‘Céadlínte’ d’fhilí Gaeilge, an Ghaeilge ag Féile GAZE, Daonscoil na Mumhan is Féile an Phobail, Aindrias de Staic in Inis Oírr

Sa cholún seo tá eolas faoi na hócáidí, na féilte, na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh…

‘Céadlínte’ d’fhilí Gaeilge, an Ghaeilge ag Féile GAZE, Daonscoil na Mumhan is Féile an Phobail, Aindrias de Staic in Inis Oírr

FILÍOCHT

Deis d’fhilí atá ag tosú amach

Tá an clár Céadlínte a chuireann deis ar fáil d’fhilí nua, á reáchtáil arís i mbliana ag Éigse Éireann. Cuirtear ceardlanna, deis cur i láthair a dhéanamh agus deis foilsithe ar fáil d’fhilí a ghlacann páirt sa gclár. Tá deis ag na rannpháirtithe a saothar a fhoilsiú trí ríomhfhoilseachán a chruthóidh agus a eiseoidh Éigse Éireann.

Beidh na filí a roghnófar do Céadlínte 2025 páirteach i réimse ceardlann ina ndíreofar ar chabhrú leo maidir le cúrsaí scríbhneoireachta agus saol na foilsitheoreachta. Beidh rang freisin ann faoin ealaín a bhaineann le dán a léamh agus faoin fhilíocht a léamh go poiblí. I measc na dteagascóirí ar an gclár i mbliana, tá Aifric Mac Aodha agus Ciara Ní É.

Tá go dtí an 28 Iúil ag filí le hiarratas a sheoladh isteach. Tá tuilleadh eolais agus foirm iarratais anseo.

SCANNÁIN

Scannáin Ghaeilge ag féile scannán idirnáisiúnta LGBTQIA i mBaile Átha Cliath

Beidh GAZE, an fhéile scannán idirnáisiúnta LGBTQIA, ar bun i mBaile Átha Cliath san IFI agus sa Lighthouse Cinema ó 29 Iúil go dtí an 4 Lúnasa. Tá os cionn fiche bliain de scannáin Ghaeilge LGBTQIA á gceiliúradh ag an bhféile i mbliana. Taispeánfar an rogha gearrscannán i nGaeilge ar an Luan, 4 Lúnasa san Irish Film Institute ag a 2 i.n. in amharclann a dó.

I measc na ngearrscannán a bheidh le feiceáil mar chuid den taispeáint, beidh Claonadh le Ciara Ní É. Bhuaigh an script don ghearrscannán seo Comórtas Físín sa Daingean, comórtas a thugann tacaíocht do dhéantóirí gearrscannán smaoineamh a fhorbairt. Beidh an gearrscannán Homófónia le feiceáil freisin, ina n-insítear scéal faoi lánúin óg aoninscne atá ag coinneáil faoi rún a gcaidrimh. An bealach atá acu lena rún a choinneáil ná labhairt le chéile i nGaeilge sa chaoi is nach dtuigfidh a gcairde sa rang iad. Ach téann rudaí áirithe amú san aistriúchán orthu, a deirtear.

Tá tuilleadh eolais agus ticéid ar fáil anseo.

TEANGA AGUS CULTÚR

An Teanga, an talamh agus na logainmneacha ag Daonscoil na Mumhan

Beidh an cúrsa Gaeilge 2025 ar siúl ag Daonscoil na Mumhan ón 10-15 Lúnasa ag Coláiste na Rinne i nGaeltacht na nDéise i mbliana. Is é ‘An Teanga, an Talamh, agus na Logainmneacha’ téama na bliana seo beidh bhéim ar an nGaeilge agus ar an gcultúr agus ar neart spraoi. Chomh maith leis sin ar fad, beidh léachtaí, cainteanna, ranganna, turais, seoladh leabhar, ceol, amhránaíocht agus neart eile á reáchtáil mar chuid d’imeachtaí na seachtaine.

Is é an t-iaraire Gaeltachta Éamon Ó Cuív a sheolfaidh an daonscoil i mbliana, ar an Aoine an 10 Lúnasa agus beidh seisiún amhránaíochta i ndiaidh na hoscailte leis an amhránaí aitheanta, Ann Mulqueen. Cuirfear clabhsúr ar na himeachtaí an oíche sin Tigh Bhríd agus seisiún airneáin beartaithe.

Ar an gclár leathan imeachtaí atá leagtha amach don tseachtain, beidh ceardlann filíochta maidin Dé Luain an 11 Lúnasa le Colm Ó Ceallacháin agus rang amhránaíochta le Áine Ní Fhiannusa. Cuirfear ceardlann ealaíne ar bun le Máire Bn. Uí Dhrisceoil san ardtráthnóna agus beidh caint ann le Máire Seo Breathnach, Oifigeach na Gaeilge le Comhairle Phort Láirge agus bunaitheoir an Choiste Logainmneacha sa chomhairle.

Tá tuilleadh eolais agus áirithintí le fáil ar shuíomh idirlín Dhaonscoil na Mumhan.

SCÉALAÍOCHT

Aindrias de Staic in Áras Éanna

Beidh tráthnóna scéalaíochta do dhaoine fásta á chur i láthair ag Aindrias de Staic in Áras Éanna in Inis Oírr ar an gCéadaoin an 13 Lúnasa ag 8:30 i.n. Tá traidisiún na scéalaíochta ó bhéal á athnuachan ag de Staic agus é ag aithris scéalta lena veidhlín agus uirlisí tionlacain eile. Beidh Brian Fleming ina theannta ar chnaguirlisí agus Aisling Lyons ar an gcláirseach agus ar an gconsairtín.

Sníonn de Staic le chéile gnéithe den cheol, den aisteoireacht, den ghreann, den spraoi agus den diabhlaíocht ina chuid seónna. Deir sé féin go raibh tionchar mór ag na baird a chuaigh roimhe ar a shaothar, leithéidí Raiftearaí agus Brian Merriman.

Faoi Sholas na Réabghealaí an teideal atá ar an seó agus tá na ticéid ar fáil ar Eventbrite.

FÉILE

Féile an Phobail i mBéal Feirste

Cuirfear tús amárach le Féile an Phobail i mBéal Feirste agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí an 10 Lúnasa.

I measc na n-imeachtaí Gaeilge a bheidh ar bun i rith na féile, beidh craoladh beo 24 uair a chloig á dhéanamh ag Raidió Fáilte ar an 1 Lúnasa (tuilleadh eolais ar www.raidiofailte.com). Beidh ‘Cearta Moillithe agus Cearta Diúltaithe’ á phlé ag painéal cainte i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich an lá céanna ag 11 r.n,  ócáid atá á reáchtáil i gcomhar le Conradh na Gaeilge.

Beidh dianchúrsaí Gaeilge á reáchtáil in Ollscoil Naomh Muire i rith na féile chomh maith ar an 2 Lúnasa a maidin. Costas £10 agus is féidir clárú trí Eventbrite. Cuirfear imeachtaí ar bun do pháistí agus do theaghlaigh freisin, ina measc Tóraíocht Taisce ar an 3 Lúnasa ag meán lae ar Bhóthar na bhFál, níl aon táille air sin. Beidh Scéalaíocht le Wendy ar bun i Raidió Fáilte ag meán lae Dé Céadaoin, 6 Lúnasa agus é saor in aisce.

Tá tuilleadh eolais agus clár na féile le fáil anseo.

Fág freagra ar '‘Céadlínte’ d’fhilí Gaeilge, an Ghaeilge ag Féile GAZE, Daonscoil na Mumhan is Féile an Phobail, Aindrias de Staic in Inis Oírr'