An dlí sáraithe ag Fáilte Éireann le comharthaí i mBéarla amháin ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin

Chinn an Coimisinéir Teanga go raibh sárú reachtaíochta i gceist leis na comharthaí móra iarainn atá crochta ag Fáilte Éireann ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin sa Ghalltacht

An dlí sáraithe ag Fáilte Éireann le comharthaí i mBéarla amháin ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin

Sháraigh Fáilte Éireann an dlí teanga nuair a chuireadar suas comharthaí le logainmneacha i mBéarla amháin ag pointí grianghrafadóireachta ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

I ndiaidh dó imscrúdú a dhéanamh i dtaca le gearáin faoin áisíneacht turasóireachta chinn an Coimisinéir freisin go raibh sárú ar dhualgais teanga i gceist le freagraí i mBéarla a thug Fáilte Éireann ar chumarsáid i nGaeilge.

Tuigtear do Tuairisc.ie go raibh cainteanna ar bun idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Fáilte Éireann ó cuireadh an t-imscrúdú i gcrích agus go bhfuil sé i gceist ag an eagras turasóireachta comharthaí nua i nGaeilge a chur in aice leis na comharthaí móra iarainn ag na pointí grianghrafadóireachta ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

Chinn an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill gur ghá dul i muinín imscrúdú foirmiúil nuair nár éirigh lena oifig teacht “ar réiteach sásúil” le Fáilte Éireann.

De réir Thuarascáil Bhliantúil 2016 an Choimisinéara, a foilsíodh inniu, mheabhraigh an Coimisinéir do Fáilte Éireann le linn a imscrúdaithe go bhfuil “dualgas soiléir” ar chomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a chinntiú gur i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh a gcomharthaí agus nach gceadaítear comharthaí i mBéarla amháin.

Mheabhraigh an Coimisinéir dóibh chomh maith gur chóir logainmneacha ar chomharthaí a bheith dátheangach ach amháin i gcás logainmneacha Gaeltachta, a bhfuil dualgas reachtúil iad a bheith i nGaeilge amháin.

Ghlac an Coimisinéir le háiteamh Fáilte Éireann gur chreid siad “i ndáiríre” nach raibh an dlí á shárú acu agus na comharthaí iarainn á gcur in airde i gceantair lasmuigh den Ghaeltacht agus logainmneacha i mBéarla amháin orthu.

Lorg Fáilte Éireann comhairle Oifig an Choimisinéara Teanga sular crochadh na comharthaí ag na pointí grianghrafadóireachta ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin in 2014. Thug Oifig an Choimisinéara Teanga le fios “go raibh seans ann gur chomharthaí iad” a thiocfadh faoi scátha na reachtaíochta, ach nach bhféadfaí an méid sin a dheimhniú gan a thuilleadh eolais a bheith ar fáil.

Níor cuireadh aon sampla de na pointí grianghrafadóireachta faoi bhráid na hOifige agus comhairle á lorg.

In 2015 dhearbhaigh Oifig an Choimisinéara d’údarás áitiúil a bhí i mbun na gcomharthaí seo a chur in airde ar son Fáilte Éireann go dtiocfadh na comharthaí a bhí á mbeartú faoi scáth na reachtaíochta teanga.

Chuir an t-údarás áitiúil a bhí i gceist, Comhairle Contae Chiarraí, an chomhairle a chuir Oifig an Choimisinéara Teanga ar fáil dóibh ar aghaidh chuig Fáilte Éireann i ríomhphost dar dáta an 23 Aibreán 2015.

“Má bhí aon amhras ar Fháilte Éireann i dtaobh chomhairle na hOifige seo ag an am, bhí deis acu an tráth sin soiléiriú a lorg ar m’Oifig, ach níor tapaíodh an deis sin. Dheimhnigh Fáilte Éireann i litir dar dáta an 8 Meitheamh go raibh sí tar éis teacht ar an gcomhfhreagras [ó Chomhairle Contae Chiarraí] tar éis di a cartlanna a chuardach,” a deirtear i dTuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga a foilsíodh inniu.

Fág freagra ar 'An dlí sáraithe ag Fáilte Éireann le comharthaí i mBéarla amháin ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin'

  • Colin Ryan

    Cé fáth nach mbeadh sé de nós acu comharthaí Gaeilge a bheith acu ar aon chuma? Léiriú é ar cé chomh lag is atá an Ghaeilge mar chomhartha féiniúlachta i gcúrsaí turasóireachta. Feicim féin é sin agus ní Éireannach mé.