CULTÚR: Féile na bhFlaitheartach in Inis Mór, filíocht i bhFine Gall agus ceol nua ó Deoraí

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh...

CULTÚR: Féile na bhFlaitheartach in Inis Mór, filíocht i bhFine Gall agus ceol nua ó Deoraí

FÉILTE

Féile na bhFlaitheartach in Inis Mór

Tá Cumann Liam agus Thomáis Uí Fhlaithearta ag reáchtáil an dara féile dhéag samhraidh dá gcuid ar Inis Mór, Féile na bhFlaitheartach, an deireadh seachtaine seo. Féile dhátheangach ina ndéanfar comóradh ar shaol agus ar shaothar na scríbhneoirí Liam agus Tomás Ó Flaithearta a rugadh is a tógadh in Árainn ar chasadh an chéid seo caite. Ag féile na bliana seo beifear ag fiafraí cén bharúil a bheadh ag an mbeirt deartháireacha faoi cheisteanna idirnáisiúnta an lae inniu.

Tosóidh an Fhéile ag meán lae Dé Sathairn, an 24ú Lúnasa i dTeach Chill Mhuirbhigh, gar d’áit dhúchais na bhFlaitheartach. Is é Luke Callinan a sheolfaidh an fhéile go hoifigiúil agus déanfaidh sé cathaoirleacht ar an gcéad ócáid. Painéal cainteoirí a bheidh ann mar thús, ina measc monatóir cearta daonna as an tír seo agus gníomhaí sóisialta agus ‘An Ealaín agus an Phalaistín’ mar ábhar cainte acu. Pléifear ‘An Ghéarchéim Tithíochta sa nGaeltacht’ ina dhiaidh sin le hurlabhraí ón ngrúpa Bánú.

Tabharfar an chuairt bhliantúil ar Ghairdín Cuimhneacháin na bhFlaitheartach taobh le teach na bhFlaitheartach i nGort na gCapall ag 3.30pm i mbliana, cuirfidh an scéalaí Máirín Mhic Lochlainn léitheoirí óga as an oileán i láthair. Léifidh Eimear Ní Dhonnchadha sliocht as The Black Soul le Liam Ó Flaithearta a foilsíodh i 1924, céad bliain ó shin. Léifidh Aoibhínn Ní Dhioráin sliocht as gearrscéal Liam Uí Fhlaithearta ‘Ag dul ar imirce’.

Léireofar an dráma Dúmhál le Micheál Ó Conghaile san oíche Dé Sathairn ag 8:30pm i Meánscoil Éinne, Cill Rónáin, dráma atá bunaithe ar ghearrscéal le Liam Ó Flaithearta. Beidh ceol agus amhráin as an áit ar siúl ina dhiaidh sin agus an ócáid ar fad á cur i láthair ag Máire Uí Dhufaigh.

Leanfar leis na himeachtaí ar an Domhnach ag 12:30pm. i dTí Joe Mac, Cill Rónáin, áit a labhróidh an staraí, an Dr John Cunningham ó Ollscoil na Gaillimhe ar an ábhar ‘Tomás Ó Flaithearta agus Tom Glynn, beirt réabhlóidithe idirnáisiúnta’. Is é Éamon Ó Cíosáin, eagarthóir an chnuasaigh ‘An Bhrachlainn Mhór’ a bheidh ina chathaoirleach ar an seisiún cainte seo.

Tuilleadh eolais agus clár na féile le fáil ar leathanach Facebook Chumann Liam agus Thomáis Uí Fhlaithearta.

Féile filíochta Fhine Gall

Beidh Féile Filíochta Fhine Gall ar siúl sna Sceirí i mbliana ón 13-15 Meán Fómhair. Tá lear mór imeachtaí leagtha amach i gclár na bliana seo agus roinnt imeachtaí dátheangacha san áireamh freisin. Tosóidh féile na bliana seo le comórtas craoibhe an Slam Filíochta ag Little Theatre. Beidh an file dátheangach Ben McCaoilte ag glacadh páirt sa slam chomh maith leis an bhfile Samuel Yakura. Beidh ceol beo ann le Amano chun cur leis an atmaisféar. I ndiaidh na filíochta, beidh seisiún ‘iar-slam’ le Ben McCaoilte ina mbeidh an scéalaíocht, an fhilíocht agus an ceol á nascadh le chéile.

Ar an Satharn, an 14 Meán Fómhair, beidh Lá Mór na Filíochta ar bun ag tosú le Siúlóid Filíochta ag Céibh na Sceirí faoi stiúir an fhile Enda Coyle-Greene. Beidh léamh filíochta ar siúl ag Lani O’Hanlon agus Gormfhlaith Ní Shíocháin, chomh maith le damhsa ar an sean-nós le Nada Ní Chuirrín agus ceol le Brenda Castles. Leanfar leis na himeachtaí níos deireanaí sa lá ag Club Seoltóireachta na Sceirí áit a mbeidh an ócáid ‘Poems Signed, Sealed, Delivered’ ar bun agus léamha ar siúl le Annemarie Ní Chuirreáin agus Philip Cummings.

In ionad Prosper Fingal beidh ceiliúradh ar bhuaiteoirí Dhuais Filíochta Fhine Gall agus An Fiach Dubh. Beidh na filí Peter Sirr agus Bríd Ní Mhóráin ag léamh ag an ócáid seo agus ceol beo ann ó Lola Rose. Cuirfear clabhsúr ar an lá leis an ócáid ‘Poetry and All That Jazz’, oíche mhór cheiliúrtha ar fhilíocht agus ceol. Beidh a gcuid filíochta á léamh ag na filí Leontia Flynn agus Laoighseach Ní Choistealbha. Beidh ceol beo leis an Nigel Mooney Organ Trio agus Honor Heffernan ina haoi speisialta amhránaíochta.

Níl aon táille ar an chuid is mó de na himeachtaí ach is gá ticéad a chur in áirithe do chuid acu. Gach eolas agus áirithintí anseo.

PLÉ

An Ghaeilge agus an tírdhreach á bplé sa Solstice Arts Centre

Is minic a chloistear caint faoin dlúthbhaint ag an nGaeilge le tírdhreach na hÉireann. Beidh an ceangal sin á phlé ag an ócáid ‘Teanga agus Tírdhreach’ a bheidh ar bun in Ionad Ealaíne Solstice san Uaimh i gCo. na Mí ar an Satharn, an 24 Lúnasa ag a 11am.

Tháinig an spreagadh don phainéal cainte ó thaispeántas ‘In Search of Hy-Brasil’ atá ar bun faoi láthair sa Solstice. Cúigear ailtirí a chruthaigh an taispeántas do sheastán na hÉireann ag Ócáid Dhébhliantúil Ailtireachta na Veinéise [Venice Architecture Biennale] in 2023.

Breathnaítear sa taispeántas seo ar oileáin na hÉireann d’fhonn athmhachnamh a spreagadh faoin gcaidreamh atá againn leis an talamh agus leis an bhfarraige. Breathnaíonn sé freisin ar cheisteanna tábhachtacha a bhaineann leis an athrú aeráide, fuinneamh inathnuaite, táirgeadh eiticiúil bia agus an bhithéagsúlacht.

Tá sraith imeachtaí eagraithe ag Solstice bunaithe ar na téamaí seo, taispeántais, scannáin, cainteanna agus comhráite san áireamh. Ceann díobh is ea ‘Teanga agus Tírdhreach’ ag a mbeifear ag caint faoi na smaointe a spreagann ‘In Search of Hy-Brasil’.

Is é an scríbhneoir Manchán Magan a bheidh sa gcathaoir. Ina theannta beidh an staraí tírdhreacha Finola O’Kane, an déantóir naomhóige Pádraig Ó Duinnín, an nádúraí agus láithreoir na gcláracha ‘Wild Ireland’, Eoin Warner agus an t-aistritheoir Seán Ó Dubhda.

Níl aon táille ar an ócáid ach is gá ticéad a chur in áirithe roimh ré.

CEOL

Traic nua aislingeach leis an ngrúpa ceoil Deoraí

Traic aislingeach is ea ‘Siúlóid’, an singil is deireanaí ón tionscadal ceoil agus scannánaíochta Gaeilge, Deoraí. Fíonn an traic seo gnéithe den phopcheol le blaisíní de cheol leictreonach na 1990idí agus cruthaítear fuaim neamhshaolta, mhíshocair.

Turas mall, lán atmaisféir é agus liricí séimhe ag sileadh trasna ar chúlra sintéiseora. In ainneoin chomh bog is chomh mín is atá an fhuaim féin, is é an t-uaigneas is láidre a thagann chun cinn. Cothaíonn an t-amhrán mothúcháin an choimhthithe, an bhróin is an chailliúint.

Seo an séú eisiúint ón ngrúpa a bhfuil sé d’aidhm acu ealaín nua a chruthú trí mheán na Gaeilge agus iad ‘ag tarraingt ó thraidisiún ealaíne frithchultúrtha agus iar-nua-aoiseach’. Tá sraith íomhánna eisithe leis an singil ar shuíomh idirlín Deoraí a chuireann le tiúin uaibhreach an cheoil. Léiríonn na híomhánna digiteacha cathair iar-nua-aoiseach atá ag dul chun raice.

Is tírdhreach fuar uirbeach atá sna híomhánna cé is moite de chraobh amháin eidhinn a fheictear ag lúbadh léi tríd na sráideanna dorcha. Tá bláthanna dearga ag fás ar an eidheann, comhartha an ghrá nó na fola, b’fhéidir. Siombail den bhuannaíocht agus an chosaint ón olc a luaití leis an eidheann sa mbéaloideas Gaelach. An bhfuil an dúlra ag teacht ar ais is ag glacadh seilbh ar an tírdhreach cathrach i scéal an amhráin?

Níl aon duine le feiceáil sna híomhanna, an t-aon phearsa a fheictear ná róbat ‘baineann’ atá sínte ar an tsráid ar a droim agus an chuma uirthi go bhfuil sí básaithe. Tá an t-eidheann ag casadh aníos timpeall uirthi sin í féin. Tá macalla sna pictiúir den Spéirbhean ina Codladh (Sleeping Beauty) nó ’The Lady of Shalott’ ar snámh.

Saothar machnamhach é a spreagann ceisteanna faoin saol comhaimseartha agus ról an duine ann.

Tuilleadh eolais faoi Deoraí agus ‘Siúlóid’ anseo.

Fág freagra ar 'CULTÚR: Féile na bhFlaitheartach in Inis Mór, filíocht i bhFine Gall agus ceol nua ó Deoraí'