Beckett sa Taibhdhearc, An Áit a nEitlíonn na Madaí Crainn, John Spillane ag Féasta Ceoil an Spidéil, Albam nua Bhríd Ní Mhaoilchiaráin

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh…

Beckett sa Taibhdhearc, An Áit a nEitlíonn na Madaí Crainn, John Spillane ag Féasta Ceoil an Spidéil, Albam nua Bhríd Ní Mhaoilchiaráin

CEOL

Trá Pháidín, John Spillane, Síle Denvir agus Barry Kerr ag Féasta Ceoil an Spidéil

Tá tuilleadh ceolchoirmeacha breátha ar bun an tseachtain seo mar chuid d’Fhéasta Ceoil an Spidéil, sraith ceolchoirmeacha i Stiúideo Cuan sa Spidéal atá ar bun i rith mhí Iúil. Beidh Trá Pháidín ag casadh ann tráthnóna inniu, Síle Denvir agus Barry Kerr ar an Aoine, 18 Iúil agus John Spillane ar an Déardaoin, 24 Iúil.

Ocht gceolchoirm ar fad a bhí sa tsraith, a thosaigh an tseachtain seo leis na deirfiúracha Máire agus Étáin Ní Churraoin, aka An Chéad Ghlúin Eile.

Leanfaidh na ceolchoirmeacha ar aghaidh go dtí an 1 Lúnasa tráth a mbeidh deis agaibh Conor Connolly, Sorcha Costello agus Pádraig Ó Dubhghaill a chloisteáil i dtimpeallacht álainn an stiúideo.

Ticéid agus clár le fáil anseo.

Bríd Ní Mhaoilchiaráin, Roisín na Mainiach, Carna, Co. na Gaillimhe

Albam nua le Bríd Ní Mhaoilchiaráin á sheoladh ag Féile Mhic Dara

Beidh an t-albam Anáil an Dúchais le Bríd Ní Mhaoilchiaráin á sheoladh ag ócáid i dTigh Mheaic i gCarna i rith Fhéile Mhic Dara. Is é an t-amhránaí agus scríbhneoir Micheál Ó Cuaig a sheolfaidh an t-albam atá eisithe ag Cló Iar-Chonnacht. Dhá dhlúthdhiosca atá san áireamh san albam seo agus rogha mór amhrán ó thraidisiún an tsean-nóis orthu. Tá leabhrán nótaí sa leabhar ina bhfuil cur síos ar na hamhráin agus réamhrá leis an Dr Róisín Nic Dhonncha. Seo é an chéad albam leis an amhránaí aitheanta ar an sean-nós, Bríd Ní Mhaoilchiaráin a bhfuil Corn Uí Riada bronnta trí huaire uirthi.

Tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idirlín Chló Iar-Chonnacht.

LEABHAIR

Seoladh An Áit a nEitlíonn na Madaí Crainn i Hodges Figgis

Beidh an pictiúrleabhar An Áit a nEitlíonn na Madaí Crainn le Aileen Crossley á sheoladh ag an gcraoltóir Áine Lawlor ag ócáid sa siopa leabhar Hodges Figgis ar an Aoine, 18 Iúil ag 6 i.n. Leabhar ealaíonta é An Áit a nEitlíonn na Madaí Crainn a thugann treoir do pháistí maidir le hiontaisí an tsaoil amuigh faoin aer.

Beidh an bunsaothar ealaíne liteagrafach, a rinne Aileen Croosley de láimh, ar taispeáint ag an seoladh agus beidh sí féin i láthair le cóipeanna den leabhar a shíniú. Cuirfear sólaistí ar fáil.

Tuilleadh eolais agus cóipeanna den leabhar le fáil ar shuíomh idirlín Éabhlóid anseo.

AMHARCLANNAÍOCHT

Beckett sa Chreig – Guth na mBan sa Taibhdhearc

Cuirfidh An Taibhdhearc an léiriú Beckett sa Chreig: Guth na mBan i láthair i rith Fhéile Ealaíon na Gaillimhe an tseachtain seo chugainn. Ceithre shaothar ghearra le Samuel Beckett atá sa léiriú seo, an dara léiriú i nGaeilge de shaothar Beckett le Company SJ agus iad aistrithe go Gaeilge ag Micheál Ó Conghaile. Léirigh an comhlacht an saothar Laethanta Sona ar na creaga in Inis Oírr sa mbliain 2021 agus Bríd Ní Neachtain á chur i láthair.

Is iad na saothair a bheidh á gcur i láthair mar chuid den léiriú ná Coiscéimeanna (Footfalls), Ní Mise (Not I), Luascaire (Rockaby), agus léamh de Shiosarnach 4 (Fizzle 4). Tá na saothair suite i dtírdhreach chósta na hÉireann agus in ailtireacht choilíneach bhriste Bhaile Átha Cliath. Beidh rochtain i mBéarla ar fáil do dhaoine nach bhfuil Gaeilge acu.

Tuilleadh eolais agus ticéid anseo.

 

Ceol, drámaíocht agus ealaín ag Féile Ealaíne an Earagail

Cuirfear tús an deireadh seachtaine seo le Féile Ealaíne an Earagail agus leanfaidh sé ar aghaidh ar feadh coicíse go dtí an 26 Iúil. Tá lear mór imeachtaí leagtha amach ar chlár na bliana seo idir imeachtaí ceoil, drámaíochta agus ealaíon.

Beidh ceardlanna sorcais ar bun do dhaoine óga i nGaoth Dobhair ar an Aoine, 25 Iúil ar maidin. Tá an cheardlann feiliúnach do pháistí idir 7 agus 11 bliana d’aois agus foghlaimeoidh siad scileanna geáitsíochta agus aclaíochta i rith an tseisiúin. Tuilleadh eolais agus clárú anseo.

Cuirfidh Aobha Ní Aragáin, Paul Harrigan agus a gcairde ceol beo ar stáitse ar an Déardaoin, 17 Iúil sa The Cottage Bar i Leitir Ceanainn. Ócáid trí mheán na Gaeilge a bheidh anseo agus í á heagrú ag Líonra Leitir Ceanainn le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.

Tuilleadh eolais anseo.

Fág freagra ar 'Beckett sa Taibhdhearc, An Áit a nEitlíonn na Madaí Crainn, John Spillane ag Féasta Ceoil an Spidéil, Albam nua Bhríd Ní Mhaoilchiaráin'

  • Áine Ní G

    Is breá é drámaí a fheiceáil ar stáitse na Taibhdheirce arís. Taitníonn na seónna sráide liom, ach is amharclann í An Taibhdhearc agus bhí sí curtha amú le cúpla bliain anuas mar chaifé agus spás ar chíos do ghigeanna. Ar ais ar an nádúr anois!