Bainfidh Wicked Little Letters scolgháire ceart asat

Meascán idir scéinséir mistéire agus greannscannán graosta atá i Wicked Little Letters

Bainfidh Wicked Little Letters scolgháire ceart asat

Scléipire is ea Rose Gooding, racánach ceart mná. Imirceach Éireannach. Éan corr ar fán i measc na Sacsanach. I bhfianaise na gáirsiúlachta a thagann as a béal, tá líofacht ina cuid droch-chainte a d’fhágfadh scuadaí ó Reisimint Essex in áit na leathphingine. Enfant sauvage í a fágadh ina baintreach óg ag an gCogadh Mór.

Tá iníon seacht mbliana d’aois ag Rose. Cónaí uirthi lena grá geal – giotáraí Afra-Chairibeach – in Littlehampton West Sussex na luath-1920idí. Béal dorais tá cráifeachán diaganta is a tuistí siúd. Piúratánach mná singil. Leithreas comónta lasmuigh idir an dá theaghlach. Ábhar coimhlinte ar fiuchadh eatarthu, ní nach ionadh.

Ach, fiú más ar an ngannchuid atáid, tá cuma na measúlachta ar theaghlaigh bhochta Littlehampton sna blianta sin i ndiaidh chogadh na dtrinsí. Tá meas fós ar phóilíní. Na séipéil fós lán. Gach rud, cheapfá, socair.

Ach féach mar a chaitear le daoine den gcine dubh, agus leis an t-aon phóilín baineann ar an mbaile nuair a théann tú ag scríobadh beagáinín faoi chraiceann na measúlachta sin. Bhfuil doimhneacht i dtobar na fimínteachta? Nó teora, fiú, le cuimse na bréagchráifeachta?

Isteach sa tsochaí chéanna leaindeálann an rálach Rose. Siúd ina seasamh ar bhord sa tábhairne í, dairt sa láimh amháin, pionta sa láimh eile – ag eascainí is ag caitheamh jíoranna agus crístíní a bhainfeadh an náire dhearg as mairnéalach.

Ní fada go mbíonn an Chros Chéasta ar fhalla Edith béal dorais ag pocléimnigh de ló is d’oíche le téagar ilsúnáis iolracha Rose. Í ag bualadh bolg mire lena páirtí gnéis in éadan an phortbhalla thanaí idir an dá theach. Bhainfeadh an mhír sin gáire as an gcat.

Rinne Edith iarrachtaí soineanta ar Rose a thabhairt chun sibhialtachta. Ait le rá, d’éirigh cairdeas de shórt eatarthu. Ar shantaigh Edith, i ngan fhios di féin, b’fhéidir, saoirse ainmhíoch Rose? Théidís ag siúl le chéile ar an dtrá.

‘Conas nár phós tú riamh?’, arsa Rose. Bhí Edith geallta, uair amháin, is cosúil. Ach thréig mo dhuine í. ‘The fucking bastard’, arsa Rose. Lú ná sásta atá Edward, an t-athair, leis an gcompánach nua atá ag a iníon. Fuaraíonn idir Edith is Rose as sin amach.

Níorbh fhada an caidreamh eatarthu fuaraithe gur thosaigh litreacha gáirsiúla ag teacht an doras isteach chuig Edith. ‘Dear Edith, you foxy-ass old whore. You really are a tricksy old fucker… And you’re a sad stinky bitch…’

Séanann Rose glan gur ise a scríobh na litreacha sin. ‘Edith, I didn’t do it! Why would I write it when I can say it?’

Ach, cé eile ach Rose gráisciúil a dhéanfadh a leithéid? Tá deireadh na foighne sroichte ag Edward Swan, athair Edith. Drochbhuachaill críochnaithe é siúd. Iarshaighdiúir. Bulaí tíoránta, fuathaitheoir ban a bhánn é féin le fonn sa chiníochas freisin. Beidh ar Rose is a teaghlach a ruaigeadh ón tsráid. Siúd chun na póilíní faoi dhúdheifir Edward.

Ach ní mar a shíltear a bhítear i gcónaí.

 

Meascán idir scéinséir mistéire agus greannscannán graosta atá i Wicked Little Letters. Cé atá ag scríobh na litreacha? Is léir ón tús, geall leis, nach í Rose Gooding faoi ndear iad. Ní haon mhistéir ródhomhain atá le réiteach agat. Bímis macánta, is gaire don tsiamsaíocht éadrom i bhfoirm rancáis mhire, seachas mistéir, atá ann – agus éiríonn thar barr leis ar an leibhéal bunúsach sin.

Amantaí n’fheadar an iad na Keystone Cops nó tóraíochtaí áiféiseacha Benny Hill is treise a fhaigheann nod Thea Sharrock!

Is beag a thugann pléisiúr ciontach níos taitneamhaí dúinn ná bheith ag breathnú ar bheirt, gléasta amhail is dá mbeidís i Downton Abbey, duine acu de chúlra na galántachta, an duine eile ón íoslach – ag dó poill sa scáileán le stuif a chuirfeadh Brendan Behan in áit na leathphinginine – amhail dá mba le daoscarshlua Mhargadh Éisc Billingsgate Londain Shasana a bhíodar.

‘You’re a thin stick of shit and the cakes you make are like they fell out of some fucking sheep’s fucking arsehole.’ Cé a dúirt sin? Rose, nó Edward, nó Edith, nó duine éigin eile?

Sula luaim an bheirt phríomhoirfideach, ní fhéadfam gan a ceart a thabhairt don Singeapórach, P.O. Gladys Moss (Anjana Vasan). Láimhseálann sí go snoite an ciníochas oscailte atá ina coinne san fhórsa is sa phobal araon. Iníon an athar, is cosúil, is ea Gladys. Tá plaic ar chlárchosán thrá Littlehampton in ómós a hathar – an chéad phóilín sna dúichí sin nár den chine geal ab ea Daid Gladys.

Mar bhláth ar a díograis, nochtann Anjana bua iontach grinn i réimsí na héigéille. Bulaí mná.

Más gaire ar uairibh Timothy Spall i bpáirt Edward Swan don mbithiúnach geamaireachta, ní chuireann sin as dom puinn. Nach saghas ramsáil, nó ‘romp’ é an scannán pé scéal é? Ach, i gcur i láthair na binbe lofa laistigh – an ciníochas, an fuath ban, agus a bhuntréith, an buile mire lena rialaíonn sé Edith is an teaghlach uilig – tá Spall os cionn a bhuile ar fad.

Tá gach ceart ag aisteoirí ar chaighdeán Buckley agus Colman réimse iomlán a mbuanna a thaispeáint dúinn, mar bhriseadh idir na mórscannáin is gnách dóibh luí isteach iontu le fonn. Táim, pé scéal é, an-bhuíoch díobh gur ghlacadar an deis a thugann Wicked Little Letters dúinn chun sult a bhaint astu ar leibhéal i bhfad níos bunúsaí ná cineama na sainealaíne, rud a bhím de ghnáth ag bladar go baoth faoi sa cholún ócáidiúil seo. Ní haon chruthú aontoiseach iad Ruth agus Gladys nuair is Buckley agus Colman atá á n-iomlánú.

Más píosa snoite ealaíne a théann níos gaire don chroí atá uait –  tá Olivia Colman agus Jesse Buckley le fáil leis ar Netflix i The Lost Daughter, saothar iontach Maggie Gyllenhaal.

Murab ea, bainfidh Wicked Little Letters scolgháire ceart asat.

Samhlaím go mbeidh an-ráchairt ar Wicked Little Letters, thall is abhus.

Má cheapann tú go bhfuil blas na háibhéile ar an scéal seo – tá dul amú ort. Tá cnámha an scéil mar atá inste go dtí an pointe seo iomlán fíor. Thóg Edith Swan cás príobháideach clúmhillte i gcoinne Rose Gooding i Littlehampton i mí Mheán Fómhair 1920, agus deineadh scannal dá scéal ina dhiaidh sin. Más suim leat an fíorscéal, tá teacht air sin anseo. (Foláireamh. Milleadh scéil! – ná hoscail é seo más suim leat lántaitneamh a bhaint as an scannán dtús.)

Fág freagra ar 'Bainfidh Wicked Little Letters scolgháire ceart asat'