An ráta scaipthe is airde agus an ráta is ísle sa stát i gceantair Ghaeltachta

Léiríonn na figiúirí is deireanaí go bhfuil cásanna den víreas scaipthe go forleathan ar fud na tíre agus cé go bhfuil laghdú tagtha ar an meánráta scaipthe sa stát, tá líon na gcásanna fós ag dul i méid i gceantair áirithe, cinn Ghaeltachta ina measc

An ráta scaipthe is airde agus an ráta is ísle sa stát i gceantair Ghaeltachta

Tá ceantair Ghaeltachta i measc na gceantar ina bhfuil an ráta coicíse is airde agus an ráta is ísle den Covid-19 iontu le cúpla seachtain anuas.

Léiríonn na figiúirí is deireanaí go bhfuil cásanna den víreas scaipthe go forleathan ar fud na tíre agus cé go bhfuil laghdú tagtha ar an meánráta scaipthe sa stát, tá líon na gcásanna fós ag dul i méid i gceantair áirithe, cinn Ghaeltachta ina measc.

Is i dtoghcheantar Bhéal an Mhuirthead atá an ráta is airde sa stát go fóill. Ráta 5,556 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa cheantar a bhí ann idir an 5-18 Eanáir.

Laghdú beag atá ansin ar an ráta a bhí ann an tseachtain seo caite – 6,032 – ach tá an ráta i gceantar Iorrais fós níos mó ná ceithre huaire níos airde ná an meán náisiúnta, sin 1,337.

700 cás ar fad a aimsíodh sa cheantar sa choicís idir an 5-18 Eanáir.

Tá toghcheantar Bhéal an Mhuirthead ar an gceantar is measa sa stát atá buailte ag cásanna den Covid-19 don tríú seachtain as a chéile.

Ceantar Bhaile na nGallóglach an toghcheantar eile ina bhfuil bailte Gaeltachta agus a bhfuil an ráta ann níos airde ná an meánráta náisiúnta.

Ráta 1,670 a bhí sa cheantar sin i dtuaisceart Dhún na nGall sa choicís sin ach mar sin féin, b’in laghdú suntasach ar an ráta 2,440 a bhí ann an tseachtain roimhe sin. Deimhníodh 230 cás sa cheantar le coicís anuas.

Ráta os cionn 1,000 a bhí sa dá thoghcheantar Gaeltachta eile i dTír Chonaill. Aimsíodh 240 cás i dtoghcheantar na nGleanntach in iarthuaisceart an chontae, rud a d’fhág ráta 1,003 ann. Tháinig ardú ar an ráta i dtoghcheantar Bhaile Dhún na nGall freisin, ó 1,170 go dtí 1,216 agus 322 cás nua deimhnithe ansin.

Is i gConamara atá an ráta scaipthe is ísle sa tír, de réir na bhfigiúirí nua. 70 cás ar fad a deimhníodh i gConamara Thuaidh idir an 5-18 Eanáir.

Tá an ráta i gConamara Theas beagnach a dhá oiread níos airde ná sin. Ráta 731 a bhí i gceist ansin agus 156 cás deimhnithe ann le coicís anuas. 

I gCiarraí, thit an ráta i gCorca Dhuibhne agus i dtoghcheantar Neidín, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh. Ráta 726 a bhí i gCorca Dhuibhne, síos ó 860, agus deimhníodh 103 cás sa cheantar idir an 5-18 Eanáir. Ráta 866 a bhí sa Neidín agus 217 cás nua ann.

Méadú a bhí i gceist i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí. Fógraíodh 388 cás nua ann le coicís anuas, suas ó 342, agus ráta 1,053 ann dá bharr.

I dtoghcheantar Dhún Gharbhán, mar a bhfuil Gaeltacht na nDéise, d’ardaigh an ráta ó 493 go dtí 625 tar éis 128 cás a bheith deimhnithe sa cheantar idir 5-18 Eanáir.

I gcontae na Mí, tháinig laghdú ó 885 go dtí 805 ar an ráta i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn.

Ardú a bhí i dtoghcheantar Cheanannais, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Bhaile Ghib agus ráta 983 ann dá bharr.

Bhí ardú i gceist chomh maith sa toghcheantar eile ina bhfuil ceantair Ghaeltachta Mhaigh Eo, Cathair na Mart. D’ardaigh líon na gcásanna ó 168 go dtí 198 agus ráta 1,077 ansin le coicís.

Fág freagra ar 'An ráta scaipthe is airde agus an ráta is ísle sa stát i gceantair Ghaeltachta'

  • Antóin

    Gach uile dhuine ar theann a dhíchill. Ach, trian de na daoine atá in ospidéil agus a bhfuil víreas Covid 19 orthu, ní raibh sí orthu roimh dhul isteach. Tholg siad an víreas san ospidéal. Leo Varadkar a dúirt é sin. ‘Bhfuil aon duine i gceannas?