An Cheathrú Rua, an Daingean, agus Gaoth Dobhair i measc na n-áiteanna is measa truailliú solais sa Ghaeltacht

Léarscáil idirghníomhach den domhan ar fad é an Light Pollution Map ar a léirítear eolas a bhailítear ó shatailítí éagsúla

An Cheathrú Rua, an Daingean, agus Gaoth Dobhair i measc na n-áiteanna is measa truailliú solais sa Ghaeltacht

Tá an Cheathrú Rua, an Spidéal, an Daingean, agus Gaoth Dobhair i measc na gceantar Gaeltachta is measa truailliú solais, de réir an Light Pollution Map [Mapa Truaillithe Solais].

Léarscáil idirghníomhach den domhan ar fad é an Light Pollution Map ar a léirítear eolas a bhailítear ó shatailítí éagsúla a choinníonn cuntas ar an truailliú solais. Is léir ón léarscáil go bhfuil cuid mhaith d’Éirinn truaillithe ag an solas saorga, ach tá pócaí ann, san iarthar den chuid is mó, atá níos sláintiúla ó thaobh an dorchadais de.

Mar sin féin, tá roinnt áiteanna sa Ghaeltacht atá truaillithe go maith ó thaobh an tsolais shaorga de agus iad sin breá soiléir ar an léarscáil. Ar na háiteanna is measa sa Ghaeltacht Oifigiúil tá an Daingean i gCorca Dhuibhne; Ros an Mhíl, Cill Rónáin, agus an Cheathrú Rua i nGaillimh; Béal an Mhuirthead agus Béal an Átha Buí i Maigh Eo; an Clochán Liath agus Gaoth Dobhair i nDún na nGall; Baile Bhuirne i gCorcaigh; agus an Rinn i bPort Láirge.

Tá ‘Rang 4’ tugtha do gach ceann de na háiteanna sin ar scála Bortle, scála a ceapadh in 2001 leis an truailliú solais a thomhas. Níl áit ar bith ar mhórthír na hÉireann i Rang O anois, cé go bhfuil cuid de na hoileáin amach ó chósta thiar na tíre ann. Tá cathracha móra dála na Gaillimhe agus Luimnigh i rang 6 agus tá Béal Feirste agus Baile Átha Cliath chomh dona le rang 9.

Mar a bheifí ag súil leis, is bailte iad an chuid is mó de na háiteanna a bhfuil fadhb truaillithe solais iontu, agus is bailte calafoirt iad cuid de na cinn is measa – Ros an Mhíl, an Daingean, agus Cill Rónáin.

Ach léiríonn an léarscáil tionchar an truaillithe solais in áiteanna eile sa Ghaeltacht. Ar cheann de na háiteanna is gile ar fad tá Béal an Átha Buí, i nGaeltacht Thuaisceart Mhaigh Eo, gar do Cheathrú Thaidhg. Is é an críochfort gáis a tógadh leis an ngás ó Thionscnamh Ghás na Coiribe a phróiseáil is cúis leis an soilsiú mór sa cheantar iargúlta sin.

Tá dath glas, a léiríonn ‘rang 4’ nó níos airde, le feiceáil freisin in áiteanna ina bhfuil páirceanna tionsclaíocha agus gnó ag Údarás na Gaeltachta – in Indreabhán agus i dTír an Fhia mar shampla – agus ag ceannáras TG4 i mBaile na hAbhann. Tá foinsí eile solais seachas Údarás na Gaeltachta agus TG4 sna háiteanna sin freisin – séipéil agus scoileanna, cuir i gcás.

D’fhiafraigh Tuairisc de TG4 cé acu an raibh polasaí nó nach raibh polasaí i dtaobh an truaillithe solais acu. Thug urlabhraí de chuid an stáisiúin freagra fada faoi na beartais atá i bhfeidhm ag TG4 maidir le giniúint fuinnimh ó phainéil ghréine ach níor luadh rud ar bith faoin truailliú solais.

Ar na háiteanna is fearr ó thaobh an dorchadais nádúrtha de tá sléibhte Chonamara, an chuid is mó d’Oileáin Árann, Iarthar Dhuibhneach, Árainn Mhór agus an ceantar timpeall ar Ghleann Cholm Cille i nDún na nGall. Tá stádas ar leith ag Gaeltacht Uíbh Ráthaigh agus Tearmann Spéartha Dorcha ansin le breis agus deich mbliana. Tá Cléire i nGaeltacht Chorcaí i mbun iarrachta le cúpla bliain anuas stádas den chineál céanna a bhaint amach agus tá tús curtha ag pobal Ghleann Cholm Cille leis an iarracht chéanna le bliain anuas.

Deir lucht feachtais na spéartha dorcha go bhfuil tábhacht as cuimse ag baint leis an dorchadas nádúrtha do shláinte an éiceachórais. Cuireann an solas saorga isteach go mór ar ainmhithe, éin, éisc, agus feithidí agus bíonn tionchar aige sin ar roth mór an tsaoil. Is féidir leis an róshoilsiú drochthionchar a bheith aige ar an duine daonna chomh maith.

Léirigh cathaoirleach Chumann Réalteolaíochta na Gaillimhe, John Keady as Leitir Calaidh, imní faoin truailliú solais i nGaeltacht Chonamara anuraidh. Dúirt sé ag léacht poiblí a reáchtáladh i Mionlach nach léir dó go bhfuil mórán airde ag na húdaráis áitiúla ná ag comhlachtaí príobháideacha ar chaomhnú na spéartha dorcha i nGaeltacht na Gaillimhe.

Fág freagra ar 'An Cheathrú Rua, an Daingean, agus Gaoth Dobhair i measc na n-áiteanna is measa truailliú solais sa Ghaeltacht'