

Bhuaigh foireann iománaíochta na Rinne cluiche ceannais idirmheánach an chontae inné nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Chluain Fhia i bPáirc an Bhreathnaigh, 0-18 - 0-13. Ba é Donie Breathnach laoch na himeartha gan aon agó. 14 cúilín a fuair naoscaire na foirne Gaeltachta. Tabharfaidh An Rinn aghaidh ar Cjill Mháille, Inis, i gcluiche leathcheannais na Mumhan an tseachtain seo chugainn. Pictiúr: Seán Byrne/Déise Sport
Foireann na Rinne ag ceiliúradh a mbua. Pictiúr: Seán Byrne/Déise Sport