Burnham, an breatimeacht agus bréagargóintí

B’fhéidir gur cheart dúinn fianaise cheart a éileamh nuair a dhéanann polaiteoirí líomhaintí tromchúiseacha

Burnham, an breatimeacht agus bréagargóintí

‘Faillí inár ndualgas.’ Sin mar a chuir Andy Burnham síos ar dhiúltú caidreamh níos dlúithe leis an Aontas Eorpach, cé nach faoi féin ar ndóigh a bhí sé ag caint. Go deimhin, le deich mbliana anuas, tá iarracht déanta ag an mbunaíocht Bhriotanach, agus ag Páirtí an Lucht Oibre go háirithe, an Breatimeacht a choilleadh nó fiú é a aisiompú agus faoi Burnham tá móiminteam gan fasach ag an iarracht sin.

Is sa chomhthéacs sin ba cheart an ‘buama’ Breatimeachta is déanaí ag Burnham a léamh. Maíonn Burnham go bhfuil fianaise ‘shoiléir’ aige gur chuir an Rúis isteach ar reifreann 2016 – rud a thugann le tuiscint gur éirigh le Moscó an vóta a chlaonadh i dtreo imeachta – gan aon sonraí a thabhairt, gan trácht ar fhianaise.

Mar a tharlaíonn, tá a bhfuil ráite ag Burnham séanta go hiomlán ag ceannaire MI5, Ken McCallum. Nach ait nach bhfuair an séanadh sin an clúdach céanna in Éirinn is a fuair ráiteas Burnham.

Tá sé soiléir, áfach, cén aidhm atá ag Burnham leis an ráiteas: toradh an reifrinn a dhídhlisteanú go buan agus ar an gcaoi sin an bealach a réiteach lena aisiompú. Agus cén leithscéal ab fhearr ná an bhagairt Rúiseach?

Tá patrún ag baint lena leithéid. Ó chlis na líomhaintí gur athraigh an Rúis toradh thoghchán Mheiriceá in 2016, is gnáthchleachtas anois é i measc scothaicme an Iarthair, go háirithe san Eoraip, gach toradh toghcháin nach dteastaíonn uathu – agus go háirithe aon athbheartaíocht ‘phobalach’ ar a riail – a chur i leith ‘bréagaisnéis’ agus ‘cur isteach’ na Rúise.

Ar fud na hEorpa, baineadh úsáid as taibhse na bréagaisnéise Rúisí chun réimis chinsireachta a chur i bhfeidhm – go príomha trí Ionstraim Seirbhísí Digiteacha (DSA) an Aontais Eorpaigh – agus uirlisí ‘bainistithe toghcháin’ ar nós Sciath Dhaonlathais na hEorpa.

Tharla an cás is measa sa Rómáin i mí na Nollag 2024 nuair a chuir an Chúirt Bhunreachtúil an chéad bhabhta den toghchán uachtaránachta ar neamhní — babhta a bhuaigh Călin Georgescu, iarrthóir neamhspleách ar eite fhíórdheis a bhí amhrasach faoin Aontas Eorpach agus cáinteach faoi ECAT. An chúis? Líomhaintí gur chuir an Rúis isteach ar an toghchán.

Luaigh an chúirt an feachtas TikTok i bhfabhar Georgescu, ach níor cuireadh aon chruthúnas ar fáil riamh gur mhaoinigh an Rúis é sin. Go deimhin, thaispeáin doiciméid inmheánacha a fuair Coiste Breithiúnais Theach na Stát Aontaithe ina dhiaidh sin go raibh TikTok tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach bhfuair sé “aon fhianaise” ar líonra neamhdhílis comhordaithe.

Tá an tAontas Eorpach, go deimhin, ar thús cadhnaíochta sa treocht údarásach sin: bagairt bhuan na Rúise á hagairt aige chun údar a thabhairt le hionsaí leanúnach a dhéanamh ar ghnásanna daonlathacha.

Mar is gnách leis na cúisimh iomadúla i gcoinne na Rúise, níor thairg Burnham aon fhianaise lena chuid amhrais faoin mBreatimeacht. Mar sin féin, scaipeadh a raibh le rá aige ar fud na meán príomhshrutha.

“Tá amhras orainn le blianta go bhféadfadh cur isteach a bheith déanta ar reifreann 2016 mar gheall ar an gcaoi ar chuidigh a thoradh le hEoraip aontaithe a dhíchobhsú,” a dúirt Richard Kilpatrick ó European Movement UK. “Bhí ról ag bréagaisnéis ag an am agus tá sé tábhachtach an dearbhú poiblí seo ar na hamhrais sin a bheith againn.”

Bheadh fáilte roimh dhearbhú poiblí, nó fianaise, go deimhin – go háirithe ós rud é go.

In 2020, chríochnaigh Elizabeth Denham, a bhí ina coimisinéir faisnéise Briotanach ag an am, imscrúdú trí bliana ar úsáid sonraí pearsanta i bhfeachtais pholaitiúla lena n-áirítear le linn reifreann an Bhreatimeachta, dírithe ar Cambridge Analytica agus a mháthairchuideachta, SCL Group.

Tar éis di breis agus 300,000 doiciméad agus timpeall 700 beart d’ábhar a a scrúdú, thuairiscigh sí nach bhfuair sí “aon fhianaise go raibh baint ag SCL/CA le feachtas reifrinn an Aontais Eorpaigh sa Ríocht Aontaithe” agus nach bhfuair a hoifig “aon fhianaise ar rannpháirtíocht na Rúise” san ábhar a fuarthas ó fhreastalaithe na gcuideachtaí.

Ach tá an Rúis chomh dainséarach sin nach cóir aon ghníomh ina coinne a shrianadh. Agus éinne atá amhrasach faoin líne sin? Caithfidh gur feidhmeannach ar son na Ruise atá ann.

Ní fadhb a bhaineann le Sasana amháin é seo, nó fiú le mór-roinn na hEorpa. Tá ár rialtas féin ag baint leas as an mbagairt mhiotasach Rúiseach seo chun ár neodracht a thruailliú, fáil réidh leis an nGlas Triarach agus sinn féin a cheangal níos dlúithe le hECAT.

B’fhéidir gur cheart dúinn fianaise cheart a éileamh nuair a thagann ár gceannairí polaitiúla amach leis an tseafóid seo.

Fág freagra ar 'Burnham, an breatimeacht agus bréagargóintí'

  • Cormac Ó Dúlacháin

    An mbagairt mhiostasch Rúiseach – cad Tá mhiotasach faoi na busman ag titim ar Kiev oíche in aghaidh Oíche – Níos mó póganna don Rúis ó Eoin.