‘An Dothra Bheag’, a thras-scríobh 6,242 leathanach seanchais, an ball is bisiúla i Meitheal Dheonach Dúchas.ie

Tá os cionn 100,000 leathanach ó Bhailiúchán na Scol tras-scríofa ag Meitheal Dúchas.ie le trí bliana anuas

‘An Dothra Bheag’, a thras-scríobh 6,242 leathanach seanchais, an ball is bisiúla i Meitheal Dheonach Dúchas.ie

Tá os cionn 100,000 leathanach de sheanchas a bailíodh ó leanaí scoile le linn tríochaidí an chéid seo caite tras-scríofa anois ag meitheal dheonach Dúchas.ie.

Cothrom na míosa seo trí bliana ó shin, i mí Feabhra 2015, thug Dúchas.ie cuireadh do dhaoine tras-scríobh a dhéanamh ar ábhar Bhailiúchán na Scol, bailiúchán luachmhar de chuid Chnuasach Bhéaloideas Éireann.

Ó shin i leith, tá 21% den ábhar Gaeilge agus 23% den ábhar Béarla sa bhailiúchán tras-scríofa go deonach ag an timpeall 2,000 duine atá sa mheitheal.

Deir lucht Dúchas.ie go bhfuil baill na meithle deonaí “lonnaithe i ngach cearn den domhan ó Éirinn go Meiriceá Thuaidh go dtí an Astráil”.

De réir eolas atá curtha ar fáil ag Dúchas.ie, is iad na tras-scríbhneoirí is bisiúla ó seoladh Meitheal Dúchas.ie ná ‘An Dothra Bheag’ (6,242 lch), ‘Rhiannon’ (5,548), Scott Leminski (4,884) agus mic léinn Ollscoil Ohio State (4,808).

I ráiteas a chuir Dúchas.ie amach inniu, dúradh go raibh buíochas “faoi leith” ag dul do na daoine sin “as an tiomantas atá léirithe acu don tionscadal ó cuireadh tús leis beagnach  trí bliana agus an lá inniu”.

Dúradh go bhfuil “éagsúlacht ábhair i mBailiúchán na Scol”  chomh maith le “radharc ar pheannaireacht mar a bhí ag páistí scoile sna 1930idí” agus “léargas ar an gcineál teanga a bhí in úsáid ag an am – idir Bhéarla agus Ghaeilge”.

“Maidir leis an nGaeilge, tá roinnt samplaí ar fáil de chanúintí éagsúla atá imithe i léig nó atá imithe as ó shin – Co. an Chláir, Co. Mhuineacháin agus Co. Lú, mar shampla. Tá na scéalta ina n-úsáidtear na canúintí seo an-luachmhar ar fad mar fhianaise theangeolaíoch,” a dúradh.

Deir lucht Dúchas.ie nach gá do bhaill  na meithle “a bheith buartha go rithfidh siad as obair” mar go bhfuil sé i gceist na mílte leathanach ó Phríomhbhailiúchán Chnuasach Bhéaloideas Éireann a chur ar fáil ar dúchas.ie agus do Mheitheal Dúchas.ie le linn 2018.

Fág freagra ar '‘An Dothra Bheag’, a thras-scríobh 6,242 leathanach seanchais, an ball is bisiúla i Meitheal Dheonach Dúchas.ie'