‘Beidh an cath caillte faoi cheann deich mbliana’ – tascfhórsa á lorg ag Jabanna Iorras Aithneach

Deir an grúpa Jabanna Iorras Aithneach nach leor forbairt Pháirc na Mara i gCill Chiaráin mar leigheas ar fhadhbanna an cheantair

‘Beidh an cath caillte faoi cheann deich mbliana’ – tascfhórsa á lorg ag Jabanna Iorras Aithneach

Tá an brúghrúpa Jabanna Iorras Aithneach ag éileamh go gcuirfí tascfhórsa ar bun chun plean fostaíochta a chruthú d’iarthuaisceart Ghaeltacht Chonamara agus nach leor forbairt Pháirc na Mara i gCill Chiaráin mar leigheas ar fhadhbanna an cheantair.

Dúirt Colm Ó Neasa, Rúnaí Choiste Jabanna Iorras Aithneach le Tuairisc.ie go bhfuil “géarghá” le tascfhórsa a chruthú chun an ceantar “a shábháil”, de bharr na héiginnte a bhaineann le Páirc na Mara.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo le déanaí go mbeidh moill ar fhorbairt Pháirc na Mara, agus achomharc déanta leis an Bhord Pleanála faoin fhorbairt, rud a d’fhéadfadh moill a chur léi.

Tá Páirc na Mara ar an togra is mó atá ag Údarás na Gaeltachta le dul i ngleic leis an ghéarchéim dífhostaíochta i gceantar iarthuaisceart Chonamara. 

“Teastaíonn tascfhórsa san áit; beirt nó triúr a fhostú le pleananna fostaíochta a chur le chéile chun an áit a shábháil,” a dúirt Ó Neasa.

Thug rúnaí Choiste Jabanna Iorras Aithneach le fios go bhfuil an grúpa “go huile is go hiomlán taobh thiar d’aon phleananna” atá ag Údarás na Gaeltachta maidir le forbairt fostaíochta sa cheantar, ach dúirt sé nach leor Páirc na Mara mar leigheas ar fhadhb na dífhostaíochta sa cheantar.

“Tá muid taobh thiar do Pháirc na Mara chomh maith, agus tá seans ann go bhfuil todhchaí an cheantair ag brath air, ach creideann muid nach leor é sin,” a dúirt Ó Neasa.

Dúirt Ó Neasa go raibh imní ar an choiste go mbeadh muintir na háite “caite sna fataí lofa arís” má theipeann ar Pháirc na Mara agus mura mbeadh aon phlean fostaíochta eile dá uireasa. 

“Ní bheidh aon mhaith a bheith á rá seo i gceann deich mbliana, beidh an cath caillte faoin am sin,” ar sé.

Dúirt sé chomh maith go raibh “níos mó eolais” ag teastáil ó mhuintir na háite faoi na comhlachtaí atá luaite le Páirc na Mara.

“Ba mhaith linn níos mó eolais ar na comhlachtaí a bheas ann mar is muintir na háite a bheas fanta leo,” a dúirt Rúnaí Choiste Jabanna Iorras Aithneach.

Tá cruinnithe á lorg anois ag Jabanna Iorras Aithneach le hairí agus le rannóga rialtais chun réiteach a fháil ar ghéarchéim fostaíochta an cheantair.

Tá Iorras Aithneach ar cheann de na ceantair Gaeltachta is mó atá buailte le dífhostaíocht agus imirce.

I staidéar a rinne Cumann Lúthchleas Gael Carna/Caiseal, i gcomhpháirt le Scoil Phobail Mhic Dara, fuarthas amach gur fhág agus nár fhill chun cónaithe in Iorras Aithneach 70% de na daltaí a rinne an Ardteist sa scoil sin le 30 bliain anuas.

Dúirt Ó Neasa go raibh an baol ann nach mbeadh ann do cheantar Iorras Aithneach murar féidir teacht ar réiteach chun “cosc a chur ar bhánú na háite”.

“Tá cáil ar Iorras Aithneach ó thaobh na Gaeilge agus an tsean-nóis leis na blianta

fada, ach triomóidh an tobar mura mbeidh daoine ábalta maireachtáil

anseo, ” a dúirt Colm Ó Neasa.

Fág freagra ar '‘Beidh an cath caillte faoi cheann deich mbliana’ – tascfhórsa á lorg ag Jabanna Iorras Aithneach'

  • Ben Mac Lochlainn

    Dia Dhuit, a Mheabh a Chara,
    Is alt an-suimiúil é seo faoi chursai dífhostaíochta Iorrais i gCo. Na Gaillimhe. Ach mo léan – cad é an focal seo ‘Jabanna’? Is béarlachas é ar fad an focal seo . Is é an focal ceart ar chóir úsaid a bhaint as ná ‘postanna’. Is beag todhchaí nó forbairt atá in ann don Ghaeilge má leantar ar aghaidh le béarlachas mar seo. Ní rud pearsanta é seo ach tá an t-uafás dochar á dhéanamh don Ghaeilge ag focail béarla.
    Do chara sa Ghaeilge, Ben Mac Lochlainn (Gaeilge Ghlan, Gaeilge Cheart.