Beidh cúpla lá mór ann i gComórtas Peile na Gaeltachta 2019 an deireadh seachtaine seo agus na babhtaí cáilithe á reáchtáil i nGaillimh agus i nDún na nGall idir seo agus an Luan.
Ba iad Cill na Martra is deireanaí a bhain áit amach ag an gcomórtas náisiúnta atá á reáchtáil ag Cumann Caide na Gaeltachta deireadh seachtaine na Cincíse. Déanfaidh Cill na Martra ionadaíocht ar Chorcaigh sa chraobh shinsir tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Bhéal Átha an Ghaorthaidh aréir.
Imreofar na babhtaí leathcheannais sa chomórtas cáilithe i nGaillimh ar an bhFairche tráthnóna. I gcraobh na sinsear, casfaidh Naomh Anna Leitir Móir ar Oileáin Árann agus imreoidh Bearna in aghaidh na Ceathrún Rua, foireann a bhain an cluiche ceannais amach sa chomórtas náisiúnta sna Dúnaibh anuraidh.
Beidh peileadóirí sóisir na Ceathrún Rua san iomaíocht inniu chomh maith agus iad ag imirt i gcoinne Bhearna sa bhabhta leathcheannais. Idir Naomh Pádraig, An Fhairche agus Rinn Mhaoile atá an cluiche leathcheannais eile.
Imreofar na cluichí ceannais i ngrád na sinsear agus i ngrád na sóisear amárach.
Is i nGaoth Dobhair a imreofar cluichí cáilithe Dhún na nGall amárach agus Dé Luain.
Sa chraobh shóisir, imreoidh na Dúnaibh in aghaidh Naomh Conaill agus casfaidh Gaoth Dobhair ar Naomh Muire. Sa chraobh shinsir, tabharfaidh an Clochán Liath agus Cill Charthaigh aghaidh ar a chéile agus imreoidh An Tearmann i gcoinne Ghaoth Dobhair. Imreofar na cluichí ceannais Dé Luain.
I bpeil na mban, imreofar an cluiche ceannais sa chraobh shóisir idir Cloich Cheann Fhaola agus Naomh Columba tráthnóna amárach. Is ar an Luan a imreofar an cluiche ceannais idirmheánach idir Naomh Muire agus Naomh Náille agus cluiche ceannais na sinsear idir an Tearmann agus Gleann Fhinne.
Reáchtálfar Comórtas Peile na Gaeltachta 2019 i gCorca Dhuibhne idir 31 Bealtaine agus 3 Meitheamh. Tá cluichí cáilithe Mhaigh Eo imeartha cheana féin agus áit sa gcomórtas náisiúnta bainte amach ag Cill tSéadhna (Sinsir) agus Cill Chomáin (Sóisir).
Cluichí Cáilithe na Gaillimhe
Dé Sathairn, 4 Bealtaine
Cluichí Leathcheannais (Sinsir)
Naomh Anna, Leitir Móir v Oileáin Árann – 1.15pm
An Cheathrú Rua v Micheál Breathnach – 2.45pm
Cluichí Leathcheannais (Sóisir)
An Cheathrú Rua v Bearna – 4.15pm
Naomh Pádraig, An Fhairche v Rinn Mhaoile – 6.00pm
Dé Domhnaigh, 5 Bealtaine
Cluiche ceannais (Sóisir) – 2.30pm
Cluiche ceannais (Sinsir) – 4.30pm
Cluichí Cáilithe Dhún na nGall
Dé Domhnaigh, 5 Bealtaine
Cluiche Ceannais (Mná Sóisir)
Cloich Cheann Fhaola v Naomh Columba – 12.00pm
Cluichí Leathcheannais (Fir Sóisir)
Na Dúnaibh v Naomh Conaill – 2.00pm
Gaoth Dobhair v Naomh Muire – 5.00pm
Cluichí Leathcheannais (Fir Sinsir)
An Clochán Liath v Cill Charthaigh – 3.30pm
Gaoth Dobhair v An Tearmann – 6.30pm
Dé Luain, 6 Bealtaine
Cluiche Ceannais (Fir Sóisir) – 1.30pm
Cluiche Ceannais (Fir Sinsir) – 3.00pm
Cluiche Ceannais (Mná Idirmheánach)
Naomh Muire v Naomh Náille – 6.30pm
Cluiche Ceannais (Mná Sinsir)
An Tearmann v Gleann Fhinne – 7.00pm
Fág freagra ar 'Cluichí cáilithe Chomórtas Peile na Gaeltachta 2019 i dTír Chonaill agus i nGaillimh'