Blaiseadh d’fhlúirse na mara le fáil ag ócáid teaghlaigh i gConamara

Tá lá spraoi teaghlaigh ag Foras na Mara agus BlueWise Marine ar an Spidéal ag an deireadh seachtaine

Blaiseadh d’fhlúirse na mara le fáil ag ócáid teaghlaigh i gConamara

Faireachlann SmartBay

Tabharfar léargas ar bheatha mhuirí na hÉireann mar chuid d’ócáid speisialta a reáchtálfar i gConamara an deireadh seachtaine seo. 

Tá Foras na Mara agus BlueWise Marine le lá spraoi teaghlaigh a reáchtáil ar an Spidéal amárach, an 21 Bealtaine, chun blaiseadh a thabhairt den obair thaighde a bhíonn ar siúl acusan amach ó chósta na Gaillimhe. 

I measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl ag Stiúideo Cuan ar an Spidéal, beidh ceardlanna muirí a bheidh taitneamhach agus oideachasúil do dhaoine, idir óg agus aosta, ceardlanna sorcais, taispeántais sorcais agus péinteáil aghaidheanna. 

Le feiceáil freisin beidh Faireachlann SmartBay, trealamh monatóireachta atá ag obair i gCuan na Gaillimhe ó 2015 agus atá á úsáid chun taighde a dhéanamh. Baintear úsáid as an bhfaireachlann chun teicneolaíochtaí muirí nuálacha a thástáil. 

Tá dhá fhíscheamara faoi uisce ag an bhfaireachlann a chuireann físeán beo ar fáil go leanúnach don phobal ag www.smartbay.ie. 

Tá cothabháil agus uasghrádú á ndéanamh ar an bhfaireachlann i láthair na huaire agus beidh deis acu siúd a bheidh i láthair ar an Spidéal ar an Satharn bualadh leis an bhfoireann a bhíonn ag obair uirthi agus taithí a fháil ar thuras fíorúil idirghníomhach d’áiseanna SmartBay sula n-athlonnófar an fhaireachlann ar a suíomh 1.5 km amach ó chósta an Spidéil 20 méadar faoi uisce. 

“Agus an deis annamh againn chun Faireachlann SmartBay a léiriú ar tír, seans spéisiúil ar leith é seo chun foghlaim agus fáil amach faoi conas a dhéantar monatóireacht ar an aigéan,” arsa Alan Berry, Bainisteoir Rannóige de chuid Infreastruchtúir Taighde Mara ag Foras na Mara. “Táimid ag súil go mór le fáilte a chur roimh chách chuig lá a bheidh an-suimiúil agus lán le spraoi.” 

Tá Lá Spraoi Teaghlaigh Fhaireachlann SmartBay mar chuid d’imeacht na bliana seo ‘In My Country’ don Lá Eorpach Muirí a bheidh ar siúl ag Stiúideo Cuan an Satharn beag seo. 

Fág freagra ar 'Blaiseadh d’fhlúirse na mara le fáil ag ócáid teaghlaigh i gConamara'