Deimhniú ó Roinn na Gaeltachta nach raibh aon bhaint ag Fianna Fáil le ceapadh Bhord Údarás na Gaeltachta

Mar a chomhairligh a Roinn dó, sheiceáil an tAire Stáit Joe McHugh ar ghá dó moltaí a fháil ó Fhianna Fáil maidir le ceapadh Bhord an Údaráis, ach dúradh leis nár ghá

Deimhniú ó Roinn na Gaeltachta nach raibh aon bhaint ag Fianna Fáil le ceapadh Bhord Údarás na Gaeltachta

Tá sé deimnithe ag Roinn na Gaeltachta nach ndeachaigh an tAire Stáit Joe McHugh i gcomhairle le Fianna Fáil ná le haon Teachta Dála sular cheap sé Bord Údarás na Gaeltachta.

Mar a tuairiscíodh an tseachtain seo caite, chomhairligh státseirbhíseach sinsireach i Roinn na Gaeltachta d’Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, a bheith feasach ar shocruithe polaitíochta agus baill á gceapadh aige ar bhord Údarás na Gaeltachta.

De réir cáipéisí a fuair Nuacht TG4 faoin Acht Um Shaoráil faisnéise, cuireadh an chomhairle sin ar an Aire Stáit le linn próiseas neamhspleách oscailte a bheith á reachtáil ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí chun daoine a fháil do bhord nua an Úadráis. Bhí an tAire Stáit McHugh i ndiaidh cinneadh a dhéanamh gur trí phróiseas poiblí a cheapfaí daoine don bhord.

I ráiteas a d’eisigh an Roinn faoin scéal, gur “ghnáthchleachtas” é go gcuirfí comhairle ar an Aire  Stáit maidir le gearrliosta d’fholúntais bhoird.

Maíodh i ráiteas na Roinne gur ghnáthchleachtas freisin é go gcuirfí comhairle ar Aire agus ceapacháin bhoird á ndéanamh aige faoi “coimitmintí atá san áireamh i gClár an Rialtais nó i gcáipéisí eile atá bainteach leis”. 

“Tagann sé seo go hiomlán le dea-chleachtas mar a bhaineann sé le ceapadh boird Stáit,” a dúradh i ráiteas na Roinne.

Dheimhnigh an Roinn chomh maith gur sheiceáil an tAire Stáit McHugh ar bhain ceapacháin an Údaráis le Fianna Fáil agus an Comhaontú Muiníne agus Soláthair a d’aontaigh an páirtí sin le Fine Gael. Dúradh i ráiteas na Roinne gur tugadh le fios don Aire Stáit nár ghá dó moltaí maidir le cé a cheapfaí ar Bhord an Údaráis a lorg ó Fhianna Fáil nó ó na Teachtaí Dála neamhspleácha atá ag tacú leis an Rialtas.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Peadar Tóibín gur léirigh an scéal gur “cur i gcéill” a bhí ann a mhaíomh go raibh ceapadh Bhord an Údaráis saor ón bpolaitíocht.

“Tá an chuma air anois go raibh tionchar polaitiúil ag baint le
ceapacháin an Bhoird. Cur i gcéill go huile is go hiomlán atá ar bun.

“Ba cheart go mbeadh an rialtas anois ag tacú le bille atá ag Sinn Féin atá ag iarraidh an córas daonlathach [toghcháin] a chur ar ais i gcroílár Údarás na Gaeltachta,” a dúirt Peadar Tóibín.

Ba é an 9 Samhain an spriocdháta le hiarratas a dhéanamh chuig PAS don seacht bhfolúntas ar an mbord (an Cathaoirleach ina measc) agus tuigtear do Tuairisc.ie go ndearna 42 duine iarratas ar bheith ina gcomhaltaí. 

Cuireadh 22 duine de na hiarratasóirí sin ar ghearrliosta  de dhaoine a measadh a bheadh feiliúnach le bheith ina gcomhaltaí ar Bhord an Údaráis agus bhí ceathrar díobh sin áirithe mar dhaoine a bheadh oiriúnach do Chathaoirleacht an bhoird. 

Nuair a cuireadh an gearrliosta faoi bhráid an Aire Stáit ar an 21 Nollaig, mhol Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, an Dr Aodhán Mac Cormaic don Aire Stáit McHugh, a sheiceáil le Roinn an Taoisigh ar cheart go gcuirfí socruithe polaitíochta san áireamh agus na comhaltaí á roghnú aige.

Sa ríomhphost a sheol an státseirbhíseach is sinsearaí sa Stát atá ag plé go buan le cúrsaí Gaeilge chuig an Aire Stáit, tharraing sé aird ar an ‘Socrú Muiníne agus Soláthair’ faoina bhfeidhmíonn an rialtas mionlaigh le tacaíocht Fhianna Fáil.

“B’fhiú duit seiceáil le Roinn an Taoisigh an gcaithfidh tú moltaí a fháil ó Fhianna Fáil mar gheall ar an ‘Confidence and Supply Agreement’ nó ó na Teachtaí neamhspleácha mar gheall ar a dtacaíocht don Rialtas,” a dúirt Mac Cormaic sa ríomphost a seoladh chuig an Aire Stáit.

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta. Faoin Acht, ceapann Aire na Gaeltachta seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, ar bhord an Údaráis agus ainmníonn na comhairlí contae, a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse, cúigear comhaltaí.

Bhain conspóid mhór leis an reachtaíocht sin in 2012 a chuir deireadh leis na toghcháin a bhíodh ann do Bhord an Údaráis
agus daoine den tuairim gur chreimeadh ar an bpróiseas daonlathach a bhí ann, ach mhaígh an rialtas ag an am gur bord neamhspleách, saor ó thionchar polaitíochta a bheadh ann feasta. 

Tugtar cuireadh anois do dhaoine a bheadh ag iarraidh a bheith ina gcomhaltaí boird iarratas a dhéanamh chun an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (nó PAS).

Fág freagra ar 'Deimhniú ó Roinn na Gaeltachta nach raibh aon bhaint ag Fianna Fáil le ceapadh Bhord Údarás na Gaeltachta'