Tonn ollmhór ghorm nó ‘blúnámaí’? Is cuma cad a thugtar ar bhua forleathan agus cuimsitheach na daonlathach sna toghcháin lár téarma, caithfear brí an bhua a mheá go cúramach.
Achasán ollmhór atá tugtha ag cosmhuintir na tríe trí chéile dá n-Uachtarán. D’impigh Donald Trump ar a luchta tacaíochta a shamhlú go raibh a ainm féin ar an mballóid agus is amhlaidh go ndearna siad díreach mar a d’iarr sé. Cé gur gnáthrud é go dtiteann leibhéal tacaíochta aon rialtas i lár a théarma in oifig, dhein Trump deimhin de go raibh na toghcháin seo ina reifreann air féin agus fuair sé freagra iontach soiléir, ach ceann tubaisteach nach raibh sé ag tnúth leis. “I was a little bit surprised,” ar seisean le Fox News. Dáiríre?
Bhí vótóirí traidisiúnta Trump chomh mór sin ar buile leis — maidir leis an gcostas maireachtála, an chogaíocht gan chiall ná críoch, an ghéarchéim sa gheilleagar agus lear mór geallúintí briste lena n-ais — go mba róchuma leo a rogha iarrthóirí ar an bpáipéar ballóide a bheith aerach, Moslamach, Giúdach, baineann nó gorm. Agus is dá réir gur toghadh leithéidí Chris Pappas (Daon. NH), an chéad fear aerach gan cheilt a bheidh ina chomhalta den Seanad. Chuige sin a toghadh an Dr. Abdul El-Sayed (Daon. MI), an chéad Mhoslamach sa Seanad. Agus is dá bharr a toghadh beirt dubha ina ngobharnóirí ar stáit dhearga; Keisha Lance Bottoms i gcás Georgia, agus Byron Donalds i gcás Florida.
Liosta le háireamh iad na torthaí stairiúla gan fasach ar fud fad na Stáit Aontaithe ach ba bhotún dúinn a cheapadh gurb ionann é agus an tír trí chéile ag casadh i dtreo na heite clé. Tá creidiúint mhór ag dul do na hiarrthóirí ar ardchaighdeán a sheas don Pháirtí Daonlathach agus a bhuaigh suíocháin. Ach caithfear cuid mhór den chreidiúint a roinnt leis an bhfear nach raibh ar an bpáipéar vótála ach a bhí in aigne ag na vótóirí inné.
Bhí ‘an phian’ a bhraith daoine ‘ina bpóca’ níos géire ná aon chlaonadh ná aon chiníochas ba dhual dóibh go dtí seo.
Tháinig siad ar an dtuairim go gcaithfidh aon rud a bheith níos fearr ná an status quo agus chuaigh siad sa tseans ar pháirtí agus ar iarrthóirí nach dtabharfadh siad tacaíocht go deo dóibh de ghnáth. An dara rogha a bhí ann ná fanacht sa bhaile. B’iad lucht tréigthe Trump a rinne an difríocht chinniúnach sna toghcheantair agus stáit is deirge sa tír.
Rinne an tUachtarán Trump agus an Roinn Dlí a seacht ndícheall gach bac agus constaic a chur sa bhealach ar an gcóras toghchánaíochta agus ar na vótóirí féin. I measc na seifteanna acu, seoladh 1,000 oifigeach ón Roinn Dlí amach ar fud na tíre chun monatóireacht a dhéanamh ar ionaid vótála (tá in aghaidh an dlí teacht níos gaire ná 100 troigh den doras). D’éiligh siad seilbh ar 20,000 páipéar ballóide i gCalifornia a mhaígh siad gur ghá iad a scrúdú mar go mb’fhéidir gur eisíodh le daoine nár saoránaigh de chuid SAM iad. Chuir cúirt fheidearálach stop leis an iarracht sin.
Bhuaigh an daonlathas i Stáit Aontaithe Mheiriceá ar an 3 Samhain 2026, le tacaíocht na Bunreachta, na gcúirteanna, na 50 stáit féin, agus gnáth-chosmhuintir na tír a thig ar deireadh go bhfuil an chumhacht is tábhachtaí ina lámha féin – an vóta pearsanta. Ar an lá cinniúnach seo d’úsáid siad a vóta chun iad féin, a gcomharsana, a mbailte, agus a náisiún a chosaint ón ndeachtóireacht. Bhain siad leas as saoirse an tsaoránaigh leag na bunaitheoirí síos ó thús.
Neosfaidh aimsir cén freagra dáiríre a bheidh ag Trump ar an gcailliúnt seo, go háirithe le linn na tréimhse dainséaraí as seo go dtí teacht i réim na Comhdhála nua ar an 3 Eanáir 2027.
Neosfaidh an aimsir freisin cén plean a bheidh ag na Daonlathaigh cosa a chur faoin gheilleagar na tíre arís agus airgead a chur ar ais i bpócaí na cosmhuintire a thug vóta ollmhór muiníne dóibh.
Tús maith, ach leath na hoibre.
Fág freagra ar 'An bhrí leis an ‘blúnámaí‘ i dtoghcháin SAM'