Trí uair an chloig a mhair an gheáitsíocht in Stormont. Ag a dheireadh ní raibh athrú ar bith ar an status quo ach bhí a racht curtha díobh ag slua de na Teachtaí Tionóil. Rinne teachtaí ionsaithe fíochmhara ar a chéile, go leor cainte faoi sheanfhaltanais. Uaireanta ba chosúil go raibh na Trioblóidí á dtroid arís ach, ar ámharaí an tsaoil, gur le briathra é an uair seo.
Galamaisíocht iad vótaí mímhuiníne i bparlaimintí éagsúla go minic, fios maith ag moltóirí na rún gur annamh a éiríonn leo. In Stormont ní éireoidh leo in aon chor agus b’in mar bhí oíche Dé Luain nuair a pléadh rúin mhímhuiníne san Chéad-Aire, Michelle O’Neill agus triúr dá comhghleacaithe as Sinn Féin.
Mhol Timothy Gaston ón TUV go ruaigfí Michelle O’Neill, John O’Dowd an tAire Airgeadais, Caoimhe Archibald an tAire Eacnamaíochta agus Liz Kimmins an tAire Infreastruchtúir as oifig go ceann bliana i ngeall ar a bpáirt san léirsiú ar Bhóthar Gharbhachaidh a chuir bac ar mháirseáil na nOráisteach i bPort an Dúnáin. Thacaigh Diane Dodds agus Jonathan Buckley ón DUP agus Jon Burrows ceannaire an UUP leis na rúin.
De réir rialacha imeachta Stormont, ní bheadh feidhm le rún mímhuiníne mura mbeadh tacaíocht aige ó mhóramh aontachtach agus náisiúnach. Vótáil 34 aontachtach ar son na rún agus níor vótáil náisiúnach ar bith ina bhfabhar.
Mhaígh aontachtaithe gur bhris airí Shinn Fein an dlí nuair a bhlocáil siad Bóthar Gharbhachaidh ar an 27 Meán Fómhair agus dá réir gur sháraigh siad a móid oifige. Chualathas go leor faoi choireanna stairiúla agus mí-iompar reatha chomh maith le féinmholadh agus buanna gach cainteora i gcomparáid leis an taobh eile. Mhaígh roinnt aontachtaithe, Timothy Gaston agus Jon Burrows ina measc, go raibh coincheap ‘Éire nua’ scriosta, go bhfuair sé bás ar Bhóthar Gharbhachaidh. Dúirt ionadaithe ó Shinn Féin go raibh deireadh le riail na nOráisteach.
Gnáthphlé ina leithéid de chás, déarfá. ach bhí an naimhdeas nimhiúil. Ba dheacair a bheith muiníneach go mbeadh Stormont feidhmiúil nó nach mbeadh sé níos mífheidhmiúla ná a bhí sé roimhe seo. Tá an t-uafás le déanamh roimh thoghchán na bliana seo chugainn – ar nós buiséad a aontú faoi phráinn- ach an DUP ag bagairt nach ndéanfar obair mar is gnách agus an t-atmaisféar go dona.
Ní ar Shinn Fein amháin a dhírigh Teachta aonair an TUV, Timothy Gaston. Thug sé faoin DUP freisin as a bheith ag coinneáil Sinn Féin i gcumhacht. Níl aon ghlacadh ag Sinn Féin le hOráistigh, aontachtaithe ná dílseoirí, ní léiríonn siad meas ná caoinfhulaingt, ar sé. Ba léir dó nárbh fhiú taca a thabhairt don bhFeidhmeannas. ‘Tá sé in am ag an LeasChéad-Aire, (Emma Little-Pengelly DUP) éirí as agus Michelle O’Neill a bhreith léi.’ Is iad an DUP an t-aon pháirtí, a deir sé, a bhfuil sé ar a gcumas fáil réidh le Michelle O’Neill mar Chéad-Aire.
Níos deireanaí an tseachtain seo beidh go leor de na polaiteoirí a ghlac páirt san léirsiú ar Bhóthar Gharbhachaidh ag bualadh leis na póilíní atá ag fiosrú cé a bhris an dlí. Tá comhairle dlíodóra faighte ag roinnt agus caint ar chosaint in aghaidh aon chúis ar an mbonn go mbíonn easumhlaíocht shibhialta dleathach i gcásanna áirithe. Níl an chonspóid faoin bparáid thart ná baol air; tá cás cúirte eile le héisteacht an tseachtain seo chugainn, tá Jamie Bryson ag fógairt go mbeidh siad ag máirseáil gach áit an bhliain seo chugainn, agus tá aighneas inmheánach san DUP agus iad faoi ionsaí ón TUV. Ach tá Stormont slán, go ceann tamaill ar aon nós.
Fág freagra ar 'Galamaisíocht in Stormont an status quo'