COMÓRTAS GRIANGHRAFADÓIREACHTA: ‘An samhradh sa Ghaeltacht’ – tá bhur bpictiúir uainn!

#pixGaeltachta Tá áthas ar Tuairisc.ie comórtas grianghrafadóireachta a fhógairt dár léitheoirí…

Cuirtear tús inniu le Comórtas nua Grianghrafadóireachta ag Tuairisc.ie a mhairfidh go dtí an 31 Lúnasa 2016.

‘An samhradh sa Ghaeltacht’ is teideal don chomórtas nua agus chun cur isteach air tugtar cuireadh dár léitheoirí uilig pictiúir a sheoladh chugainn a thugann léargas ar shaol na Gaeltachta i gcaitheamh an tsamhraidh.

Is féidir aon stíl grianghraif a chur isteach ar an gcomórtas – radharc tírdhreacha, portráid, ócáidí, saothar srl – fad is go dtógtar sa Ghaeltacht é idir an 12 Meitheamh 2016 agus 31 Lúnasa 2016.

Foilseofar go rialta ar Tuairisc.ie gailearaithe de na hiarratais is fearr ar ‘An samhradh sa Ghaeltacht’ agus bronnfar trí dhuais ag deireadh an chomórtais ar na pictiúir is fearr a thugann léargas ar shaol na Gaeltachta an samhradh seo.

Inniu a thosaíonn an comórtas nua seo agus mar sin, bígí ag seoladh libh as seo go dtí an 31 Lúnasa.

Is féidir cur isteach ar an gcomórtas ‘An Samhradh sa Ghaeltacht’ ach bhur bpictiúir a roinnt linn ar ríomhphost nuacht@tuairisc.ie, ar Twitter @tuairiscnuacht #pixGaeltachta, nó ar ár leathanach Facebook.

Eagarthóir Pictiúr Tuairisc.ie Seán Ó Mainnín agus foireann Tuairisc.ie a dhéanfaidh moltóireacht ar ‘An Samhradh sa Ghaeltacht’.

Níl aon teorainn le líon na n-iarratas a cheadaítear a chur isteach ach iarrtar ar iarrthóirí an chomórtais gan ach pictiúr amháin a sheoladh i ngach iarratas.

Ní mór na sonraí seo a leanas a chur le gach iarratas:

  1. Ainm an té a ghlac an pictiúr
  2. An áit ar glacadh an pictiúr
  3. An dáta ar glacadh an pictiúr
  4. Cúpla focal faoi ábhar an phictiúir

Is iad na duaiseanna a bhronnfar ag deireadh an chomórtais:

  1. €100 agus cóip de do ghrianghraf agus é frámaithe go gairmiúil
  2. €100
  3. €75

Fág freagra ar 'COMÓRTAS GRIANGHRAFADÓIREACHTA: ‘An samhradh sa Ghaeltacht’ – tá bhur bpictiúir uainn!'