Beidh sé ina chuspóir oifigiúil feasta ag Conradh na Gaeilge “gníomhú i dtreo Éire Aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta” tar éis d’Ard-Fheis na heagraíochta glacadh leis an leasú ar an mbunreacht in Óstán an Europa i mBéal Feirste.
Moladh trí rún ar an ábhar ag an Ard-Fheis, a bhí ar siúl ag an deireadh seachtaine. Athrú ar bhunreacht Chonradh na Gaeilge a bhí i gceist le moladh 1(a), a chuir Coiste Ceantair Bhéal Feirste chun cinn agus ar labhair Conchúr Ó Muadaigh faoi.
Dúirt Ó Muadaigh “nach leor” an dul chun cinn atá déanta ó thaobh cearta teanga “a cheiliúradh” agus go gcaithfeadh Conradh na Gaeilge “súil a choinneáil chun tosaigh”. Dúirt sé go gcaithfidh baill na heagraíochta a fhiafraí díobh féin “cén áit a bheidh ag an nGaeilge i dtodhchaí na tíre” agus mhol sé go mbeadh Conradh na Gaeilge “ag tacú le hÉirinn Aontaithe” agus go ndéanfadh an eagraíocht “stocaireacht” i reifreann a reáchtálfaí ar an gceist “ar an mbonn gur ar leas cearta teanga” a bheadh a leithéid.
Agus rún 1 (b) á mholadh ag Pádraig Ó Foghlú thar ceann Chraobh 1916, dúirt sé go bhfuil “leas agus todhchaí na teanga ceangailte le struchtúir pholaitiúla, riaracháin, agus oideachais na tíre” agus go bhféadfaí cosaint, normalú, agus forbairt níos láidre” a bhaint amach don Ghaeilge i gcomhthéacs Éireann Aontaithe.
Mhol Róisín Ní Chinnéide ó Chraobh Liú na Laoi i gCorcaigh an tríú rún ar an ábhar, rún 1 (c) . Dúirt sí gur chóir don Chonradh “ról níos lárnaí a imirt i dtreascairt na críochdheighilte in Éirinn” agus gur thacaigh a craobh féin leis an athrú ar bhunreacht an Chonartha freisin.
Spreag na trí rún plé fada agus, in amanna, teasaí faoi chuspóirí Chonradh na Gaeilge. Ba léir ó thús an phlé, áfach, go raibh formhór na dtoscairí a bhí i láthair ar son an athraithe ar Bhunreacht Chonradh na Gaeilge agus ar son an dá rún eile.
Labhair uachtarán agus iar-uachtarán ar an gConradh ar an gceist: an t-uachtarán, Ciarán Mac Giolla Bhéin, Niall Comer (2017-2022), Íte Ní Chionnaith (1985-1989), agus Dáithí Mac Cárthaigh (2005-2008).
Ba é Mac Cárthaigh an t-aon duine den cheathrar a labhair in éadan an athraithe, cé go ndúirt sé gur thacaigh sé le rún 1 (b) inar iarradh ar Chonradh na Gaeilge “seasamh oscailte agus dearfach i leith Éire aontaithe mar rogha a d’fhéadfadh tairbhe shuntasach a thabhairt don Ghaeilge”.
Dúirt Mac Cárthaigh nach raibh a fhios aige cé mhéad duine ó chúlra Aontachtach a bhí ina mbaill de Chonradh na Gaeilge faoi láthair ach go raibh sé cinnte nach mbeadh duine ar bith acu ina mbaill dá luafaí Éire Aontaithe mar chuspóir de chuid na heagraíochta, agus go mbeifí ag cur daoine eile – baill an pháirtí Alliance a bhí báúil go maith don teanga, dar leis, mar shampla – ó dhoras freisin. Mhaígh sé go gcuirfí “moill” ar athaontú na tíre dá nglacfaí leis na rúin.
Mhaígh ball eile den Chonradh, Cormac Ó Dúlacháin, go gcuirfeadh an rún “dualgas” ar gach ball den Chonradh a bheith ag gníomhú ar son Éireann Aontaithe agus go mbeifí “ag rá le haon duine a bhfuil dearcadh difriúil acu ar athaontú na hÉireann nach dóibhsean an Conradh”. Mhaígh sé go mbeifí ag brú “30% den phobal ó dheas agus 60% den phobal ó thuaidh” ón gConradh dá rithfí na rúin.
Bhí imní ar Ó Dúlacháin faoi stádas carthanachta Chonradh na Gaeilge dá nglacfadh an eagraíocht seasamh láidir polaitiúil mar seo agus thug le fios go mb’fhéidir go mbeadh an maoiniú a fhaigheann siad ó Fhoras na Gaeilge agus ó fhoinsí eile i mbaol dá mbeadh an eagraíocht ar son Éireann Aontaithe.
Labhair duine nó beirt eile in éadan na rún le linn an phlé freisin. Dúirt bean amháin go ndéanfaí “damáiste” don eagraíocht dá rithfí na rúin.
Dúirt Donncha Ó hÉallaithe go mbeadh impleachtaí móra ann dá vótálfaí ar a son ach go mbeadh impleachtaí móra ann dá vótálfaí ina n-éadan freisin, agus gurbh é an beart ba chríonna ná na rúin a tharraingt siar agus tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar an gceist. Níor glacadh leis an moladh sin.
Lean an plé ar aghaidh ar feadh tamall fada, agus is ag moladh an rúin a bhí an chuid eile de na daoine a labhairt. Dúirt Róisín Nic Liam go gcaitheann muintir an Tuaiscirt “fanacht ar bheannacht Rí Shasana” le cearta teanga a fháil agus nach mbeadh aon ghlacadh ag na baill a tháinig as Corcaigh, Gaillimh ná Baile Átha Cliath leis sin ina gceantar féin. Dúirt sí gurbh é athaontú na tíre an t-aon leigheas ar an scéal sin agus gur chóir tacú leis na rúin.
Dúirt Nic Liam, a rugadh ag deireadh na 1990idí, go ndearna baill Chonradh na Gaeilge cinntí ar an ábhar seo sular rugadh a glúinse, thart ar 30 bliain ó shin, agus go bhfuil a glúin féin “ag breathnú chun cinn” agus gur chóir go mbeadh deis ag an nglúin seo na ceisteanna seo a phlé.
Dúirt Grian Ní Dhaimhín as contae Thír Eoghain go bhfuil cur chun cinn na Gaeilge agus athaontú na tíre “fite fuaite” lena chéile mar atá cheana féin agus gur “obair fhrithchoilíneach agus dhíchoilínithe” a bhíonn ar siúl aici féin “achan mhaidin nuair a éiríonn [sí]”. Dúirt sí gur obair ar son Éireann Aontaithe a bhí in obair ar son na Gaeilge agus go bhfágfaí Conradh na Gaeilge “ar an imeall” mura nglacfadh siad seasamh ar an gceist.
Dúirt Fearghal Mac Ionnrachtaigh go bhfuil an t-ábhar seo á phlé ag Ard-Fheiseanna ó bhí 2019 ann agus gur chóir don Chonradh seasamh a ghlacadh ar an gceist. Dúirt sé go bhfuil athaontú na tíre á phlé faoi láthair agus go gcaithfidh baill Chonradh na Gaeilge “a bheith sa chomhrá”.
Thacaigh John Prendergast as Trá Lí agus Muimhneach fir eile leis na rúin freisin. Mhaígh Prendergast go mbeadh sé “mífhreagrach” ag Conradh na Gaeilge gan an cheist a chíoradh agus go mbeadh “dearúd ollmhór déanta ar chuspóirí bunaidh Chonradh na Gaeilge” dá dtogródh an eagraíocht gan seasamh a thógáil.
Bhí Pádraig Ó Tiarnaigh, fostaí de chuid Chonradh na Gaeilge agus ball bunaidh den Dream Dearg, ar son na rún freisin agus mhaígh nach bhféadfaí cearta teanga iomlána a bhaint amach in Éirinn go dtí go mbeadh an tír athaontaithe.
“Fad is atá sciar amháin den oileán seo faoi chois, beidh ár dteanga náisiúnta faoi chois,” a dúirt Ó Tiarnaigh, ráiteas a thuill bualadh mór bos ón lucht éisteachta.
Mhaígh Íte Ní Chionnaith go raibh formhór na ndaoine a bhí i láthair ag an Ard-Fheis ar son Éireann Aontaithe agus go raibh sí féin ag aontú “go láidir” leis na rúin. Dúirt sí go raibh an plé thar a bheith tábhachtach agus go raibh ceist an athaontaithe á plé níos mó anois ná mar a bhí riamh cheana. Dúirt sí go raibh cúiseanna polaitiúla ann leis an nGaeilge a chur faoi smacht san am a caitheadh agus nach féidir an Ghaeilge a scaradh ón bpolaitíocht.
“Tá an cheist i lár na díospóireachta polaitiúla sa tír seo agus caithfidh Conradh na Gaeilge a bheith páirteach ann,” a dúirt sí.
Dúirt Connlaith Ní Raifeartaigh go léireodh baill Chonradh na Gaeilge do mhuintir an Tuaiscirt “gur cuma leis an gConradh” faoina gcás mura nglacfaí leis na rúin agus go mbeifí á “dtréigean”.
Dúirt an tOifigeach Pleanála Teanga i nGaoth Dobhair, Dónall Ó Cnáimhsí, go raibh sé den tuairim gur chóir an rún a tharraingt siar agus a phlé a thuilleadh ag leibhéal an Choiste Gnó nuair a tháinig sé isteach chuig Bálseomra Óstán an Europa ar maidin ach go raibh a intinn athraithe ag an bplé a thit amach ann agus go vótálfadh sé ar a shon anois.
Glacadh leis na trí rún a bhain le ceist athaontú na tíre.
Fág freagra ar 'Athrú suntasach ar Bhunreacht Chonradh na Gaeilge agus Éire Aontaithe ina cuspóir ag an eagraíocht arís'