Tá €35.75 milliún fógartha d’fhorbairt Ché Inis Oírr, ceann de na hinfheistíochtaí aonair is mó atá déanta riamh ag Roinn na Gaeltachta.
Tá €30 milliún den mhaoiniú bronnta ar an gcomhlacht Ward & Burke Construction ar éirigh leo i bpróiseas tairisceana.
Táthar ag fanacht le blianta fada ar athfhorbairt na cé ar tugadh cead pleanála di den chéad uair in 2008.
Tá sé ina imní le fada freisin go bhfuil an ché mar atá an-chontúirteach.
Aire na Gaeltachta Dara Calleary agus an tAire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers a d’fhógair an infheistíocht inniu agus iad ar cuairt ar an oileán Gaeltachta.
Tá sé i gceist síneadh coincréite a chur leis an gcé agus tonnchosc a thógáil chun cosaint a thabhairt sa chuan ar thonnta arda agus stoirmeacha.
Beidh spás breise ann do bháid, rud a bhíonn ag teastáil go háirithe le linn bhiaiste turasóireachta an tsamhraidh.
Dúradh níos túisce i mbliana go rabhthas ag súil go mbeadh an obair curtha i gcrích faoi lár 2027.
Dúirt Liam Conneally, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, a d’aontaigh an conradh leis na forbróirí,
go bhféadfaí tosú láithreach ar an obair dheartha agus thógála “lasmuigh den láthair” agus go bhfuiltear ag súil go dtosóidh an obair ar an láthair féin in earrach na bliana seo chugainn, 2026.
Tá an athfhorbairt ar ché Inis Oírr beartaithe le fada agus é ráite go bhféadfadh daoine a bheith i mbaol mura dtabharfar faoin obair. Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív sa Dáil in 2019 go marófaí duine éigin ar an gcé mura ndéanfaí í a athfhorbairt.
Dúirt Aire na Gaeltachta, Dara Calleary, gur “cúis áthais” an maoiniú a bheith ar fáil agus gur léirigh sé “tiomantas an Rialtais do phobail na tuaithe agus na n-oileán.
“Cinnteoidh an infheistíocht seo in Inis Oírr rochtain shábháilte [ar an gcé] ar feadh na bliana do chónaitheoirí agus do chuairteoirí araon, le háiseanna níos fearr do bháid farantóireachta, agus déanfaidh sé leas do na glúnta atá le teacht sa phobal seo.”
Dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí, Jack Chambers gurb é seo an chéad tionscadal sa Phlean Forbartha Náisiúnta athbhreithnithe a fógraíodh ó foilsíodh an plean an mhí seo caite.
“Is infheistíocht í seo i ndaoine, i bpobal, agus i bhfís do thodhchaí ár n-oileán agus do thodhchaí na Gaeilge mar theanga phobail,” a dúirt an tAire Chambers.
Mícheál Ó Flaithearta
Agus ní fiú leis an státchóras euro a chaitheamh ar na droichid i gCeantar na nOileán! Caithfidh sé go bhfuil boladh bréan ar na vótaí agus ar lucht vótála i nGarmna agus i Leitir Mealláin!
Pól Ó Braoin
Ba bhreá liom bualadh siar níos minice ach is cúis faitís iad na bóithre thiar, áit éasca atá ann le dochar costasach a dhéanamh don charr. Na droichid… bhuel… seans ann go bhfuil blaiseadh den cheart ag Mícheál…