Dúshlán mór roimh Donoghue i mBaile Átha Cliath

Tá na duaiseanna is tábhachtaí go léir buaite ag foirne a bhí faoi stiúir Mhicheál Donoghue

Dúshlán mór roimh Donoghue i mBaile Átha Cliath

Ní minic, na laethanta seo, i ndomhan na teicneolaíochta, nach mbíonn ráfla éigin as foinse éigin sula dtarlaíonn rud.

Is cuma cén t-ábhar, de ghnáth bíonn ráfla nó dhó ann faoi agus cuid maith baothchainte, seafóid agus raiméise ag dul leo, gan trácht ar na teoiricí comhcheilge. 

Anuraidh, nuair a bhí folúntas ann do bhainisteoir sa Ghaillimh bhí chuid maith ainmneacha luaite agus cáilíochtaí láidre ag an gcuid is mó acu. Ach baineadh stangadh asainn go léir nuair a fógraíodh gurbh é Henry Shefflin a bheadh ag dul i mbun an chúraim. Ní raibh a ainm luaite sa chaint go léir roimh ré in aon chor agus is rí-annamh a tharlaíonn a leithéid sa lá atá inniu ann.

Bhuel imríodh bob den sórt céanna orainn ag tosach na seachtaine. Caithfidh mé a admháil go raibh ionadh an domhain orm nuair a fógraíodh ainm bhainisteoir nua Bhaile Átha Cliath Dé Luain. Ní raibh ainm Mhicheál Donoghue i mbéal an phobail in aon chor.

Ach is eisean a bheidh ag caitheamh bib an bhainisteora agus é ina sheasamh ar an taobhlíne do shéasúr 2023 agus cúpla séasúr eile ina dhiaidh sin (b’fhéidir).

Dar ndóigh, in iomáint na linne seo, agus í imithe chomh proifisiúnta ó thaobh ullmhúcháin de, bíonn meitheal bheag nó meitheal mhór cúntóirí ag gach bainisteoir nuacheaptha. 

I dteannta Donoghue, tá Francis Forde agus Noel Larkin a bhí leis nuair a bhí sé i bhfeighil na Gaillimhe. Bhí a roghnóir eile, Shane O’Brien (arb as Áth Cliath dó) ina roghnóir le Joe Quaid san Iarmhí agus, ina dhiaidh sin, mar bhainisteoir ar an gcontae céanna. Roimhe sin bhí O’Brien ina roghnóir le Quaid i gCill Dara agus bhí baint aige le foireann camógaíochta Átha Cliath agus le hiománaithe Choláiste na Tríonóide. Beidh O’Brien ina bhainisteoir ar an bhfoireann faoi 20 freisin. 

Tá meas mór ar na fir sin go léir mar atá ar Donoghue féin.

Tá na duaiseanna is tábhachtaí go léir buaite ag foirne a bhí faoi stiúir Donoghue, Craobh Chlub na hÉireann, Craobh Shinsir na hÉireann, Craobh Laighean fá dhó agus Craobh na Sraithe. Dar ndóigh, chaith sé tamall ag foghlaim a cheirde i dTiobraid Árann nuair a bhí Éamonn Ó Sé i gceannas ansin. 

Ach an cheist ollmhór ná an bhfuil na himreoirí acu san ardchathair? An mbeidh sé ábalta Eoghan O’Donnell a mhealladh ar ais ó na peileadóirí? An mbeidh sé ábalta imreoirí atá an-mhaith sa dá chód ach nach bhfuil ar an bpainéal peile fós a threorú i dtreo na hiomána? Níl mórán buaite ag iománaithe faoi aois an chontae le tamall cé gur imir an fhoireann faoi 20 craobh na hÉireann i gcoinne Chorcaí in 2020, cluiche a chailleadar.

Beidh, ar a laghad, cluiche amháin aige i gcoinne na Gaillimhe an bhliain seo chugainn. Cuirfear an-suim as chluiche sin. 

Feictear domsa gur dúshlán mór a bheidh roimh Donoghue. N’fheadar in aon chor an bhfuil a dhóthain imreoirí maithe aige chun dul chun cinn a dhéanamh. Neosfaidh an aimsir is dócha.

Maidir le cúrsaí rúndachta, a mhalairt ar fad de scéal a bhí againn i gcás Johnny Kelly, bainisteoir iománaithe Uíbh Fhailí, comharba Michael Fennelly. Bhí mír faoin scéal ar nuacht spóirt RTÉ tráthnóna Dé Máirt ach cúpla lá ina dhiaidh sin ní raibh aon fhógra oifigiúil déanta fós ag bord na chontae.

Tá cluichí ar siúl ar fud na tíre an deireadh seachtaine seo agus cuid mhaith acu á sruthú beo.

Beidh TG4 ag taispeáint dhá chluiche ceathrú ceannais ó Phort Láirge, ceann díobh a thabharfaidh léargas dúinn ar neart sheaimpíní na tíre Baile Gunnair agus iad ag súil leis le craobh na chontae a bhuachan don naoú bliain as a chéile. 

Fág freagra ar 'Dúshlán mór roimh Donoghue i mBaile Átha Cliath'