Tuairisc i measc na mbuaiteoirí ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais

Bhí ceathrar de scríbhneoirí Tuairisc ina measc siúd a bhuaigh gradaim ag an ócáid bhronnta i gCill Airne anocht

Tuairisc i measc na mbuaiteoirí ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais

Bhí údar ceiliúrtha ann do Tuairisc ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais a bhí ar siúl i gCill Airne anocht agus trí cinn de ghradaim buaite ag scríbhneoirí na seirbhíse nuachta.

Roghnaíodh Darren Ó Dubhgáin mar ‘Iriseoir na Bliana’, bhuaigh Alex Hijmans an gradam do ‘Colúnaí na Bliana’ agus bronnadh Buaicghradam Cumarsáide an Oireachtais ar Chathal Mac Coille.

Máirín Ní Ghadhra, colúnaí eile de chuid Tuairisc, a thug léi an gradam do ‘Craoltóir Solabhartha na Bliana’.

Cathal Mac Coille

14 duais ar fad a bronnadh ag an ócáid a reáchtáladh in Óstán an Gleneagle.

Rossa Ó Sioradáin, craoltóir le Raidió na Life a chuireann an clár Fios Feasa i láthair, a thug leis an duais do ‘Phearsa Raidió na Bliana’ agus bhuaigh Gráinne Holland, láithreoir Scoil Choille, an gradam sa rannóg ‘Pearsa Teilifíse na Bliana’.

Mo Shaol, Do Shaol, a léirigh Macalla Teoranta do TG4, a thug leis an gradam sa rannóg ‘Sraith Teilifíse do Dhaoine Óga’.

Darren Ó Dubhgáin

Oileánach ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a thug an chreach leis as rannóg ‘Sraith Raidió na Bliana’ agus Ceartas Crua, a léirigh Midas Productions do TG4, a bhuaigh an gradam do ‘Sraith Teilifíse na Bliana’.

Bhuaigh Amhráin do mo Mháthair, a léirigh South Wind Blows do TG4. an duais do ‘Clár Teilifíse/Scannán na Bliana’

Alex Hijmans

Is ag Ruaille Buaille le Colm Ferriter ar Highland Radio a bhí an bua sa rannóg ‘Clár Gaeilge na Bliana ar Raidió Tráchtála’ don dara bliain as a chéile.

Bhuaigh TradSoc Takeover, a craoladh ar Flirt FM, an duais sa rannóg ‘Clár Gaeilge na Bliana ar Raidió Pobail’.

Máirín Ní Ghadhra

Ar Laura Ní Aoidhne, aisteoir ar Ros na Rún agus craoltóir le Raidió Fáilte, a bronnadh Gradam Réalta Óg na Bliana, gradam ar vótáil an pobal dó.

Seo thíos liosta iomlán na mbuaiteoirí do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2026.

SCANNÁN / CLÁR / SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA DO DHAOINE ÓGA

Mo Shaol, Do Shaol –  Macalla Teoranta

 

CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ TRÁCHTÁLA 

Ruaille Buaille – Highland Radio

 

IRISEOIR NA BLIANA

Darren Ó Dubhgáin – Tuairisc

 

CLÁR TEILIFÍSE / SCANNÁN NA BLIANA 

Amhráin do mo Mháthair – South Wind Blows

 

PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA

Rossa Ó Sioradáin – Fios Feasa

 

COLÚNAÍ NA BLIANA

Alex Hijmans – Tuairisc

 

CRAOLTÓIR SOLABHARTHA NA BLIANA

Máirín Ní Ghadhra – RTÉ Raidió na Gaeltachta & TG4

 

SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA

Ceartas Crua – Midas Productions

 

SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA

Oileánach – RTÉ Raidió na Gaeltachta

 

PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA

Gráinne Holland – Scoill Choille

 

CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ POBAIL 

TradSoc Takeover – FLIRT FM 101.3

 

CRUTHAITHEOIR GAEILGE NA BLIANA 

Cúán de Búrca

 

RÉALTA ÓG NA BLIANA 

Laura Ní Aoidhne – Ros na Rún & Raidió Fáilte

 

BUAICGHRADAM

Cathal Mac Coille

Fág freagra ar 'Tuairisc i measc na mbuaiteoirí ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais'