagáin, Sonaí Choilm Learaí agus Micheál Ó Confhaola
Ríona Ní Ghríofa i mbun steipeanna don Uachtarán
Stiofán Ó Cualáin, a bhuaigh comórtas sean-nós na bhfear ag an Oireachtas
Micheál Ó Confhaola a bhuaigh Corn Uí Riada i mbliana, ag casadh. Ina theannta tá na ceoltóirí Sonaí Choilm Learaí, Colm Phádraic John William Seoighe agus Fiadhanna Ní Cheallaigh
Cláirseoir as Inis Meáin, Úna Ní Fhlannagáin
Pádraic agus Beachla Ó Laoi ag baint taitneamh as an tsiamsaíocht don Uachtaráin
An tUachtarán leis an gcláirseoir Úna Ní Fhlannagáin agus an boscadóir Sonaí Choilm Learaí
Colm Ó Gionnáin, (3) Talamh Bán, Leitir Mealláin, sásta go leor le comhluadar an Uachtaráin
Oisín Seoighe (3) as Leitir Móir, ar a chompord i ngabháil an Uachtaráin Catherine Connolly
An tUachtarán le daltaí ó Scoil Náisiúnta Thír an Fhia agus Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'Fáilte mhór ag pobal Leitir Mealláin roimh Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly agus í ar a céad chuairt oifigiúil go Conamara'