Clár faisnéise le craoladh faoi fhadhb an chócaoin i gConamara

Sa chlár faisnéise ‘Snaoisín Bán’, labhróidh an t-iriseoir Cóilín Ó Neachtain leis an nGarda Síochána, lucht leighis agus fear óg a bhí tugtha don chócaon chun léargas a fháil ar an dochar atá an druga a dhéanamh sa cheantar

Clár faisnéise le craoladh faoi fhadhb an chócaoin i gConamara

Tá clár speisialta ina fhiosrófar fadhb an chócaoin i gConamara agus i nGaillimh trí chéile le craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo.

Sa chlár faisnéise Snaoisín Bán, labhróidh an t-iriseoir Cóilín Ó Neachtain leis an nGarda Síochána, le lucht leighis agus le fear óg a bhí tugtha don chócaon chun léargas a fháil ar an dochar atá an druga a dhéanamh sa cheantar.

Tháinig méadú níos mó ná 50% anuraidh ar an líon daoine ar rugadh orthu i gConamara agus cócaon ina seilbh acu agus cloisfear sa chlár ó na Gardaí faoin bhfadhb mhór seo atá ag dul in olcas bliain i ndiaidh bliana, agus faoi obair na n-oifigeach custaim, ó Aonad Muirí na gCoimisinéirí Ioncaim, leis an druga a choinneáil amach as an tír.

Beidh cur síos ón dochtúir teaghlaigh Micheál Ó Cathasaigh ar na fadhbanna sláinte tromchúiseacha a bhaineann le húsáid chócaoin, fadhbanna atá sé a fheiceáil i bhfad níos minice ag a chuid othar anois, agus beidh tuairimí láidre le cloisteáil ón gcomhairleoir andúile Joe Treacy faoin easpa seirbhísí atá ann i gContae na Gaillimhe do dhaoine atá tugtha don druga.

Cloisfear freisin cur síos pearsanta ó fhear óg, 32, a bhí tugtha do chócaon, agus mar a chuaigh rudaí in olcas ón gcéad líne den chócaon a thóg sé go dtí go raibh sé ag caitheamh €500 sa lá ar an druga, agus an dochar mór a rinne sé sin do gach gné dá shaol sula ndeachaigh sé ag cuartú tacaíochta.  Beidh cur síos freisin ar na seirbhísí atá ar fáil d’andúiligh in ionad Bushypark in Inis i gContae an Cláir.

Craolfar Snaoisín Bán amárach, Dé Céadaoin, an 8 Feabhra ag 2.05 pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Clár faisnéise le craoladh faoi fhadhb an chócaoin i gConamara'