Clár breá buiséid ar TG4, ach é ródhéanach agus róghairid

An sop in áit na scuaibe a bhí i gclúdach buiséid TG4 nuair a chuireann tú an soláthar sin i gcomparáid le RTÉ, nó Raidió na Gaeltachta féin

Clár breá buiséid ar TG4, ach é ródhéanach agus róghairid

‘Ní fhaca mise aon ‘tiger’ thart anseo ach an cúpla cat atá ag dul thart sa gharraí.’

B’in a bhí le rá ag Tomás Ó hAllmhuráin is é fé agallamh ag Shane Ó Curraighín do chlár speisialta TG4 faoi mbuiséad aréir. Dar leis go raibh ceantair cosúil le hIorras Aithneach fágtha ina áit na leathphingine fiú nuair a bhí cúrsaí eacnamaíochta in airde láin. Conach air faoi sin agus mar nach bhfuil  mórán sa bhuiséad seo a rachadh i ngleic leis an ngéarchéim eacnamaíochta agus an bánú tuaithe ar a fhód dúchais.

Thrácht sé ar na tithe folmha ar fad sa cheantar agus an tslí go bhféadfaí scéim a cheapadh a shásódh an Chomhairle Contae, na húinéirí agus iad siúd gan dídean. Thug sé le fios go bhfuil 70% d’aos óg an cheantair bailithe leo as an áit le cúig bliana is fiche anuas. ‘Tá sé an-éasca Gaeilge a choinneáil beo, tá sé an-éasca cumann peile a choinneáil beo má tá obair san áit agus daoine timpeall ann, tiocfaidh borradh faoi chuile shórt.’

Sách ráite.

Tá sé luaite anseo go minic cheana agam go bhfaighim an-bhlas ar shaothar mheitheal nuachta TG4 agus foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta ar laethanta móra an bhuiséid is olltoghcháin. Gach n-aon luite amach orthu féin agus fuinneamh suaithinseach le haireachtáil.

Clár tathagach eile a cuireadh os ár gcomhair ar TG4 aréir. Faoi mar a dúirt an té a dúirt é ní raibh de locht air ach a laghad. Má bhí anailís agus tuairiscí ag RTÉ Raidió na Gaeltachta i gcaitheamh an tráthnóna, bhíomar i dtaobh le leathuair bhreise fhánach ar an teilifís. Tá sé deacair, gan géilleadh don tuiscint gurb é an sop i ndiaidh na scuaibe é nuair a chuireann tú an soláthar sin i gcomparáid le RTÉ. Deirim sin ar dhá chúis; chomh déanach sa lá is a craoladh an clár agus gan ann ach an uair an chloig. Faoin tráth is gur thosaigh TG4 ag craoladh bhí, de réir mo chomhairimh, 11 uair an chloig tugtha ar an bport ag RTÉ agus breis is uair an chloig go leith le teacht go fóill. Gan amhras is cás an leoin is na luiche atá againn ó thaobh na n-acmhainní agus níl de rogha ag stáisiún Bhaile na hAbhann ach fuineadh de réir na mine. Ina dhiaidh sin féin bheadh faobhar ar mo ghoile dá mbeadh uair an chloig eile, fiú, i rith an lae. Ní fhéadfadh éinne a mhaíomh ansan nach bhfuil siad ag déanamh a ndíchill é a fhéachaint leis an gceárta mhór.

Cé go raibh, mar is gnáth go leor den gach re sea, buaileam sciath agus cnáimhseán againn, taibhsíodh dom go raibh scéal an Bhuiséid níos ciúine ná mar is gnáth agus nach raibh an oiread sin teasa san áiteamh. Cáin charbóin, an muirear sóisialta uilíoch, faoiseamh cánach do thiarnaí talún, ardú ar an CBL, srl. Cuid den chadhain seo a chur sa chadhain úd eile.

Seoladh Eibhlín Ní Choisdealbha go Baile Átha Cliath agus bhí Páidí Ó Lionáird i bhfeighil an tí i mBaile na hAbhann, mar a raibh Maolra Mac Donnchadha le hais scáileán na bhfigiúirí. Bhailigh meitheal bhreá isteach le dul i mbun cainte le Páidí: an colúnaí leis an suíomh seo Cathal Mac Coille; Máirín Ní Choisdealbha Seoighe ó Fhorbairt Chonamara Láir; an Dr. Eoin Mac Donncha agus an cuntasóir Deirdre Ní Mhaoláin.

Chuir Páidí an tAire Stáit Joe McHugh fé agallamh ach ní bhfuaireas aon bhlas ar an bhfuta fata a bhí aige. Fear Chorcaí ag maíomh go raibh an t-ardú €5m a fuair ciste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ‘suarach’ agus spior spear á dhéanamh ag McHugh den chúram a oiread agus ab fhéidir leis. Chuaigh Irene Ní Nualláin chun cainte le lucht an fhreasúra agus chuaigh Ian Mac Murchaidh, Ruairí Mac Con Iomaire, Sinéad Ní Neachtain is Aodhán Ó Maoileoin chun cainte le saineolaí airgeadais, saineolaí cánach, tuismitheoir agus pinsinéir faoi seach.

Lena chois sin ar fad bhí painéal bailithe le chéile ag Seán Mac an tSíthigh ó dheas agus Ailbhe Ó Monacháin ó thuaidh. Fágadh fé Shorcha Ní Riadha an t-áiteamh idir an tAire Stáit Seán Kyne agus Pierce O’Doherty a bhainistiú. Slaiseanna deasa á gcaitheamh. Kyne ag maíomh go dteastaíonn airgead ó Shinn Féin do ‘chuile rud’ ach nach bhfuil siad sásta aon airgead a bhailiú. Ó Dochartaigh ag rá gur thug an buiséad níos mó airgead do thiarnaí talún ná mar a thug sé don Ghaeilge.

Maíodh ag deireadh an chláir go leanfaí leis an gcíoradh, an chogaint agus an chadráil an chuid eile den seachtain. Ba mhór an trua nach raibh a thuilleadh againn ar an lá féin. ‘Tiger’ seachas ‘cúpla cat’ sa gharraí atá ón léirmheastóir seo.

Fág freagra ar 'Clár breá buiséid ar TG4, ach é ródhéanach agus róghairid'