An bua ag an ‘conman’ ar an ‘old man’ – drochoíche do Joe Biden

Don Uachtarán Joe Biden agus don Pháirtí Daonlathach tubaiste amach is amach a bhí sa chéad díospóireacht uachtaránachta i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus tá caint tosaithe cheana faoi iarrthóir nua a fháil don pháirtí

An bua ag an ‘conman’ ar an ‘old man’ – drochoíche do Joe Biden

“Let’s not act like children,” arsa Donald Trump agus bhí buaic na híoróine bainte amach againn i ndíospóireacht uachtaránachta Stáit Aontaithe Mheiriceá.

“You are a child,” arsa an tUachtarán Joe Biden agus grinneall na geamaireachta truamhéalaí sroichte againn.

Ag argóint faoi cé acu an galfaire is fearr a bhí an bheirt atá ag iarraidh go dtoghfaí mar Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá iad. Chaitheadar tamall gearr díreach ina dhiaidh ag argóint faoi cé acu is túisce a thosnódh an triú cogadh domhanda.

Ach an méad a chuaigh roimhe sin a d’fhág gur tubaiste amach is amach a bhí sa díospóireacht seo don Uachtarán Joe Biden agus don Pháirtí Daonlathach, a bhfuil ceisteanna fíorchrua le plé acu.

Bhí go leor cainte le tamall faoina thábhachtaí is a bhí an díospóireacht seo.

An chéad díospóireacht idir uachtarán agus iaruachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá a bhí inti. Ina theannta sin, ba dhíospóireacht í idir an t-uachtarán is sine riamh ar Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an té a bhainfeadh an chraobh sin de roimh dheireadh a chéad théarma dá n-éireodh leis.

Mar a tharla chaith an bheirt cuid mhaith ama i mbun argóna faoi ghné eile den stair, cé acu an t-uachtarán is measa riamh.

Ó thús na díospóireachta, bhí Biden stadach neamhchinnte éaglórach. Bhí cuma na haoise air. Bheadh trua agat dó. Bhí sé deacair féachaint air.

Timpeall leathshlí tríd an díospóireacht in Atlanta Georgia, dúirt Trump gan frapa gan taca, “I didn’t have sex with a porn star.”

“You have the morals of an alley cat,” a dúirt Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá leis.

De ghnáth bheadh an méid sin féin ina ábhar cainte go ceann i bhfad, mír chinniúnach i ndíospóireacht stairiúil.

Ach is ar éigean gur fiú a bheith ag déanamh anailíse ar a leithéid nó ag seiceáil na bhfíricí faoi na polasaithe nuair gurb é príomhscéal na díospóireachta ná teip léanmhar Joe Biden agus a bhoichte is a bhí an plé faoi ábhair thromchúiseacha éagsúla. Cé dó a vótálfadh duine óg a thacaíonn le cás mhuintir na Palaistíne, mar shampla?

“And by the way…” a dúirt an tUachtarán Biden ag pointe amháin…

D’fhéach sé isteach sa cheamara agus tost a lean. Chuirfeadh sé i gcuimhne duit an scéal grinn a bhíodh ag an bhfuirseoir Seán Hughes faoin meisceoir a déarfadh mar thús lena chéad chomhrá le strainséir sa phub, ‘And another thing…”.

D’fhéadfaí cás a dhéanamh go raibh níos mó céille agus níos mó den fhírinne ag baint le go leor dá raibh le rá ag Biden faoi na ceisteanna a bhí faoi chaibidil acu, ach ba chuma.

Má bhí lucht Trump ag iarraidh reifreann faoi shláinte intinne Biden a dhéanamh den díospóireacht d’éirigh leo, agus níorbh é a n-iarrthóir féin ba chúis lena mbua. Cé gur chuaigh Biden i bhfeabhas ábhairín de réir mar a chaill Trump guaim air fhéin, bhí sé chomh scaipthe lag sin go ndéanfá dearmad ar an amadán breallach ar thaobh na láimhe clé den scáileán.

Bhí Donald Trump ina Donald Trump.

Chaith sé an díospóireacht ag rámhaille, ag scilligeadh éithigh agus ag déanamh áibhéile faoin áibhéil a bhí á déanamh aige. Sheachain sé nach mór gach aon cheist a cuireadh air.

An príomhchuspóir a bhí ag Biden a chruthú do lucht an amhrais go raibh sé ar a chiall a dhóthain agus go raibh dóthain fuinnimh ann chun a bheith ina uachtarán arís. Bhí fuar aige.

Mar is gnáth, bhí na consain agus na gutaí ag teacht as béal Trump faoi mar a bheidís ag titim as mála Scrabble a d’iompófá bunoscionn, ach níorbh iad a ruthaig chainte a tharraingeodh d’aird ar an scáileán roinnte an turas seo ach Joe Biden ag cruachan in aghaidh na hanachaine agus na haoise.

Ní den chéad uair, dhiúltaigh Trump os comhair an tsaoil mhóir a rá go nglacfadh sé le guth an phobail dá gcaillfeadh sé an toghchán.

Ach ba chuma.

Ag tosach an allagair a leagadh síos an tslí a bheadh an chuid eile de. “We finally beat Medicare,” a spalp Biden amach de phreab agus ciorruithe cánach Trump do lucht an rachmais á gcáineadh aige.

“He did beat Medicare,” arsa Trump. “He beat it to death, and he’s destroying Medicare.”

Bhí an caighdeán a bhí leagtha síos do Biden ag daoine áirithe chomh híseal sin go mba dhóigh leat gur bua mór a bheadh ann dá n-éireodh leis fanacht ina dhúiseacht agus tuiscint éigin a léiriú ar na bunfhíricí.

Bíonn an caighdeán níos ísle fós do Trump, fear a ciontaíodh le déanaí i 34 cúis choiriúil agus an chéad uachtarán ar a thír ar deineadh táinseamh faoi dhó air.

An té nach mbeirtear air téann sé i ndánaíocht, a deirtear, ach a mhalairt atá fíor i gcás Trump. Is fada ó bhí aon duine ag súil go léireodh Donald Trump go raibh tuiscint aige ar na bunfhíricí, nó go n-aithneodh sé fiú go bhfuil a leithéid ann.

Is beag an bhuairt a chuireann sin go léir ar a lucht tacaíochta dílis, ach níor dhein Trump faic anocht chun na measarthaigh a mhealladh.

Ba chuma.

Bhí an-oíche aige agus sin an fáth go bhfuil scaoll tagtha ar na Daonlathaigh agus caint tosaithe faoi dhul i muinín iarrthóra eile.

Níl ach trí bliana idir Biden agus Trump, ach cruinn go maith a bhí an tráchtaire a thug ‘the old man versus the conman’ ar an gcoimhlint eatarthu.

Bhí an oíche leis an ‘conman’ gan braon allais a shileadh.

“Something snapped in you when you lost the last time,” a dúirt Biden le Trump i dtreo dheireadh na díospóireachta. An rud is annamh is iontach, pointe soiléir gonta.

Ach cé a éisteoidh anois leis?

 

Fág freagra ar 'An bua ag an ‘conman’ ar an ‘old man’ – drochoíche do Joe Biden'

  • Bíodh ceart vótála ag na zombaithe

    …’agus tá caint tosaithe cheana faoi iarrthóir nua a fháil don pháirtí’, caint tosaithe cheana seachas roimh an toghchán deiridh, go bhfóire Dia orainn. Is ábhar mór náire díreach an méid sin, méid a thugann le fios nach bhfuil meas madaidh ag na ‘Daonlathaigh’ ar an daonlathas agus go réitíonn sé leo puipéad sa tarna leanbaíocht a bheith sa teach bán ach an chumhacht a bheith ag ciorcal órga ag barr an pháirtí seachas ag an namhad polaitiúil, ‘s gan ann sa namhad sin ach frithchaitheamh i scáthán an chluiche twiddle-dum twiddle-dummer atá déanta de pholaitíocht SAM le fada an lá. Gach aon amadán ag déanamh comhghairdeas leis féin de réir a rogha comharthaíochta suáilce seachas an difear idir beart agus briathar a aithint. Mharaigh Obama tuilleadh ná Trump mar shampla, chuir sé an ruaig ar thuilleadh imirceach mídhleathach ná Trump ach sin an tástáil le feiceáil an bhfuil an pobal ina chodladh. Lig d’amadán A an beart a dhéanamh agus é a shéanadh, lig d’amadán B an beart a éileamh ach faic a dhéanamh agus amharc ar bhithiúnaigh an tsaoil ag iarraidh céannacht an deabhail a thomhas; é i mbun na dtéad taobh thiar den dá phuipéad i gcónaí dar ndóigh. Ceap náire é d’éinne a chaith vóta do Biden an uair dheireanach agus a chum gach aon sórt leithscéil ar a shon le 4 bliana anuas. I dtaca leis an dímheas sin ar an daonlathas, an bhfuil sé dáiríre chomh deacair sin a chreidiúint gur goideadh an toghchán deiridh mar chuid den seó, mar thástáil chumhachta? Is ceap magaidh é an córas ar fad. Ba é JFK, bíodh sé maith nó olc, agus a dúnmharaíodh dar ndóigh, an tUachtarán deiridh ar SAM, gach éinne eile ó shin ina aisteoir nó ina phuipéad don bhunaíocht lofa mhíleata/bhaincéireachta idirnáisiúnta, cibé ainm is ceart a thabhairt air, mammon b’fhéidir.

  • JP

    333.35 milliún duine daonra SAM anois agus rogha an dá dhíogha seo, an dá dhríodar seo, mar uachtarán acu.
    Duibheagán an éadóchais sroichte….agus is baolach dúinn uile é agus iad.
    Sár-alt, géar gonta gaoiseach.

  • Carraig

    Ar mhaith leatsa an post sin a bheith agat dá mbeadh na ceithre scór slánaithe agat?
    Cén sórt seanduine a shanntódh post mar sin?
    An dtuigeann ceachtar acu nach dtéann cumhacht an duine thar achar áirithe? Nó an gcreideann siad go bhfaighidh siad bás in ao’ chor?
    Nach léiriú í an bhligeardaíocht seo ar fad ar an ngreim damanta atá ag an gcumhacht ar intinn an duine?

  • Fearn

    Mol gort is ná mol geamhar nó ní hionann gleo catha agus briseadh cogaidh.
    Tiocfaidh Joe fós.