Tá bonn óir Oilimpeach buaite ag Kellie Harrington na hÉireann i gcró na dornálaíochta i dTóiceo ar maidin.
Fuair Harrington an ceann is fearr ar an mBrasaíleach Beatriz Ferreira sa gcomhrac ceannais 60kg in Airéine Ryōgoku Kokugikan.
Tá Harrington ar an tríú dornálaí as Éirinn a chroch bonn óir abhaile ó na Cluichí Oilimpeacha.
Sárthaispeántas a bhí ann ó Kellie Harrington a chaill an chéad bhabhta, 3-2, ach a rinne teacht aniar iontach chun an dá cheann eile a bhuachan agus an bonn Oilimpeach a shaothrú.
Sa bhliain 1992 rinne Michael Carruth as Droimeanach i mBaile Átha Cliath an gaisce sin in Barcelona, in 2012 ba í Katie Taylor as Bré i gCill Mhantáin an gaiscíoch a bhí ag Éirinn i Londain agus maidin inniu i dTóiceo ba í laoch Rae Portland as lár na príomhchathrach a bhí ag ceiliúradh bua órga.
Tá gean na tíre meallta ag Kellie Harrington ó thosaigh na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo lena cumas, a gnaíúlacht, a teacht aniar agus a hionracas. Bhí daoine faoi gheasa ag a díocas diongbháilte sa bhfáinne agus a nós nath as The Lion King a lua nuair a bhí an beart déanta aici.
Ba é ‘Hakuna Matata’, ná bí buartha nó tóg go bog é, a dán arís maidin inniu i dTóiceo ag an seaimpín Oilimpeach nua.
Ceithre bhonn a bhuaigh Foireann na hÉireann ag na Cluichí.
Chomh maith le bonn óir Kellie Harrington, tá bonn cré-umha eile ag an dornálaí Aidan Walsh, bonn óir ag Fintan McCarthy agus Paul O’Donovan agus bonn cré-umha ag foireann rámhaíochta na mban – Aifric Keogh, Eimear Lambe, Fiona Murtagh agus Emily Hegarty.
Fág freagra ar 'Bonn óir Oilimpeach buaite ag Kellie Harrington na hÉireann'