Bhí bua mór ag Bhulf Tón i gcluiche ceannais na Mí Dé Domhnaigh ach briseadh croí a bhí i ndán do Naomh Conaill agus cluiche ceannais Dhún na nGall caillte acu le pointe
Bhuaigh Bhulf Tón Craobh Shinsir Peile na Mí den tríú huair riamh ar an Domhnach agus an ceann is fearr faighte acu ar Dhomhnach Mór/Cill Dhéagláin. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Bhí Bhulf Tón i bhfad rómhaith dá gcéilí comhraic agus an cluiche buaite acu ar scór 1-19 in aghaidh 0-12. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Chas iarbhainisteoir na Mí, Seán Boylan, leis na foirne roimh an gcluiche, a imríodh ar pháirc bhaile Dhomhnach Mór/Cill Dhéagláin agus athfhorbairt á déanamh ar Pháirc Tailteann. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Níor chuir an t-athrú sin isteach ar Bhulf Tón agus Oisín Martin (ar dheis) ag cuidiú leo tús maith a chur leis an gcluiche ceannais. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Chuir cúl ó Tom Gavigan sa gcéad leath Bhulf Tón ocht bpointe chun tosaigh. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Laghdaigh Domhnach Mór/Cill Dhéagláin an bhearna roimh an mbriseadh agus an Conallach sa gcúl ag Bhulf Tón, Ciarán Ó Gallachóir, faoi bhrú anseo. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Andrew Colgan agus Shane Melia ó Dhomhnach Mór/Cill Dhéagláin san iomaíocht le lántosach Bhulf Tón, Fiachra Ward. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Bhí rith an ráis le Bhulf Tón sa dara leath agus Saran Ó Fionnagáin i measc na ngaiscíoch. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Zach Thornton agus Caolan Ward. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Farasbarr deich bpointe acu faoin am ar séideadh an feadóg dheireanach. Pictiúr: INPHO/James Crombie
An corn crochta ag Oisín Martin agus Shane Glynn. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Rioghan Ó Beaglaoich agus Eoin Donegan ag ceiliúradh. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Kyle Moran agus a chomrádaithe. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Corn an Dr Mhig Uidhir in airde ag captaen Naomh Adhamhnáin Conor O’Donnell tar éis d’fhir Leitir Ceanainn an ceann is fearr a fháil ar Naomh Conaill i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Dhún na nGall. Pictiúr: INPHO/Andrew Paton
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'Fir Bhulf Tón ina ríthe ar chontae na Mí den tríu huair agus an chraobh shinsir tugtha leo acu arís'