Briseadh croí, díomá, buille sa phus. Bhí lucht feachtais ar cailleadh daoine muinteartha leo trína chéile i ndiaidh rialú na hArd-Chúirte i mBéal Feirste nach gceadófaí plean chun débhealach an A5 a thógáil. Caithréim ab ea an breithiúnas don ghrúpa a bhí i gcoinne na scéime ach tháinig sé aniar aduaidh ar mhórán, an Roinn Infreastruchtúir san áireamh, gurb í an reachtaíocht Athrú Aeráide a rith Stormont ba chúis le rialú an bhreithimh. Ní raibh plean na roinne ag teacht le spriocanna aeráide an Fheidhmeannais ná leis an gceangal maidir leo a chuir an tAcht ar an bhFeidhmeannas.
Tá 18 bliain caite ó chinn Stormont gur ghá an A5 a uasghrádú. Ag an am sin bhí an t-ualach tráchta ar an mbóthar idir Achadh na Cloiche i gContae Mhuineacháin agus Doire an-trom. Tá sé i bhfad níos troime anois. Maítear gurb é an stráice 85 ciliméadar sin an bóthar is contúirtí in Éirinn, 57 maraithe i dtimpistí ó chinn Stormont in 2007 gur ghá débhealach in áit an bhealaigh shingil.
Togra suaitheanta de chuid an Fheidhmeannas is ea é ach tar éis trí fhiosrú poiblí agus anois, an tríú rialú cúirte ina choinne ní léir céard atá i ndán don scéim. Dúirt an Breitheamh McAlinden san Ard-Chúirt Dé Luain gur dócha go gcaillfear agus go ngortófar a thuilleadh daoine de bharr na moille breise. Thuig sé gur chrá croí é sin do dhaoine ar cailleadh a muintir ach ní fhéadfaí a dhul ar aghaidh leis an togra, fiú nuair is chun tairbhe na sochaí é, mura gcomhlíonfaí an dlí, ar sé.
Chuir grúpa úinéirí talún in aghaidh an phlean ón tús. Ní nach ionadh bhí drogall ar roinnt daoine talamh a chailliúint nó feilmeacha a bhriseadh suas cé go mbeadh cúiteamh le fáil. Mhaígh siad freisin go mbeadh uasghrádú an bhóthair go débhealach iomarcach, go ndéanfadh sé dochar don timpeallacht agus gur leor lánaí scoite ag brúphointí a chur leis an seanbhóthar.
Nuair a chinn an tríú fiosrú go raibh débhealach riachtanach cheadaigh an tAire Infreastruchtúir, John O’Dowd, Sinn Féin, anuraidh go gcuirfí tús leis an scéim ar chostas £1.7 billiún, le £500 milliún ó rialtas na hÉireann san áireamh. Rinne na húinéirí talún faoin teideal AA5A (Alternative A5 Alliance) achomharc eile.
Is air sin a thug an Breitheamh McAlinden a bhreithiúnas ag glacadh leis an argóint nár deineadh measúnacht tionchar timpeallachta ceart de réir mar is gá faoin Acht. Níor deineadh dóthain scrúduithe ar an modh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a áireamh, ar sé. Ina theannta sin, ní raibh tagairt ar bith don mbóthar nua sa Phlean Gnímh um Athrú Aeráide a foilsíodh an tseachtain seo caite.
Ní diúltú as éadan don uasghrádú go débhealach a bhí san rialú. Is féidir na heasnaimh agus na laigí ar leag sé béim orthu a leigheas, a dúirt an breitheamh. Mhol sé do na hairí a míle dícheall a dhéanamh chun na fadhbanna a réiteach ionas go gcuirfear A5 mar dhébhealach nua, níos sábháilte, ar fáil luath nó mall. Sin é a theastaíonn ó lucht tacaíochta an débhealaigh, a dúirt le Stormont, go bunúsach, ‘cuir cuma oraibh féin’.
Bhí an-díomá ar an Aire Infreastruchtúir reatha, Liz Kimmins, Sinn Féin, faoin mbreithiúnas ach dúirt sí go raibh sí diongbháilte go dtógfar A5 sábháilte. Fuair sí an phraiseach seo mar oidhreacht óna réamhtheachtaí, a comhghleacaí John O’Dowd. Chaithfeadh sí féin agus dlíodóirí na roinne an breithiúnas 100 leathanach a scrúdú, a dúirt sí. Ní foláir nó go raibh dó croí ar roinnt san roinn sin i ndiaidh an bhreithiúnais. Cúis aiféaltais dóibh nach ndearna siad an scrúdú cuí ar chiallachais don timpeallacht. Ní ornáid nó oirneas an reachtaíocht, cuireann dlí ceangal orthu.
Is breá an rud é spriocanna uaillmhianacha a leagan amach ach ní fiú tráithnín iad mura dtugtar aird orthu. Bhí an DUP agus TUV i gcoinne spriocanna Stormont – tá neodracht carbóin faoin mbliain 2050 leagtha síos san Acht. Chuile sheans go mbeidh cur is cúiteamh fúthu arís. Beidh brú ar Shinn Fein an togra a chur i gcrích, dúnáras dá gcuid iad Lár Uladh agus Tír Eoghain Thiar ina bhfuil sciar mór den bhóthar.
Is geall le tromluí é go nglactar leis go forleathan go gcaillfear a thuilleadh daoine ar an mbóthar mar atá sé. Sí an tsábháilteacht an cheist is práinní, ach an féidir an t-uasghrádú riachtanach a dhéanamh ar an mbóthar gan a theacht salach ar na spriocanna aeráide?
Tá laghdú 33% ar astaíochtaí in aghaidh na bliana ó 2023 go 2027 riachtanach ach amhras mór an féidir an sprioc sin a bhaint amach, cor a ndearna an breitheamh tagairt dó ina rialú faoin A5. Arbh fhéidir scéimeanna eile a thionscnamh chun cúiteamh carbóin a dhéanamh as uasghrádú an bhóthair? Gnó é sin do na ranna ar fad in Stormont ag obair as lámha a chéile, ar bhealach comhordaithe, nós nach dual dóibh.
Fág freagra ar 'Díomá agus éiginnteacht faoin gcasadh is déanaí i scéal léanmhar bhóthar an A5'