Caitlín Nic Aoidh, an láithreoir ar bhuail splanc thintrí í ‘fós ar iarraidh’ – Nuacht TG4

Craoladh scéal ar Nuacht TG4 aréir faoin láithreoir aimsire atá ‘fós ar iarraidh’ i ndiaidh di imeacht den scáileán gan tásc gan tuairisc Oíche Shamhna

Baineadh geit as lucht féachana TG4 Óiche Shamhna nuair a bhuail splanc thintrí Caitlín Nic Aoidh agus i ag tabhairt réamhaisnéis na haimsire. Bhí na meáin shóisialta beo i ndiaidh na heachtra agus TG4 á mholadh ag go leor as a gcleas Oíche Shamhna.

Rinneadh os cionn 4,000 athghiolc ar ghearrthóg amháin den ‘timpiste’, agus láithreoirí cáiliúla teilifíse – an fear grinn mór le rá Dara Ó Briain ar dhuine acu – ina measc siúd a scaip an scéal.

D’imigh Caitlín gan tásc gan tuairisc agus ní fhacthas ar réamhaisnéis na haimsire ó shin í. Bhí tuairisc tráthnóna inné ar Nuacht TG4 faoin láithreoir agus a cuid comhghleacaithe “buartha” fúithi.

Fág freagra ar 'Caitlín Nic Aoidh, an láithreoir ar bhuail splanc thintrí í ‘fós ar iarraidh’ – Nuacht TG4'