Cineál Eris den Covid-19 in Éirinn

Tá an cineál nua seo, EG.5, níos tógálaí ná na cineálacha a bhí ann go dtí seo ach níl aon fhianaise ann go mbíonn daoine níos breoite

Cineál Eris den Covid-19 in Éirinn

Tá sé deimhnithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil cineál nua den Covid-19 aimsithe sa tír seo.

Deirtear gurb é Eris, a shíolraigh ón gcineál Omicron, is bun leis an ráig atá in ospidéil in Éirinn faoi láthair.

Tá an cineál nua seo, EG.5, níos tógálaí ná na cineálacha eile atá sa timpeall.

Dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, áfach, nach bhfuil aon fhianaise ann go mbíonn an tinneas féin níos measa ná na cineálacha eile.

Iarrtar ar dhaoine cloí leis an gcomhairle ar fad maidir le scaipeadh an Covid-19  a sheachaint sa gcaoi is nach scaipfidh an cineál nua seo.

Dúirt an HSE go raibh ráigeanna den Covid-19 ann gach cúpla mí ó thús na bliana anuraidh. Ach dúradh freisin nach raibh aon bhreoiteacht níos measa tugtha faoi deara sna cásanna atá deimhnithe sa stát le roinnt seachtainí.

“Mar a tharla leis na ráigeanna eile a bhí againn sa tír, gach uair a n-ardaíonn líon na gcásanna den Covid-19, bíonn ardú dá réir ar an líon daoine a bhíonn sna hospidéil agus sna haonaid dianchúraim agus is amhlaidh an scéal faoi láthair,” a dúradh sa ráiteas ó FSS.

“Chonaiceamar roimhe seo in Éirinn gach uair a raibh ráig eile den víreas sa bpobal go raibh níos mó othar san ospidéal, sna hionaid altranais agus in ionaid leighis eile leis an Covid-19.”

De réir na bhfigiúirí is déanaí a cuireadh ar fáil, 13 othar atá in ionaid dianchúraim inniu agus iad buailte ag an víreas, agus tugadh beirt acu sin isteach le 24 uair an chloig.

Tá an Covid-19 ar othair i roinnt bardaí in Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe agus tá “lear mór daoine” ag freastal ar an ionad éigeandála ansin.

“Tá an-bhrú ar leapacha san ospidéal mar gheall ar an líon mór daoine a bhfuil cúram istigh san ospidéal ag teastáil uathu,” a dúradh i ráiteas ó urlabhraí de chuid an ospidéil.

 

Fág freagra ar 'Cineál Eris den Covid-19 in Éirinn'