Cumann míshásta le heaspa ionadaithe

Cumann Forbartha Chois Fharraige buartha nach mbeidh Bord Oideachais is Oiliúna na Gaillimhe is Ros Comáin ábalta freastal ar riachtanais na gceantar Gaeltachta

davidleahy
David Leahy, Príomhfheidhmeannach GRETB. Tá litir seolta ag Cumann Forbartha Chois Fharraige chuige ag cáiseamh na heaspa ionadaíochta ón nGaeltacht ar an mbord nua.

Tá Cumann Forbartha Chois Fharraige “míshásta” nach bhfuil oiread is duine amháin ó Ghaeltacht Chonamara ar Bhord Oideachais is Oiliúna na Gaillimhe is Ros Comáin (GRETB).

I litir a sheol David Leahy, Príomhfheidhmeannach GRETEB, chuig Cumann Forbartha Chois Fharraige ar an 13 Deireadh Fómhair, tugadh le fios go raibh beirt atá líofa sa Ghaeilge ar GRETB.

Mar fhreagra ar an gcomhfhreagras sin, sheol Cumann Forbartha Chois Fharraige litir eile chuig David Leahy, Príomhfheidhmeannach GRETB, ag cur in iúl dó agus don Bhord “nach a laghad daoine le líofacht Ghaeilge, ar an GRETB” ba chúis lena míshástacht ach gan aon ionadaíocht a bheith “ag an bpobal mór Gaeltachta i gConamara Theas/Oileáin Árann, ar a bhfuil scoileanna an GRETB ag freastal”.

Tháinig ann do GRETB i mí Iúil nuair a deineadh cónascadh idir VEC na Gaillimhe agus VEC Ros Comáin.

Maítear sa litir ó Chumann Forbartha Chois Fharraige go raibh beirt ainmnithe ag Foras na Gaeilge – beirt iar-phríomhoidí scoile ón nGaeltacht – ach nár glacadh leis na hainmniúcháin sin.

“Ní iontas ar bith é go bhfuil fadhb anois ann mar nach bhfuil a dhóthain daoine le Gaeilge le háiteacha a líonadh ar na boird bhainistíochta sna scoileanna Gaeltachta, atá faoi chúram an GRETB, mar a thug ball den GRETB, Cathal Ó Conchúír le fios ar maidin ar Raidió na Gaeltachta,” a dúirt urlabhraí ó Chumann Forbartha Chois Fharraige.

Tá cóip de litir Chumann Forbartha Chois Fharraige seolta ar aghaidh chomh maith acu chuig an Roinn Oideachais agus Scileanna agus iad buartha nach mbeidh GRETB “in ann freastal mar is ceart ar riachtanais oideachais na gceantar Gaeltachta, ina bhfuil Gaeilge á husáid mar theanga phobail, gan Bord Oideachais is Oiliúna dá gcuid féin a bheith curtha ar fáil do na scoileanna Gaeltachta atá ag feidhmiú tré Ghaeilge”.