Shíl mé go raibh gach rud a d’fhéadfadh a bheith ar eolas ag duine ar eolas agam faoin bpeirspictíocht san fhicsean: an chéad, an dara, agus an tríú pearsa (an ceann deireanach sin ar fáil sna blasanna ‘teoranta’, ‘uilefheasach’ agus gach blas idir eatarthu.)
Ansin, agus mé ar seachrán ar an idirlíon an tseachtain seo, ba bheag nár thit mé den tolg nuair a fuair mé amach go bhfuil a leithéid ann agus an ceathrú pearsa.
Ná bí róchrua ort féin má thit tú féin den tolg anois díreach nuair a léigh tú an méid sin thuas. Peirspictíocht atá sa cheathrú pearsa nach bhfuil tagtha chun cinn ach le blianta beaga anuas, níl sí coitianta (agus ní bheidh) agus ní dócha go bhfuil sí á múineadh ar aon chúrsa scríbhneoireachta.
Is éard atá i gceist ná peirspictíocht a insíonn scéal ó phointe féachana daoine anaithnide. An saorbhriathar a chaithfeá a úsáid chun scéal a insint sa cheathrú pearsa i nGaeilge: ‘Táthar ag tarraingt ar chearnóg an mhargaidh ó mhaidin. Cén fáth ar ordaigh an Méara deich gcinn de chrocha a thógáil?’
Sampla den cheathrú pearsa freisin ‘Déarfadh duine ar bith leat gur don fhreasúra a tógadh iad.’
Sa Bhéarla, bhainfeá úsáid as ‘one’, sa Fhraincis as ‘on’; sa Ghearmáinis as ‘man’.
Anaithnideacht lucht inste an scéil an phríomhghné a bhaineann leis an gceathrú pearsa, agus sin é go díreach an fáth nár chóir úsáid a bhaint as ach i gcásanna fíoreisceachtúla. Scéal atá á insint ag duine ar leith a theastaíonn ón léitheoir go hiondúil, seachas scéal a d’fhéadfadh a bheith á insint ag duine ar bith.
Mar sin féin, d’fhéadfadh scéal a bheadh inste ag ‘duine ar bith’ oibriú amach go maith i gcásanna áirithe: má bhíonn cúis mhaith ag lucht inste an scéil a chur i bhfolach orainn cé hiad féin, pobal faoi chois i ndeachtóireacht mar shampla, agus sa chás sin cothóidh úsáid an cheathrú phearsa mothúchán diostóipeach.
Chun rudaí a dhéanamh níos casta fós, táthar ann a deir gur leagan den cheathrú pearsa an pheirspictíocht ar a dtabharfainn féin an tríú pearsa iolra: muid. ‘Chuamar go dtí an chearnóg inár sluaite. Bhí sluaite eile romhainn, gach duine againn faoi gheasa ag na crocha arda, a bhí folamh fós.’
Ach oiread leis an dara pearsa, modh inste atá sa cheathrú pearsa a mheallann an t-uafás airde air féin agus a mheabhróidh don léitheoir i ngach uile abairt go bhfuil an scríbhneoir i mbun oibre go crua – agus i 99 faoin gcéad de na cásanna, sin é go díreach nach bhfuil uait.
Shamhlóinn freisin go mbeadh úrscéal nó go deimhin rud ar bith níos faide ná trí leathanach sa cheathrú pearsa doléite, ach le teacht chun cinn an fhíor-ghearrfhicsin le blianta beaga anuas, seans go mbeidh borradh faoin gceathrú pearsa fós. Cá bhfios nach gcríochnóidh mé féin scéal na gcroch sin lá éigin.
Fág freagra ar 'An chéad, an dara, an tríú … agus an ceathrú pearsa? '