Ceiliúradh 20 bliain Danú

Labhair Méabh Ní Thuathaláin le Muireann Nic Amhlaoibh, príomhamhránaí Danú, atá ag tabhairt camchuairte timpeall Mheiriceá Thuaidh faoi láthair.

Danu2_credit_-_Colm_Henry_
Pictúr: Colm Henry

Níl an oiread sin máithreacha a n-éiríonn leo slí bheatha a bhaint amach i saol an cheoil thraidisiúnta. Ach tá ag éirí le Muireann Nic Amhlaoibh, amhránaí agus fliúiteadóir atá ag casadh le Danú ó 2003.

“Jekyll and Hyde” arsa Muireann, ag gáire, agus í ag cur síos ar an saghas saoil atá aici ag iarraidh an dá thrá a fhreastal.

“Braithim go bhfuil an dá shaol ann. Tá an saol ag baile agam agus mé i mo mháthair agus ansan iompaím i mo dhuine a bhíonn ar stáitse,” arsa sí.

Go hiondúil, déanann Danú dhá chamchuairt mór le linn na bliana, chuig na Stáit Aontaithe agus Ceanada, ceann thart ar an am seo agus ceann eile i mí an Mhárta. Anuas air sin, bíonn go leor deirí seachtaine acu san Eoraip agus timpeall na hÉireann.

“Anuraidh bhraitheas gur dheineas an iomad taistil agus níor thuigeas é go rabhas i lár slí. Bhí an obair go diail ach bhí sé ródheacair a bheith imithe ós na leanaí ar feadh an oiread sin ama. Uaireanta ansan, thugas liom iad agus bhí sin chomh deacair céanna,” a dúirt Muireann.

Thuigfeadh duine é sin ag éisteacht dó lena cur síos ar ghnáthlá ar an mbóthar. Samhlaigh leanaí le heitiltí luatha, oícheanta déanacha, uaireanta sa charr, tástálacha fuaime; greim bia tapa, ostáin éagsúla, aistriú éadaí, bualadh le lucht féachana agus ceolchoirmeacha móra.

“Cé go mbíonn sé deacair gan na leanaí, bíonn sé chomh deas leaba mhór mhíllteach a bheith agam agus oíche chodlata iomlán gan aon bhriseadh,” a dúirt sí.

“Is í an fhírinne lom ná go bhfuil gá leis an taisteal más ceoltóir traidisiúnta lánaimseartha thú. Níl aon rogha agat ach a bheith ag taisteal agus ní haon rud nua é sin.”

“Níl a dóthain oibre in Éirinn ach níl an locht ar Éirinn. Is tír bheag í agus tá an oiread san daoine in ann seimint. Tá gach aon dara duine ina cheoltóir sa tír seo. Is comhartha é ar cé chomh láidir is atá an ceol agus is iontach an rud é,” a dúirt Muireann.

Tá buntáistí móra a bhaineann leis an taisteal. Ní fhéadfadh ceolchoirm thraidisiúnta ar bith lucht féachana 3,000 a bhaint amach in Éirinn, fiú ag na féilte ceoil is mó sa tír.

Ach tá ag éirí le Danú sin a dhéanamh, rud a léiríonn a oiread tóra atá ar cheol traidisiúnta ar fud an domhain, ní hamháin i measc an diaspóra Éireannaigh ach ina measc siúd nach bhfuil aon bhaint acu le hÉirinn agus a chuireann spéis i gcineálacha éagsúla ceoil, idir cheol clasaiceach, snagcheol agus cheol traidisiúnta.

“Is dóigh liom go bhfuil suim tagtha thar n-ais go dtí an bhfíorcheol traidisiúnta. Bhí daoine ag cur spéise i gceol traidisiúnta trialach nó funky ar feadh tamall de bhlianta ach braithim ar shlí go bhfuil sin as dáta arís. Seans gur sin díreach an tuiscint atá againn air ach táimid dírithe go huile is go hiomlán ar an gceol traidisiúnta,” arsa Muireann.

Tuigeann baill Danú a thábhachtaí atá préamhacha an cheoil thraidisiúnta.

“Má bhíonn deis againn, is breá linn seisiún ceoil a bheith againn nach bhfuil aon bhaint aige leis an gceolchoirm, chun an ceangal sin a a choinneáil leis an gceol traidisiúnta,” a dúirt sí.

Beidh Danú ag ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód sa bhliain úr le halbam nua ‘Buan’.

Is é Dónal Lunny a léirigh é agus tá ‘sceitimíní’ ar bhaill an ghrúpa faoin albam nua seo.

“Is dóigh liom gurb é an píosa ceoil is slachtmhaire agus is críochnúla atá déanta againn go dtí seo agus táimid an-bhródúil as,” a dúirt Muireann.

Tá Danú ag súil le dul ar camchuairt timpeall na tíre leis an albam nua ‘Buan’ i rith an tsamhraidh.

Idir an dá linn, seolfar ‘Buan’ ag an Temple Bar Trad Fest, i Séipéal St. Werburgh, ar an 30 Eanáir.