Is breá liom Máirt Inide!
Tá cuimhní áille agam de phancóga tanaí donn-óir a chaitheamh san aer sa bhaile agus iad a alpadh siar le beagán siúcra agus sú líomóide nó le bananaí agus seacláid.
Ba nós linn iad a dhéanamh ar stíl thanaí an crêpe i gcónaí seachas an stíl thiubh Mheireacánach atá ag éirí an-choitianta. Seo a leanas mar a dhéanaimid an chuid is ansa liomsa sa chaifé.
I mbliana rachaidh gach pingin ó dhíol na bpancóga go dtí MADRA, carthanacht a chuidíonn le baile úr a aimsiú do mhadraí.
175g plúr geal
3 ubh
450ml bainne
gráinnín salainn
Ola don chócaireacht
- Criathraigh an plúr agus an salann isteach i mbabhla measctha agus déan log i lár báire.
- Measc le chéile i gcrúiscín na huibheacha agus an bainne.
- Doirt leath den mheascán uibheacha agus bainne isteach sa log agus measc gach rud le chéile le greadtóir go dtí go mbeidh fuidreamh tiubh agat.
- Ansin, de réir a chéile buail isteach an chuid eile den mheascán uibheacha agus bainne.
- Cuir clúdach ar an mbabhla agus cuir i leataobh é sa chuisneoir ar feadh leathuaire. Tabharfaidh sé seo deis don leacht meascadh leis an bplúr i gceart agus beidh na pancóga níos fearr dá bhar.
- Téigh friochtán neamh-ghreamaitheach ar mheán-teocht ard. Cuir braoinín ola isteach agus déan cinnte go bhfuil gach cuid de bhun an fhriochtán gréisithe go héadrom le nach ngreamóidh do phancóg dó.
- Nuair atá an friochtán te go leor, cuir isteach dóthain fuidrimh le go gclúdóidh sé an bun go cothrom agus go tanaí.
- Tar éis thart ar 1 nóiméad, nuair a thosaíonn na himill ag teacht den fhriochtán agus nuair a fheiceann tú poill bheaga i lár báire tá sé réidh le casadh. Tabhair crith beag don fhriochtán le cinntiú nach bhfuil an phancóg greamaithe agus cas leat. Is féidir é a dhéanamh tríd é a chaitheamh san aer, nó mura bhfuil tú compordach leis sin, bain úsáid as spadal. Ná húsáid rud ar bith miotal a bhainfidh an dromchla neamh-ghreamaitheach de do fhriochtán deas.
- Tar éis nóiméad nó mar sin ar a taobh eile beidh an phancóg réidh. Ba cheart go mbeadh dath deas órdhonn in áiteanna ar an dá thaobh.
- Cuir i leataobh é agus réitigh an chéad cheann eile. Is féidir iad a choinneáil te san oigheann ar theocht íseal go dtí go bhfuil tú réidh le hiad a ithe.
Seo a leanas a chuirimid féin orthu sa chaifé: Siúcra & Líomóid Banana & mil Compote Sméara Séasúracha & Mascarpone Fanaile Collchnónna Tósta & Seacláid Leáite
Seán ÓM
Nam nam nam nam nam nam nam.