Fáil ar shraith ghrinn theilifíse de chuid an BBC ón stiúrthóir Gaeltachta Louise Ní Fhiannachta

Sraith dhrámaíochta faoi dhaoine óga i Manchain atá ag iarraidh ‘a n-áit a aimsiú sa saol’ é 'Flatmates' ach i mBéal Feirste a rinneadh í

Fáil ar shraith ghrinn theilifíse de chuid an BBC ón stiúrthóir Gaeltachta Louise Ní Fhiannachta

Pictiúr: Colm Hogan

Tá fáil anois ar sheinnteoir an BBC ar shraith nua ghrinn i mBéarla a bhfuil an stiúrthóir aitheanta teilifíse Louise Ní Fhiannachta as Gaeltacht Chorca Dhuibhne ar dhuine acusan a bhí ina bun.

Bhí Ní Fhiannachta, a stiúir an gearrscannán Gaeilge Rúbaí agus an tsraith drámaíochta Eipic a craoladh ar TG4, ar dhuine de bheirt a roghnaíodh leis an tsraith nua dhrámaíochta Flatmates a stiúradh.

An comhlacht léiriúcháin Zodiak Kids i Londain a bhí i mbun léirithe na sraithe atá suite i Manchain Shasana ach a taifeadadh i mBéal Feirste anuraidh.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Louise Ní Fhiannachta, arb as Fionntrá ó dhúchas í, gurb é “an fuinneamh agus an stíl” a bhain le Eipic a spreag an comhlacht léiriúcháin i Sasana chun teagmháil a dhéanamh léi.

“Thaitin an fuinneamh, an stíl agus an teachtaireacht a bhain le Eipic le léiritheoir na sraithe agus bhíodar ag lorg stiúrthóir a bheadh in ann an stíl chéanna a chur i bhfeidhm ar an tsraith úr seo.”

Dúirt Ní Fhiannachta, gur “cuma” léi cé acu i mBéarla nó i nGaeilge a bhíonn sí ag obair a fhad is go “labhraíonn” an scéal léi.

“Má labhraíonn an scéal, na carachtair agus an t-aistear liom, sin an rud a chuirim suim ann. Sraith í seo faoi dhaoine óga atá ag iarraidh a n-áit a aimsiú sa saol agus tá téama na féiniúlachta i gceist. Is téama é sin a chuirim an-suim ann,” a dúirt sí.

Sraith 10 gcuid í Flatmates faoi ghrúpa cairde sna luathfhichidí i Manchain agus iad ag dul “i dtaithí ar shaol an duine fásta”.

Chaith Ní Fhiannachta breis agus ceithre mhí i mBéal Feirste an samhradh seo caite agus na cúig chlár dheireanach sa tsraith á dtaifeadadh.

Roghnaíodh Béal Feirste mar láthair thaifeadta mar gheall ar ailtireacht na cathrach agus “na brící dearga” atá le feiceáil go fairsing sa chathair, mar atá i Manchain.

Dúirt Ní Fhiannachta gur thaitin tréimhse an taifeadta i mBéal Feirste léi agus gur labhraíodh go leor Gaeilge ar sheit Flatmates toisc Gaeilge a bheith ag an cheamaradóir Feirsteach Declan Ó Grianna.

Beidh tús á chur ag Ní Fhiannachta leis an dara sraith den chlár grinn i gceann roinnt seachtainí agus beidh sí ag filleadh ar Bhéal Feirste.

Ocht gclár a bheas sa dara sraith de Flatmates in áit deich gclár mar a bhí beartaithe de bharr “na costais bhreise” a bhaineann le taifeadadh aimsir seo an choróinvíris.

An chéad cheithre chlár sa dara séasúr den tsraith a bheidh faoina cúram mar stiúrthóir.

Fág freagra ar 'Fáil ar shraith ghrinn theilifíse de chuid an BBC ón stiúrthóir Gaeltachta Louise Ní Fhiannachta'