Dhá thogra nua teanga seolta – ‘Cuideachta’ agus ‘Babaí ar an mBealach’

Tá dhá thogra nua seolta ag Tuismitheoirí na Gaeltachta le cuidiú le teaghlaigh sa Ghaeltacht arb í an Ghaeilge teanga an tí acu 

Dhá thogra nua teanga seolta – ‘Cuideachta’ agus ‘Babaí ar an mBealach’

Tá dhá thogra nua fógartha ag Tuismitheoirí na Gaeltachta an tseachtain seo le cuidiú le teaghlaigh sa Ghaeltacht atá ag labhairt Gaeilge lena bpáistí nó atá ag súil le páiste.

Tabharfaidh an clár  ‘Cuideachta’ deis do theaghlaigh a bhfuil an Ghaeilge mar theanga acu ar an teallach teacht le chéile ag ócáidí spraíúla taitneamhacha.  Tá ‘Cuideachta’ tosaithe cheana i roinnt ceantar sa Ghaeltacht agus fáilte roimh theaghlaigh a bheith páirteach ann. 

Beidh pacáistí ar fáil ag na hócáidí teaghlaigh sin agus é i gceist cárta gníomhaíochta a chur ar fáil dóibh amach anseo a thabharfas deis do theaghlaigh lascaine a fháil ar chostas seirbhísí éagsúla sa phobal. 

Ar dhaoine atá ag súil le páiste a bheidh na ceardlanna ‘Babaí ar an mBealach’ dírithe agus beidh siad ag tosú an samhradh seo. Beidh an chéad cheardlann ar siúl in ionad Splanc ar an gCeathrú Rua ar an Satharn, an 2 Iúil. Beidh ceardlanna ar siúl i nGaoth Dobhair, i gCorca Dhuibhne agus i gConamara i mí Mheán Fómhair.

Beidh seisiúin éagsúla i gceist sna ceardlanna seo, ag brath ar na teagascóirí sa cheantar. Seisiún aclaíochta don bhean atá ag iompar, seisiúin faoin luí seoil féin agus conas an bhean a chur ar a compord. Beidh mná glúine ag roinnt eolais is comhairle faoi shaolú an linbh agus na laethanta ina dhiaidh. Beidh comhairleoirí ann freisin ag caint faoin chothú an pháiste ar an mbrollach. 

Deis mhaith a bheidh sna ceardlanna seo, a deirtear, le ceist teanga an teallaigh a phlé le tuismitheoirí eile. 

Is féidir tuilleadh eolais faoin dá thogra seo agus faoi sheirbhísí eile Thuismitheoirí na Gaeltachta a fháil ag www.tuismitheoiri.ie nó is féidir teagmháil a dhéanamh leo ag 091 869571.

Fág freagra ar 'Dhá thogra nua teanga seolta – ‘Cuideachta’ agus ‘Babaí ar an mBealach’'